Clár Athstiúrtha na nGardaí don Óige

Eolas

Bhunaigh Acht na Leanaí 2001 an Clár Athstiúrtha na nGardaí don Óige go foirmiúil in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an gclár seo cosc a chur ar chiontóirí óga in Éirinn ag dul isteach sa chóras ceartais choiriúil iomlán. Déantar é seo trí sheans eile a thabhairt do na ciontóirí óga. Is é atá mar thoradh beartaithe ag an gClár ná go ndéanfar ógánaigh a atreorú ionas nach ndéanfaidh siad tuilleadh cionta. I gcás go mbíonn ar na Gardaí Síochána déileáil le hógánaigh de bharr a ngníomhaíochta coiriúla, féadfar déileáil leo tríd an gClár Athstiúrtha.

Cuidíonn an Clár le daoine óga faoi bhun 17 mbliana d'aois ach féadfar é a shíneadh amach chun freastal orthu siúd atá faoi bhun 18 mbliana d'aois. Leag Ailt 17–51 d'Acht na Leanaí 2001 aidhm agus cúram an Chláir Athstiúrtha don Óigeamach. Rinne Ailt 123–127 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 leasú ar Acht 2001 i Márta 2007, sa chaoi agus go bhféadfadh an clár freastal ar leanaí a ghlacann freagracht as ucht a ngíomhaíochta frith-shóisialta. D'ardaigh Acht 2006 aois na freagrachta coiriúla ó 12 bliana d'aois ach, ina theannta seo, thug sé deis don chlár freastal ar leanaí nach raibh ach 10 nó 11 bliana d'aois.

D'eascair an clár athstiúrthareatha as scéim neamhfhoirmiúil a d'fheidhmigh ar bhonn neamhreachtúil ó na luath seascaidí. Thug an scéim sin deis do na gardaí le déileáil go neamhfhoirmiúil le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a raibh cionta coiriúla déanta acu. Is é a bhí mar aidhm ag an mbunscéim ná cosc a chur ar ógchiontóirí ag dul isteach i gCóras na gCúirteanna agus ag tabhú taifid choiriúil.

Tá oiliúint speisialta curtha ar na Gardaí a reachtálann An Clár Athstiúrtha don Óige. Oifigigh Idirchaidrimh don Óige a thugaimid ar na Gardaí sin (JLO). Cuirtear oiliúint speisialta ar na gardaí seo chun déileáil le daoine óga agus lena gclanna faoi chosc ar choireanna, feidhmiú an chláir athstiúrtha agus faoi na cúrsaí uilig eile a bhfuil baint acu le daoine óga agus an córas ceartais choiriúil. Tá Oifigeach Idirchaidrimh don Óige i ngach uile cheantar Garda in Éirinn agus tá dualgas orthu teagmháil neamhfhoirmiúil a choimeád le daoine óga a bheadh i mbaol, agus comhoibriú le múinteoirí, le foireann an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, le hoifigigh freastail scoile agus le gardaí eile ina gceantair áitiúla.

An chaoi ina bhfeidhmíonn an clár

Cé atá freagrach as an gClár Athstiúrtha don Óige?

Tá freagracht iomlán ar Oifig Náisiúnta na nÓgchiontóirí i leith fheidhmiú an Chláir Athstiúrtha don Óige. Tá sé seo mar chuid den Rannóg Chaidrimh Pobail de chuid na nGardaí Síochána agus tá sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh an Oifig i 1991. Tá Oifig Náisiúnta na nÓgchiontóirí de chuid na nGardaí freagrach as comhoibriú a dhéanamh le forais dheonacha agus reachtúla i dtaobh leas daoine óga, as teagmhálacha le hoifigigh freastail scoile a fhorbairt, as cláir a cheapadh d'ógánaigh i mbaol chun coireanna a chosc agus as cuntas a choimeád agus scrúdú a dhéanamh ar chásanna ina bhfuil ógánaigh ar iarraidh ón mbaile.

Cén chaoi a bhfeidhmíonn an clár athstiúrtha?

Is é an smaoineamh is bun leis an gClár Athstiúrtha don Óige ná go mbeifear in ann déileáil le daoine óga a dhéanann cionta coiriúla trí rabhadh a thabhairt dóibh in áit a bheith ag úsáid an phróisis fhoirmiúil mar atá cúiseamh agus ionchúiseamh. Foláireamh a thugann na Gardaí Síochána in aghaidh cineálacha áirithe iompraíochta is ea an rabhadh.

Déanann JLO maoirseacht ar ógánach má tá an socrú sin feiliúnach.

Féadfar comhdhálacha a reachtáil tríd an gclár, a bheadh in ann idirghabháil a dhéanamh idir an leanbh agus an t-íospartach nuair a bheadh sé sin oiriúnach, agus a bheadh in ann plean gníomhaíochta a chur le chéile don leanbh.

Cé a dhéanann an cinneadh chun ógánach a ligean isteach sa chlár?

Sula ligtear ógánach isteach sa chlár, leagtar dualgas ar JLO chun oiriúnacht an óganaigh sin le bheith rannpháirteach sa chlár a mheas. Ní mór don ógánach admháil go raibh sé bainteach leis an gcion sula ndéantar an t-ógánach a mheas le haghaidh oiriúnachta don chlár. Cinntear i ndiaidh na meastóireachta sin, ar cheart nó nár cheart rabhadh a riaradh.

Tá sé tábhachtach a nótáil go ndéanann Stiúrthóir Oifig Náisiúnta na nÓgchiontóirí an cinneadh deireanach maidir le rabhadh a thabhairt do dhuine óg , agus nach iad na Gardaí Síochána a dhéanann é. Ní mór toiliú a fháil ó Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí, áfach, sula dtugtar aon rabhadh i gcásanna ina bhfuil tromchoireanna i gceist. Má chineann Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí gan ógánach a ligean isteach sa Chlár Athstiúrtha don Óige de bharr nádúr tromchúiseach an chiona, déileálann an córas ceartais choiriúil leis an óganach trí mheán cúisimh agus ionchúisimh.

Nuair atá an JLO ag déanamh meastóireachta chun ógánach a ligean isteach sa chlár, téann sé/sí i gcomhairle le tuismitheoirí nó le caomhnóirí an ógánaigh, agus d'fhéadfadh sé/sí dul i gcomhairle leis an íospartach chomh maith. Cé nach bhfuil toiliú an íospartaigh ag teastáil chun rabhadh a riaradh, is gnách go mbíonn toiliú an tuismitheora nó an chaomhnóra ag teastáil.

Céard iad na coinníollacha gur gá a chomhlíonadh sula ligfear ógánach isteach sa chlár?

Cineann Stiúrthóir Oifig Náisiúnta na nÓgchiontóirí ar chóir nó nár chóir ógánach a ligean isteach sa chlár a luaithe agus a chomhlíontar na réamhchoinníollacha, seachas i gcás cionta tromchúiseacha nuair ag Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí atá an cinneadh.

Tá trí bhunchritéir leagtha síos nár mhór d'óganach a shásamh sula mbeadh sé/sí i dteideal a bheith ligthe isteach sa chlár:

  • Ní mór don óganach freagracht a ghlacadh as ucht a g(h)níomhaíochta coiriúla.
  • Ní mór don ógánach toiliú go dtabharfar rabhadh dóibh, agus do ndéanfaidh oifigeach idirchaidrimh don óige maoirseacht orthu.
  • Ní mór go mbeadh aois na freagrachta coiriúla slánaithe ag an ógánach agus go mbeadh sé/sí faoi bhun 18 mbliana d'aois. Tá leanaí 10 nó 11 bliana d'aois i dteideal a bheith ligthe isteach sa chlár de réir an Achta um Cheartas Coiriúil 2006.

Ní mór don Stiúrthóir treoir a thabhairt do JLO chun fógra scríofa a thabhairt do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí ógánaigh a ligtear isteach sa chlár. Sonraítear cén cineál gníomhaíocht coiriúla a chúisigh riaradh an rabhaidh san fhógra sin. Sonraíonn sé cé acu rabhadh foirmiúil nó neamhfhoirmiúil a bheidh i gceist chomh maith. Ní mór do na tuismitheoirí nó caomhnóirí a bheith i láthair ag an bpróiseas rabhaidh.

Ní mór don fógra a bheith i scríbhinn agus anuas ar seo, dearbhaíonn an Stiúrthóir go scríobhtar an fógra i dteanga a thuigfidh na tuismitheoirí nó na caomhnóirí, a chialaíonn go bhféadfadh an fógra a bheith tugtha i máthairtheanga na dtuismitheoirí nó na gcaomhnóirí. Tabharfar fógra trí Ghaeilge do leanaí ó cheantair Ghaeltachta nó do leanaí a bhfuil Gaeilge mar chéad teanga acu.

An bhfuil aon chosaint ag leanaí a bhíonn rannpháirteach sa chlár?

Tá cosaint ag aon ógánach a ligeadh isteach i gClár Athstiúrtha don Óige na nGardaí ar ionchúiseamh de bharr na gníomhaíochta coiriúla a raibh a cead isteach sa chlár mar thoradh uirthi sa chéad áit. Ní bheidh fáil ag aon imeachtaí coiriúla nó sibhialta ar an bhfreagracht a ghlac an t-ógánach i dtaobh a g(h)níomhaíochta coiriúla ionas go ligfear isteach sa chlár é/í. De réir Ailt 126 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006, áfach, féadfar an fhianaise seo a úsáid i gcás go bhfuil an chúirt ag socrú cén phianbhreith a thabharfar i leith cion a rinneadh i ndiaidh don ógánach a bheith ligthe isteach sa chlár.

Ní dhéantar aitheantas ógánaigh ar bith a ligtear isteach sa chlár nó a mheastar don chlár a nochtadh go poiblí. Tá aon duine a fhoilsíonn nó a chraolann faisnéis dá leithéid ciontach i gcion.

Rabhaidh

An bhfuil cineálacha éagsúla rabhadh ann?

Féadfar dhá chineál rabhaidh a thabhairt; foirmiúil nó neamhfhoirmiúil. Stiúrthóir an Chláir a chinneann an cóir rabhadh foirmiúil nó neamhfhoirmiúil a riaradh agus braithfidh a c(h)inneadh ar thromhúiseacht iompraíocht an ógánaigh.

Conas a thugtar rabhadh foirmiúil?

Cigire de chuid na nGardaí nó Garda níos sinsearaí a thugann an rabhadh. Ní mór don ógánach, do thuismitheoirí nó caomhnóirí an ógánaigh agus don JLO a bheith i láthair agus an rabhadh á thabhairt. Féadfaidh Stiúrthóir an Chláir cuireadh a thabhairt d'íospartach an chiona le bheith i láthair chomh maith.

Ní gá an rabhadh a thabhairt ar aon bhealach áirithe ( is é sin le rá nach bhfuil aon fhoclaíocht nó nós imeachta ar leith ann). Is gnách go ndéanann an t-oifigeach a thugann an rabhadh an ghníomhaíocht choiriúil a phlé, áfach, agus go léirítear don ógánach cé chomh tromchúiseach agus atá a g(h)níomhaíochtaí. Féadfar cuireadh a thabhairt don ógánach le leithscéal a ghabháil leis an íospartach, agus cúiteamh airgeadais nó cúiteamh de chineál eile a thabhairt don íospartach. Tugtar an rabhadh foirmiúil i stáisiún na nGardaí de ghnáth ionas go dtuigfidh an t-ógánach go bhfuil an cás tromchúiseach.

Conas a thugtar rabhadh neamhfhoirmiúil?

Tugtar rabhadh neamhfhoirmiúil i gcás gníomhaíochta coiriúla nach bhfuil chomh tromchúiseach sin agus féadfar an rabhadh a thabhairt i dteach an óganaigh féin nó i stáisiún na nGardaí. JLO a dhéanann an rabhadh a riaradh. Ní gá d'aon duine seachas tuismitheoirí nó caomhnóirí an ógánaigh a bheith i láthair nuair a riartar an rabhadh. Níl aon fhorálacha déanta chun go mbeadh éinne eile seachas tuismitheoirí nó caomhnóirí agus an t-ógánach féin i láthair.

Maoirseacht

Cé a shocraíonn leibhéal na maoirseachta?

Déanann JLO maoirseacht a mhaireann 12 mhí ar gach uile ógánach a fhaigheann rabhadh foirmiúil trí Chlár Athstiúrtha don Óige na nGardaí Is gnách gurb é an JLO a shocraíonn an leibhéal maoirseachta.

Leagann Alt 28(2) d'Acht na Leanaí 2001 amach na nithe éagsúla nach mór a chur san áireamh agus an leibhéal cuí maoirseachta á shocrú. Tá siad seo a leanas ina measc:

  • Tromchúiseacht iompraíocht an ógánaigh
  • An leibhéal tacaíochta a thugann na tuismitheoirí nó caomhnóirí don leanbh, agus an méid smachta atá acu ar an leanbh
  • An dóchúlacht atá ann go ndéanfaidh an leanbh cionta eile amach anseo
  • Treoracha ón Stiúrthóir i leith an leibhéil chóir maoirsithe.

Céard atá i gceist leis an maoirseacht?

Mar chuid den mhaoirseacht is gnách go mbíonn an JLO réamhghníomhach i dtaobh iompraíocht an ógánaigh. Is gnách nach mbíonn ar an ógánach tuairisc a thabhairt don JLO ag amanna socraithe, rud a thugann deis don ógánach filleadh ar a g(h)náthaimh agus gan aon chur isteach aige/aici ó dhualgas le freastal ar choinní go rialta.
Tá sé tábhachtach, áfach, go dtuigfeadh an t-ógánach go bhfuil monatóireacht á déanamh ar a (h)iompraíocht le linn thréimhse na maoirseachta.

Ní gnách go mbíonn maoirseacht mar thoradh ar rabhadh neamhfhoirmiúil. Cuirtear tréimhse maoirseachta de shé mhí i bhfeidhm i gcás cúinsí eisceachtúla amháin.

Comhdhálacha

Cad is brí le Comhdháil an Chláir Athstiúrtha don Óige?

Tá an áis chun cruinnithe (nó comhdhálacha) a reachtáil, chun leas an ógánaigh a ligeadh isteach sa chlár a phlé, mar chuid ríthábhachtach de Chlár Athstiúrtha don Óige na nGardaí. Tá na comhdhálacha seo bunaithe faoi dhlí in Alt 29 d'Acht na Leanaí 2001.

Féadfaidh an chomhdháil idirbheartú idir an t-ógánach agus an t-íospartach (nuair atá sin oiriúnach) de réir théarmaí an chláir. Ceapann comhdhálacha plean gníomhaíochta don leanbh chomh maith. Ní mór dóibh seasamh le gnóthais an íospartaigh agus aird chuí a thabhairt dá leasa.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Márta 2014