Ceart chun tosta i gcásanna coiriúla

Eolas

Déanann Bunreacht na hÉireann gach duine in Éirinn a chosaint i gcoinne féin-ionchoirithe. Is é sin ná i gcoinne ráitis a dhéanamh a dhéanfadh imeachtaí coiriúla a thionscnamh ina c(h)oinne.

Ina theannta sin, gach duine a cúiseofar i gcion inphíonois in Éirinn is tuigthe é/í a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthaítear ciontach é/í, de réir an Bhunreachta. Nuair a dhéanann na Gardaí duine a chúiseamh i gcion coiriúil, is iad na cúisitheoirí a bhíonn freagrach as a c(h)iontacht a chruthú. Dá bhrí sin, níl orthu a chruthú gur daoine neamhchiontach iad, mar dhaoine cúisithe. Tá dhá eisceacht leis seo áfach:

  • Nuair a bhíonn ar an duine cúisithe, a dhéanann cosaint reachtúil a leagadh amach, a c(h)osaint a chruthú. (Mar shampla, nuair a dhéantar duine a chúiseamh toisc go raibh drugaí ina s(h)eilbh, agus nuair a chruthaíonn na cúisitheoirí go raibh na drugaí ina s(h)eilbh. Tá ceanglas dlíthiúil ar an duine a chruthú nach raibh a fhios aige/aici go raibh drugaí ina s(h)eilbh. Murar féidir leo é seo a dhéanamh, déantar iad a chúiseamh).
  • Nuair a dhéanann tú pléadáil ghealtachta a thaifeadadh, ní mór duit féin do phléadáil a chruthú. Níl ar na cúisitheoirí a chruthú gurb é seo an cás.

Baineann an phribhléid i gcoinne féin-chionntaithe agus an ceart chun tosta lena chéile. Baineann siad go mór freisin leis an mbarúil gur neamhchiontach thú chomh maith. Cé gurb iad na cúisitheoirí atá freagrach as an duine cúisithe a fháil ciontach, níl ar an duine cúisithe aon rud a rá a chabhródh leis na gcúisitheoirí.

Do cheart chun tosta faoi choimeád na nGardaí

Nuair a dhéantar duine a ghabháil agus a thabhairt chun stáisiún na nGardaí, bíonn ar an Garda a chuireann tú faoi ghlas do cheart chun tosta ginearálta le linn ceistiúcháin a chur in iúl duit. Déantar é seo trí rabhadh a thabhairt duit. Seo a leanas an rabhadh: “Tá an ceart agat fanacht i do thost ach amháin má theastaíonn uait aon rud a rá. Féadtar an fhaisnéis seo a chur síos i scríbhinn agus a úsáid mar fhianaise”. Is léir ón ráiteas seo gur féidir leis an cuid is mó de na daoine faoi choimeád i stáisiún na nGardaí a c(h)eart chun tosta a úsáid.

Taispeánadh san Ard-Chúirt i Heaney v Éire (1994) gur leagadh amach an ceart chun tosta in Alt 38.1 de Bhunreacht na hÉireann. I dtuairim an bhreithimh, féadtar cur isteach ar chothroime na trialach choiriúil de bharr na n-imeachtaí a tharlaíonn roimh ré. Cuirtear san áireamh anseo na cearta a bhaineann le h-agallaimh na nGardai, roimh duine a ionchúiseamh, agus leis an ceart chun tosta a chur ar fáil dó nó di. Muna ndéantar é seo, féadtar an triail a chomhréiteach agus Alt 38.1 den Bhunreacht a shárú.

Ghlac an Chúirt Uachtarach le cinneadh na hArd-Chúirte maidir le Heaney v Éire. De réir an chinnidh seo, tugtar Stádas Bunreachtúil don cheart chun tosta faoi choimeád. Léiríodh sa Chúirt Uachtarach freisin áfach go mbaineann an ceart bunreachtúil chun tosta le faisnéis féin-ionchoirithe a chabhraíonn leis na Gardaí. I bhfocail eile, ní bhaineann an ceart chun tosta bunreachtúil le freagra a thabhairt ar cheisteanna neamh-fhéin-ionchoirithe na nGardaí, mar shampla, d’ainm agus do sheoladh a sholáthar dóibh nó do dháta breithe nó náisiúntacht. Ní faisnéis féin-ionchoirithe í seo de ghnáth.

Níl an ceart chun tosta uathoibríoch ag daoine in Éirinn agus níl pribhléid acu i gcoinne féin-ionchoiriú. Baineann an ceart seo leis an cuid is mó de chionta coiriúla áfach. Nuair a dhéantar duine a chúiseamh i leith ciona coiriúil, is féidir leat do cheart chun tosta a chleachtadh ach amháin nuair a chuireann na Gardaí in iúl duit go bhfuil ort an fhianaise a thabhairt don chion áirithe seo mar a luaitear thíos. Bíonn ar na Gardai a chur in iúl duit freisin cad a tharlódh má theipeann ort é seo a dhéanamh.

Do cheart chun tosta i dtriail

Tugann Bunreacht na hEireann an ceart do dhuine cúisithe i gcion coiriúil a c(h)eart chun tosta a chleachtadh. Tá an ceart seo leagtha amach in Alt 38.1 den Bhunreacht.

Más mian leat dearbhú le rud nó an fhianaise a thabhairt, níl cead agat do cheart chun tosta a chleachtadh agus ní mór duit ceisteanna na gcúisitheoirí a fhreagairt. Ní mór duit é seo a dhéanamh fiú amháin má bhíonn ceisteanna féin-ionchoirithe i gceist.

Cad a tharlaíonn nuair a ghlacann tú le do cheart chun tosta i dtriail

Tá dhá eisceacht i dlí na hÉireann a chuireann isteach ar do phribhléid i gcoinne féin-ionchoirithe agus ar do cheart chun tosta:

  • Ceisteanna a chuireann le tátal a bhaint as do thriail nuair a theipeann ort ceisteanna áirithe a fhreagairt nó faisnéis áirithe a sholáthar agus
  • Cionta ina ndéantar imeachtaí coiriúla a thionscnamh i do choinne nuair a theipeann ort ceisteanna áirithe a fhreagairt nó faisnéis áirithe a sholáthar.

Is tábhachtach é a thabhairt faoi deara freisin go gcuirtear na forálacha seo i bhfeidhm nuair a bhíonn duine faoi choimeád, ach freisin mura mbíonn siad faoi choimeád ag na Gardaí nuair a chuirtear ceisteanna orthu.

Déantar tátail a bhaint amach i gcásanna áirithe

Faoin Acht um Cheartas Coiriúil 1984, arna leasú ag Cuid 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007, féadtar tátail a bhaint amach mura n-éiríonn leat aon rud a rá nuair a thaifeadtar imeachtaí coiriúla i do choinne de bharr ciona inghabhála. Is cion inghabhála ann ná cion lena mbaineann téarma príosúnachta de 5 bliana ar a laghad.

Féadtar tátail a bhaint amach, mura n-éiríonn leat nó má dhiúltaíonn tú ábhar, substaint nó marc ar do chorp, ar d’éadaí nó i do sheilbh nó in aon áit ina raibh tú i láthair a chur in iúl, nuair a chuireann na Gardaí ceist ort roimh choir a chur i do leith nó nuair a dhéantar coir a chur i do leith, nó nuair a chuireann Garda in iúl duit go ndéantar tú a ionchúiseamh. Ar an gcuma chéanna, féadtar tátail a bhaint amach má theipeann ort nó má dhiúltaíonn tú a mhíniú do na Gardaí cén fáth go raibh tú i láthair in áit áirithe agus coir á dhéanamh timpeall an ama céanna. Ba cheart don Gharda a chreidiúint go bhfuil baint agat leis an gcoir toisc ábhar, substaint nó marc ar do chorp, ar d’éadaí nó i do sheilbh nó in aon áit ina raibh tú i láthair.

Féadtar tátail a bhaint amach chomh maith, mura n-éiríonn leat faisnéis a nochtadh, a úsáidfear mar chosaint dhleathach le linn na n-imeachtaí, faisnéis ba cheart duit a chur in iúl do na Gardaí nuair a chuirtear ceist ort nó nuair a ionchúisítear thú.

Ní cion é má theipeann ort nó má dhiúltaíonn tú a leithéid de cheisteanna a fhreagairt. Is féidir leis an gcoiste dháréag é a chur san áireamh áfach (nuair a dhéantar do chiontacht nó do neamhchiontacht a leagadh amach) gur theip ort nó gur dhiúltaigh tú ceisteanna na nGardaí a fhreagairt. Mura mbíonn a thuilleadh faisnéise ar fáil, níl cead ag an Chúirt nó ag an Coiste Dháréag tú a chiontú toisc gur theip ort nó gur dhiúltaigh tú ceisteanna na nGardaí a fhreagairt. Féadtar an fhaisnéis seo a úsáid chun an fhianaise a chuirtear i láthair na cúirte nó an choiste dháréag a neartú. Ní fhéadtar í a úsáid má theipeann ar an Garda é a chur in iúl duit i slí soiléir intuigthe, cad a tharlóidh má theipeann ort nó má dhiúltaíonn tú ceisteanna a fhreagairt nó mura dtugtar seans réasúnach duit teagmháil a dhéanamh le haturnae. Bíonn ar na Gardaí an t-agallamh a chlárú go leictreonach nó do shíniú a fháil roimh ré mura ndéantar é sin.

Mar an gcéanna, faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2006, arna leasú ag an Acht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009, tátail a tharraingt mar thoradh ar an teip, in imthosca áirithe, chun ceisteanna a fhreagairt. Baineann sé seo leis na cionta coireachta eagraithe faoi Chuid 7 den Acht.

An Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint

Rinne Cúirt na hEorpa um Chearta an Duine athbhreithniú ar tháthail dhiúltacha i John Murray-v-An Rícht Aontaithe (1996) 22E.H.R.R.29, chun a fháil amach an gcomhlíontar Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Forálann an Coinbhinsiún don cheart chun trialach cothroime. Rialaigh an Chúirt go bhfuil an ceart chun tosta ag gach duine agus mar sin de, ní fhéadtar duine a ionchúiseamh má theipeann orthu nó má dhiúltaíonn siad ceisteannana na nGardaí a fhreagairt. Ghlac sí áfach le comhar an duine cúisithe ceisteanna na nGardaí a fhreagairt maidir le neart fianaise na gcúisitheoirí. Rialaigh an Chúirt chomh maith go gcaithfear roinnt pointí a chur san áireamh roimh tátail dhiúltacha a leagadh amach mar ghníomhaíochtaí a chomhlíonann An Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Is iad seo a leanas na príomhphointí:

  • Cibé go bhfuair an duine cúisithe faisnéis faoi cad a tharlódh mura ndéantar ceisteanna a fhreagairt, nó nach bhfuair
  • Cibé go raibh an duine cúisithe in ann na rabhaidh sin a thuiscint, nó nach raibh
  • Cibé go raibh an duine cúisithe in ann comhairle dhleathach a rochtain, nó nach raibh
  • Cothroime agus réasúntacht na dtátal a leagadh amach sa chúirt

Cad a tharlaíonn nuair a theipeann ar dhuine ceisteanna a fhreagairt

Cuirtear isteach freisin ar do cheart chun tú féin a chosaint i gcoinne féin-ionchoirithe agus ar do cheart chun tosta nuair a fhaightear duine ciontach i gcion, mura n-éiríonn leo ceisteanna áirithe a fhreagairt nó faisnéis áirithe a sholáthar. Is é an dlí is tábhachtaí in Éirinn maidir leis an saincheist seo ná an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939. Tugann an dlí seo cumhachtaí tábhachtacha do na Gardaí. De réir forálacha an Achta seo, ba cheart go mbeadh duine i stáisiún na nGardaí nuair a bhí ceisteanna á chur air/uirthi. Baineann an tAcht seo le daoine atá faoi choimeád i stáisiún na nGardaí ach go háirithe.

Nuair a bhíonn tú faoi choimeád i stáisiún na nGardaí faoi Alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939, bíonn ort ceisteanna áirithe a fhreagairt maidir le do ghluaiseachtaí agus do ghníomhaíochtaí, agus aon eolas atá agat ar chion faoin Acht seo, de réir Ailt 52 den Acht. Roimh ceist a chur ort faoin eolas seo, bíonn ar an Garda a chur in iúl duit go ndéanfar an t-iarratas faoi alt 52 den Acht. Ní mór don Gharda a chur in iúl duit cad a tharlóidh má theipeann ort an t-eolas seo a sholáthar dóibh nó má dhéantar an t-iarratas a dhiúltú, sé sin go bhfuil tú freagrach as cion. Ní mór don Gharda é seo a chur in iúl duit i slí soiléir intuigthe.

Cheap Cúirt na hEorpa um Chearta an Duine i Quinn-v-Éire (2001) 33 E.H.R.R.264, gur cuireadh alt 52 i bhfeidhm i slí ró-dhoimhin chun riachtanais an stáit a chomhlíonadh. Ag an am céanna, admhaíonn an Chúirt nach bhfuil an ceart uathoibríoch ag daoine chun tosta agus i gcoinne féin-ionchoirithe mar atá leagtha amach in Alt 6 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Is léir ó na cinntí is déanaí a glacadh leo sna cúirteanna in Éirinn áfach, go ndéanfar glacadh le fianaise a thaispeánann gur theip ar dhuine ceisteanna a fhreagairt nó gur dhiúltaigh siad ceisteanna a fhreagairt mura n-úsáidtear an t-eolas seo i gcoinne an duine cúisithe. Is é sin a rá ná go gcaithfear duine a ionchúiseamh i leith ciona, faoi alt 52, chun a thaispeáint gur theip orthu ceisteanna a fhreagairt nó gur dhiúltaigh siad ceisteanna a fhreagairt.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Feabhra 2015