Teideal: BowelScreen: An Clár Náisiúnta Scagthástála Putóige

Réamhrá

Soláthraíonn BowelScreen, an Clár Náisiúnta Scagthástála Putóige, scagthástáil shaor in aisce d’fhir agus do mhná aois idir 60 agus 69 bliain gach dhá bhliain. Amach anseo, déanfar BowelScreen a thairiscint dóibh siúd idir aois 55 agus 74. Is é cuspóir an chláir scagthástála chun an daonra is mó atá i mbaol ailse cholaireicteach a shainaithint mar aon leo siúd is mó is dócha a bhainfidh tairbhe as luathbhrath agus cóireáil.

Seolfar trealamh scagthástála chuig rannpháirtithe, ina bhfuil treoracha céim ar chéim chun an tástáil a dhéanamh iad féin sa bhaile. Is féidir an tástáil a sheoladh, ina dhiaidh sin, sa Saorphost, chuig saotharlann chreidiúnaithe go ndéanfar anailís uirthi.

Bainfidh thart ar 94% den daonra gnáth-thoradh tástála amach agus seolfar chucu trealamh tástála baile eile i gceann dhá bhliain, fad a bhíonn siad laistigh den réimse incháilithe aoise. Gheobhaidh idir cúig agus sé faoin gcéad de dhaoine toradh a mbeidh breis tástála ag teastáil uaidh.

Conas iarratas a dhéanamh

Seolfaidh clár BowelScreen cuireadh d’idir fhir agus mhná idir aois 60 agus 69 bliain chun páirt a ghlacadh sa chlár.

Cuireann BowelScreen clár daoine incháilithe i dtoll a chéile ó shonraí a sholáthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí, mar aon le sonraí ó dhaoine a théann i dteagmháil le BowelScreen chun iad féin a chlárú.

Má tá tú idir 60 agus 69 bliain agus má chónaíonn tú in Éirinn, féadfaidh tú glao a chur ar BowelScreen ar Shaorghlao 1800 45 45 55 agus seiceáil an bhfuil do chuid sonraí ar an gclár. Nuair a bhíonn do shonraí ar an gclár, tabharfar cuireadh duit, i gceann dhá bhliain, páirt a ghlacadh i gclár BowelScreen. I dturas an ama, ba cheart duit coinne a dhéanamh le do LG má bhíonn aon bhuarthaí nó comharthaí agat.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas?

Teil: 1800 45 45 55
Láithreán Gréasáin: http://www.bowelscreen.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Deireadh Fómhair 2013