Tar éis duine a ghabháil beidh sé/sí faoi choiméad i stáisiún na Gardaí. Tá rialacha agus módh oibre a bhaineann leis an mbealach nach mór caitheamh leis an duine atá faoi choimeád.
Tar éis duine a ghabháil ní mór é/í a chur ar an eolas gan moill
Má tá an duine faoi 18 bliain d'aois, ní mór a chur in iúl dó/dí go bhfuil scéal dhá chur chuig a t(h)uismitheoir nó chuig a c(h)oimirceoir teacht chuig an stáisiún.
Ní mór taifead coimeádta a choinneáil i dtaobh gach duine atá faoi choimeád. Má aistrítear duine chuig stáisiún eile Gardaí, ní mór don Gharda a bhí i gceannas an chéad stáisiún an taifead coimeádta a chur chuig an dara stáisiún in éineacht leis an duine.
Má tá an duine faoi 18 bliain d'aois, cuirfidh an Garda atá i gceannas an stáisiúin in iúl chomh luath agus is féidir do thuismitheoir nó do choimirceoir go bhfuil an duine faoi choimeád, cén fáth atá leis agus go bhfuil sé de cheart aige/aici dul i gcomhairle dlíodóra.
Más duine atá ós cionn 18 atá i gceist agus má d'iarr an duine sin labhairt le dlíodóir nó go gcuirfí scéal chuig duine eile, ní mór don Gharda i gceannas scéal a chur chuig an dlíodóir nó an duine eile chomh luath agus is féidir. Muna féidir dul i dteagmháil leis an dlíodóir nó leis an duine eile taobh istigh d'achar réasúnta ama nó muna bhfuil an dlíodóir ná an duine eile in ann teacht nó muna bhfuil fonn orthu teacht chuig an stáisiún, ní mór deis a thabhairt don duine atá cúisithe dlíodóir eile nó duine eile a ghlaoch isteach.
Má dhéantar duine a aistriú chuig stáisiún eile ní mór é sin a chur in iúl dá d(h)líodóir nó do dhuine eile ainmnithe chomh luath agus is féidir.
Ní mór a chur in iúl do na daoine seo a leanas cén áit ina bhfuil duine dhá choimeád
Ní mór fáil réasúnta a bheith ag duine ar a rogha dlíodóra agus a bheith in ann teagmháil a bheith aige/aici leis/léi go príobháideach.
Muna bhfuil dlíodóir faigthe ag duine agus má thagann dlíodóir nár ghlaoigh an duine air/uirthi chuig an stáisiún, ní mór an deis a thabhairt don té atá cúisithe dul i gcomhairle an dlíodóra más mian leis/léi é sin a dhéanamh.
Is féidir leis an té atá cúisithe a bheith le feiceáil ag Garda agus é/í ag labhairt le dlíodóir ach gan an comhrá a bheith le cloisteáil ag an nGarda.
Is féidir le gaol, cara nó aon duine eile gur spéis leis/léi leas an duine atá cúisithe a theacht ar chuairt chuige/chuici, chomh fada agus go bhfuil an té atá cúisithe sásta an duine sin a fheiceáil. Ní mór don Gharda atá i gceannas an stáisiúin a bheith sásta gur féidir súil oiriúnach a choinneáil ar an gcuairt agus nach gcuirfear isteach ar fhiosrú na coire agus nach gcuirfear moill ar an bhfiosrú dá bharr.
Is féidir le duine atá cúisithe litir a sheoladh nó glaoch telefóin ar feadh achar oiriúnach a dhéanamh in aisce má tá an Garda i gceannas sásta nach gcuirfear isteach ar fhiosrú na coire agus nach gcuirfear moill ar an bhfiosrú dá bharr. Is féidir le Garda éisteacht leis an gcomhrá telefóin agus deireadh a chur leis ag am ar bith agus aon litir a léamh agus diúltú í a sheoladh.
Roimh a thagann aon duine ar chuairt chuig duine atá cúisithe nó roimh a dhéanann sé/sí teagmháil le duine eile seachas an dlíodóir, ní mór do na Gardaí a chur in iúl dó/dí gur féidir aon rud a dheireann an duine atá cúisithe a úsáid mar fhianaise.
Má dhéanann Garda duine a chuardach ní mór dó/dí a chur in iúl go hiomlán cén fáth atá leis an gcuardach agus ní mór an cuardach a dhéanamh ar bhealach ómósach.
Ní féidir le fear bean a chuardach, ná le bean fear a chuardach, ach amháin sa chás gur dochtúir atá ann/inti.
Más gá éadaí a bhaint den duine (seachas hataí nó cótaí) ní féidir le haon duine den ghnéas eile a bheith i láthair ach amháin gur dochtúir é/í an duine sin.
Ach, is féidir le duine den ghnéas eile a bheith i láthair má cheapann an Garda i gceannas go bhfuil gá leis de bharr iompar foréigneach an duine atá le cuardach.
Má choinníonn na Gardaí éadaí nó bróga an té atá cúisithe ní mór cuid eile de chaighdeán réasúnta a chur ar fáil ina n-áit.
Ní mór taifead a choinneál den chuardach, ainm an té a bhí i mbun an chuardaigh, ainmneacha na ndaoine eile a bhí i láthair agus sonraí aon mhaoin a baineadh den duine nó a thug an duine féin do na Gardaí.
Ní féidir méarloirg, bosloirg ná griangraf duine a thógáil gan a c(h)éad a fháil i scríbhinn. Ní mór an céad sin a shíniú agus a thaifead sa taifead coimeádta. Níl aon ghá le cead an duine a fháil má tá sé/sí gafa faoi alt 30 den Acht um Chiontuithe in aghaidh an Stáit 1939 nó alt 4 den Acht um Dlí Coiriúil 1984.
Ní mór a oiread ama a theastaíonn a thabhairt don duine atá cúisithe scíth a ligean.
Ní mór béilte a chur ar fáil don duine mar is gá. Ní mór ar a laghad dhá mhionbhéile agus béile mór amháin a chur ar fáil in aon tréimhse 24 uair. Is féidir le duine béilte a sholáthar ag a c(h)ostas féin má tá sé indéanta do na Gardaí é seo a shocrú.
Ní mór go mbeadh duine in ann úsáid a bhaint as áiseanna leithris.
Más gá duine a chur isteach i gcillín ní mór, chomh fada agus is féidir, an duine a bheith coinnithe i gcillín leis/léi féin. Ní féidir daoine den ghnéas eile a chur sa chillín céanna. Más féidir é a sheachaint ní ceart duine foréigeanach a chur isteach i gcillín in éineacht le duine eile.
Ba cheart do Gharda teacht ar chuairt chuig duine i gcillín chuile 30 nóiméad nó mar sin. Ba cheart dul isteach chuig duine atá ar meisce nó faoi thionchar drugaí agus labhairt leis/léi agus más gá é/í a dhúisiú chuile 15 nóiméad ar feadh tréimhse 2 uair an chloig nó níos faide má theastaíonn sé ag brath ar an staid ina bhfuil sé/sí ann.
Ba cheart go mbeadh duine in éineacht le Garda má tá sé/sí ag teacht isteach i gcillín duine den ghnéas eile agus an duine sin sa chillín leis/léi féin.
Má tá an duine faoi 18 bliain d'aois ní ceart é/í a choinneáil i gcillín ach amháin sa chás nach bhfuil aon áit eile slán ar fáil, agus más féidir, ní chuirfear an duine sin isteach i gcillín in éineacht le duine fásta nach bhfuil gaol aige/aici leis/léi.
Ní ceart d'aon Gharda drochíde a thabhairt d'aon duine atá faoi choimeád nó drochíde a bhagairt (air/uirthi nó ar a c(h)lann/teaghlach ná ar aon duine eile a bhaineann leis an té atá cúisithe) nó cead a thabhairt d'aon duine eile drochíde a thabhairt don duine atá faoi choimeád.
Ní ceart d'aon Gharda neart a úsáid ach amháin neart réasúnta a bhfuil gá leis
Má dhéanann duine gearán gur tugadh drochíde dó/dí déanfaidh an Garda i gceannas socrú go dtiocfaidh dochtúir le scrúdú a dhéanamh ar an duine. Ach, más gearán i gcoinne Garda eile atá i gceist ní gá don Gharda i gceannas an scrúdú dochtúra sin a ordú má cheapann sé/sí gur gearán fánach nó ciapálach atá ann.
Má tá duine
ní mór don Gharda i gceannas glaoch isteach ar dhochtúir ach amháin sa chás go méasann an Garda gur ceart an duine a thabhairt chuig an ospideál.
Cuirfear fios ar chomhairle dochtúra má dheireann duine go dteastaíonn leigheas uaidh/uaithi a bhaineann le fadhb croí, le diabaetas, titeamas, nó aon drochthinneas eile. Is féidir leis an nGarda atá i gceannas an comhairle dochtúra sin a lorg freisin má cheapann sé/sí go bhfuil gá leis má tá leigheas a bhaineann leis an tinneas sin i seilbh an duine.
Ní mór taifead a choinneál má thugtar chuig an ospidéal duine. Má thugann dochtúir aon treoracha maidir le cúram leighis an duine agus céimeanna nach mór a thógáil leis na treoracha sin a chomhlíonadh ní mór taifead a dhéanamh daoibh freisin.
Má éilíonn duine scrúdú dochtúra óna rogha dochtúra ar a c(h)ostas féin, ní mór don Gharda i gceannas na socruithe cuí a dhéanamh.
Má thugtar duine chuig an ospidéal, ní mór scéal a chur chuig gaol gairid nó chuig aon duine eile cuí.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.