Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > An toghairm shibhialta

Print Page Send to a Friend

An toghairm shibhialta

Eolas

Eisítear toghairm shibhialta chun imeachtaí a thosú sa Chúirt Dúiche. Go hiondúil ullmhaíonn aturnae an Chomhghearánaí toghairm shibhialta. Caithfear an stampdhleacht a íoc ar an toghairm shibhialta ansin agus déanfaidh Oifig na Cúirte Dúiche dáta, am agus áit na h-éisteachta cúirte a scríobh uirthi.

Ansin caithfear an toghairm shibhialta a sheirbheáil ar an gCosantóir. Tá bealaí éagsúla chun an Bille Sibhialta a sheirbheáil:

  • Is féidir leat cóip den Bhille Sibhialta a thabhairt don Chosantóir go pearsanta
  • Is féidir cóip den toghairm a thabhairt do bhean nó d'fhear an Chosantóra, nó do pháiste, fhostaí nó ghníomhaire sa teach cónaithe nó láthair oibre fad is nach bhfuil an duine sin faoi 16 bliain d'aois.
  • Is féidir leat cóip a chur sa phost cláraithe réamhíoctha chuig an seoladh cónaithe nó oibre ba dhéanaí a raibh an Cosantóir ann.

Má bhaineann tú úsáid as ceachtar de na céad dhá bhealach, caithfidh tú é a dhéanamh 14 lá ar a laghad roimh dháta na h-éisteachta cúirte. Má úsáideann tú an post cláraithe réamhíoctha chun é a sheirbheáil, caithfear é a dhéanamh 21 lá ar a laghad roimh dháta na h-éisteachta.

Rialacha

Caithfidh an t-eolas seo a leanas a bheith sa toghairm shibhialta:

  • Cur síos ar na páirtithe. Caithfidh sloinne, ainm, teach cónaithe nó áit ghnó chomh maith le gairm an Ghearánaí agus an Chosantóra a bheith ar an mBille.
  • Ráiteas an éilimh. Ba chóir go leagfadh an toghairm amach na líomhaintí atá á déanamh ag an gComhghearánaí. Ba chóir go gcuirfeadh sé in iúl don Chosantóir go bhfuil cás le freagairt aige.
  • Cuirfidh an toghairm in iúl an méid a bhfuil an Comhghearánaí i dteideal dó dar leis (nach féidir leis 6,348.69 euro a shárú) nó caithfidh sé a rá go bhfuil éileamh an Chomhghearánaí teoranta ag dlínse na Cúirte. Ní féidir leis an Comhghearánaí níos mo ná 6,348.69 a lorg ón gCúirt Dúiche.
  • Caithfidh an toghairm limistéar na Cúirte Dúiche cuí ina bhfuil an t-éileamh á dhéanamh a léiriú.
  • Cuirfidh an toghairm an áit, an dáta agus an tam a mbeidh éisteacht na cúirte ar siúl.
  • Ba chóir go gcuirfeadh an toghairm in iúl nach leanfar leis na himeachtaí má íocann an Cosantóir an méid éilithe chomh maith leis na costais taobh istigh de 10 lá tar éis seirbheáil na toghairme.
  • Caithfidh dhá Fhógra go bhfuiltear chun an cás a chosaint inscartha a bheith sa toghairm agus caithfidh sí a shoiléiriú céard a bheas ar an gCosantóir a dhéanamh má chuireann sé in aghaidh an éilimh.
  • Caithfidh an Bille a bheith dátaithe agus sínithe ag an gComhghearánaí nó ag a aturnae.

Rataí

Caithfidh stampdhleacht 15 euro a íoc nuair a eisítear Toghairm Shibhialta.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Toghairm thionscnaimh
    Toghairm a chuireann tús le himeachtaí sibhialta san Ard Chúirt is ea an toghairm thionscnaimh.
  • Billí Sibhialta
    Cuireann an doiciméad seo síos ar an "mBille Sibhialta", dociméad nár mhór duit a sheirbheáil ar an gCosantóir chun imeachtaí a thosú sa Chúirt Chuarda.
  • Ráiteas Éilimh
    Doiciméad is ea an Ráiteas Éilimh a léiríonn don Chosantóir an cás atá á dhéanamh ina aghaidh, nár mhór dó a fhreagairt sa chúirt.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.