Is cuid den Ard-Chúirt é an Chúirt Tráchtála agus bunaíodh í sa bhliain 2004 chun taifeach díospóide feidhmiúla agus éifeachtaí a sholáthar i gcásanna tráchtála. Tá sé rialaithe ag Ordú 63A de Rialacha na nUaschúirteanna ach go háirithe.
Déileálann an Chúirt Tráchtála leis na cineálacha díospóidí gnó seo a leanas:
Níl aon cheart dhul isteach uathoibríoch ar Liosta Tráchtála na hArd-Chúirte. Tá sé faoi dhiscréid bhreitheamh na Cúirte Tráchtála.
Baineann an Chúirt úsáid as córas bainistithe cáis mhin atá deartha chun an ullmhúchán do thriail a luathú, costais nach bhfuil ag teastáil agus beartaíochtaí loichte a bhaint den phróiseas, agus nochtadh réamh-thrialach iomláin a chinntiú. Is féidir leis an mbreitheamh imeachtaí a chur ar athló go dtí suas go 28 lá chun taifeach na díospóide a éascú trí thaifeach díospóide de shaghas éigin eile, cosúil le hidirghabháil, idir-réiteach nó eadráin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.