Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Teach a fháil ar chíos > Cearta agus oibleagáidí na dtiarnaí talún

Print Page Send to a Friend

Cearta agus oibleagáidí na dtiarnaí talún

Eolas

Is tiarna talún in Éirinn é úinéir na talún nó úinéir foirgnimh a lig an talamh, foirgneamh nó cuid den talamh nó den fhoirgneamh sin ar cíos do dhuine éigin eile. Tugtar ‘tionónta’ ar an duine dá ligeann an tiarna talún an talamh nó an foirgneamh sin ar cíos. Tagann do chearta agus oibleagáidí mar thiarna talún in Éirinn ó dhlí sonrach na dtiarnaí talún/na dtionóntaí. Ina theannta sin, fréamhaítear do chearta agus oibleagáidí in aon chomhaontú tionóntachta scríofa nó béil idir tusa agus do thionóntasa. Ní féidir léasanna nó comhaontuithe tionóntachta eile baint de do chearta nó de chearta dlíthiúla do thionóntaí. Féadann tú féin agus do thionónta aontú ar ábhair nach bpléitear sa dlí leo, ámh.

Is í an phríomhreachtaíocht a rialaíonn na cearta agus na hoibleagáidí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos an reachtaíocht a leagtar síos sna hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 – 1994 agus in Acht na dTionóntachtaí Cónaithe (pdf). Is forbhreathnú é an méid seo a leanas ar do chearta, dualgais agus oibleagáidí mar thiarna talún ach má ní chumhdaíonn an reachtaíocht sin tionóntaí in Éirinn a chónaíonn sa chóiríocht chéanna le tiarnaí talún.

Rialacha

Cearta mar thiarna talún

Tá an ceart agat:

  • An cíos a shocrú (cé nach féidir an cíos a bheith níos mó ná ráta an mhargaidh reatha. Féach Arduithe Cíosa in Éirinn
  • An cíos ceart a fháil ar an dáta ar a mbíonn sé dlite
  • Aon mhuirir a bhaineann leis an maoin a fháil (ciallaíonn seo cánacha agus dualgais nó íocaíochtaí)
  • An cíos a athbhreithniú go bliantúil
  • Deireadh a chur le tionóntacht gan fáth a thabhairt le linn na chéad sé mhí
  • A bheith ar an eolas faoi na daoine a mbíonn gnáthchónaí sa mhaoin orthu (ní áirítear leis seo cuairteoirí thar oíche nó gearrfhanachtaí)
  • A chinneadh an gceadófar don tionónta tionóntachta a fholigean nó a shannadh (má dhiúltaíonn tú do thionónta chun tionóntacht a fholigean nó a shannadh, ámh; féadann an diúltú sin ceart a thabhairt don tionónta tionóntacht téarma seasta a chríochnú roimh a dáta éagtha)
  • A bheith ar an eolas faoi aon deisiúchán a theastaíonn
  • Rochtain réasúnta a fháil ar an maoin nó chun deisiúcháin a dhéanamh
  • Díospóidí a tharchur chuig an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP) má bhíonn an tionóntacht cláraithe leosan.

Níl an ceart agat:

  • Dul isteach i gcóiríocht an tionónta gan chead
  • Maoin do thionóntaí a ghabháil nó a choinneáil – fiú mura mbíonn an cíos íoctha acu
  • Níos mó ná ráta an mhargaidh a ghearradh don mhaoin
  • Tionóntaí a phionósú as díospóid a thabhairt don BTCP.

Oibleagáidí tiarna talún

Ní mór duit:

  • An tionóntacht a chlárú leis an BTCP
  • Leabhar cíosa nó ráiteas den chíos a íocadh a sholáthar do do thionónta
  • A chinntiú go sásaíonn an mhaoin íoschaighdeáin áirithe
  • Taobh istigh na maoine a dheisiú agus a chothabháil chuig an gcaighdeán ina raibh sí ag tús na tionóntachta
  • Struchtúr na maoine a dheisiú agus a chothabháil
  • Tionóntaí a chúiteamh as aon deisiúchán a dhéanann siad arb iad d’fhreagracht féin iad
  • An mhaoin a chur faoi árachas (más dodhéanta é árachas a fháil, nó más míréasúnta é an costas; ní bhíonn an oibleagáid seo i bhfeidhm)
  • Eolas a chur ar fáil don tionónta faoi ghníomhairí ar bith a bhíonn údaraithe le plé ar do shonsa (m.sh. comhlachtaí bainisteoireachta, gníomhaireachtaí, ionadaithe pearsanta)
  • A chinntiú gurb eol don tionónta conas teagmháil a dhéanamh leat (nó le do ghníomhairese féin)
  • 28 lá d’fhógra roimh athbreithniú cíosa a thabhairt
  • Fógra bailí críochnaithe (i scríbhinn) a sholáthar do thionóntaí má bhítear ag críochnú na tionóntachta
  • Éarlaisí a thabhairt ar ais don tionónta (murar íoc an tionónta an cíos nó go ndearna siad dochar don teach)
  • Ón 1 Eanáir 2009, caithfidh gach teach atá ar cíos Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh (BER) a bheith acu.

Caithfidh tú a dhéanamh cinnte de go sásaíonn tionóntaí a n-oibleagáidí féin. Is féidir le duine ar bith a dtéann mainneachtain do thionónta a n-oibleagáidí a shásamh isteach orthu gearán a dhéanamh i do choinnese chuig an BTCP.

Éarlaisí

Ní fhéadann tú - mar thiarna talún – éarlais a choinneáil siar (nó cuid d’éarlais) ach amháin:

  • Nár thug an tionónta fógra cuí duit um a bhfágáil
  • Gur fágadh billí nó cíos gan íocadh
  • Go ndearna an tionónta dochar thar an ngnáthchaitheamh agus an ghnáthchuimilt.

Tionóntacht a dhiúltú

Feidhmíonn an tAcht um Stádas Comhionann (pdf) do ligean tithe. Ní féidir leat leithcheal a imirt ar thionóntaí ionchasacha ar fhorais inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil.

Cáin ar ioncam cíosa

Íocann tiarnaí talún cáin ar ioncam cíosa faoi chóras Féin-Mheastóireachta na gCoimisinéirí Ioncaim. Bíonn tú i dteideal roinnt costas a asbhaint ón gcáin a íocann tú ar ioncam cíosa agus tugann Treoirleabhar na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le hIoncam Cíosa eolas maidir leis na costais ar féidir leat a éileamh. Má ligeann tú seomra ar cíos i do theachsa, bíonn tú díolmhaithe ó cháin ioncaim chomh fada agus nach dtéann an méid cíosa a íoctar thar méid áirithe.

Conas iarratas a dhéanamh

Má bhraitheann tú go bhfuiltear ag sárú do chearta mar thiarna talún, tá modhanna sásaimh áirithe agat.

I gcás na ndíospóidí maidir le comhaontuithe tionóntachta príobháidí, féadann tú do chás-sa a thabhairt os comhair an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha ar an gcuntar go mbíonn tú cláraithe leis an mBord.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha

Bosca P.O. 11884
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 635 0600
Facs:+353 (0)1 635 0601
Láithreán Gréasáin: http://public.prtb.ie/
R-phost: information@prtb.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 April 2012

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

  • Cearta agus oibleagáidí na dtionóntaí
    Bíonn cearta agus oibleagáidí ag tionóntaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos. Eascraíonn na cearta agus hoibleagáidí seo ó dhlí na dtiarnaí talún/na dtionóntaí agus ó aon chomhaontú tionóntachta scríofa nó beil idir tiarna talún agus tionónta.
  • Ag ligean seomra i do theach amach ar cíos
    Tugann scéim "seomra a ligean ar cíos" deis duit seomra(í) i do phríomháit chónaithe phríobháideach a ligean ar cíos do thionóntaí príobháideacha i rith na bliana cánach ábhartha.
  • Díospóidí a réiteach idir tiarnaí talún agus tionóntaí
    Féadann díospóidí a bheith ann idir tiarnaí talún agus tionóntaí i dtaca le cóiríocht a ligtear ar cíos. Is mó cás inar féidir na díospóidí seo a réiteach ar bhonn neamhfhoirmeálta idir an dá pháirtí. Tuilleadh eolais.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.