Maoin a cheannach go héigeantach

Cad is ordú ceannaigh éigeantaigh ann?

Is féidir le comhlachtaí reachtúla áirithe talamh nó maoin a thógáil gan toiliú an úinéara. Is é ordú ceannaigh éigeantaigh (CPO) an fheidhm dhlíthiúil a úsáideann siad chun é seo a dhéanamh.

Tarlaíonn ceannach éigeantach de ghnáth chun ligean do thionscadal bonneagair phoiblí dul ar aghaidh ar mhaithe le leas an phobail. Is minice a úsáidtear ÓCEanna le haghaidh scéimeanna feabhsúcháin bóithre agus scéimeanna forbartha uirbeacha, mar an tionscadal LUAS i mBaile Átha Cliath.

Cad ba cheart dom a dhéanamh má fhaighim OCÉ?

Is réimse casta é an córas ceannaigh éigeantaigh. Ba cheart duit comhairle ghairmiúil a fháil ó shuirbhéir cairte má sheirbheáiltear fógra duit faoi OCÉ. Is cuid de ghnáthéileamh ar chúiteamh iad na táillí a ghearrann suirbhéir cairte.

Is féidir leat suirbhéir cairte a fháil ar Láithreán Gréasáin Chumann Suirbhéirí Cairte Éireann (SCSI). Is é an SCSI an comhlacht gairmiúil le haghaidh suirbhéirí cairte.

Má fhaigheann tú OCÉ, tá an de cheart agat:

  • Cur ina choinne
  • Uiríll a dhéanamh
  • Dul i mbun caibidlíochta
  • An t-ábhar a tharchur chuig eadránaithe maoine
  • Go n-éistfí le do chuid agóidí

An féidir liom cúiteamh a fháil?

Má cheannaítear do theach agus do thalamh go héigeantach, féadfaidh tú cúiteamh a fháil. Ba cheart:

  • go bhfágfadh leibhéal an chúitimh tú sa staid airgeadais chéanna agus a bhí tú roimh an gceannach éigeantach, nó chomh gar agus is féidir dó seo
  • Go mbeadh leibhéal an chúitimh bunaithe ar luach margaidh do mhaoine
  • Go léireodh leibhéal an chúitimh luach na talún a cheannaítear agus aon laghdú ar luach aon talamh a choinníonn tú a tharla mar gheall ar an OCÉ.

treoir cliant ag Cumann na Suirbhéirí Cairte maidir le ÓCEanna agus cúiteamh.

Cá fhad a thógfaidh an próiseas ceannaigh éigeantaigh?

Féadfaidh an próiseas OCÉ a bheith thart ar 18 mí. Ach, is féidir leis a bheith níos giorra nó níos faide ná seo. Tá roinnt fachtóirí ann a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an bhfráma ama seo, lena n-áirítear:

  • Méid an OCÉ
  • Má tá agóidí ann
  • Má tá éisteacht ó bhéal ann
  • Má tá athbhreithniú breithiúnach ann

Maoin thréigthe nó chontúirteach a cheannach go héigeantach

Tá údaráis áitiúla freagrach as déileáil le láithreáin thréigthe, áiteanna contúirteacha agus struchtúir chontúirteacha ina gceantair.

Is féidir le húdarás áitiúil talamh contúirteach agus láithreáin thréigthe ina limistéar a cheannach:

  • Ach é seo a chomhaontú leis an úinéir
  • Trí cheannach éigeantach

Áirítear leis seo talamh nach bhfuil contúirteach a thuilleadh toisc go bhfuil obair déanta ag an údarás áitiúil air.

Cad é an próiseas chun na suíomhanna seo a cheannach?

Ní mór don údarás áitiúil sonraí aon cheannach éigeantaigh atá beartaithe a fhógairt sa nuachtán áitiúil. Ní mór dóibh freisin fógra a sheoladh chuig úinéir nó áititheoir na talún, ag tabhairt faisnéise dóibh faoi conas agus cén áit le cur i gcoinne an cheannaigh bheartaithe.

I gcás áiteanna contúirteacha, ní mór fógra a chur suas freisin ar an talamh nó in aice leis, ag tabhairt sonraí faoi rún an údaráis áitiúil an áit a cheannach go héigeantach.

Má dhéanann duine agóid, ní féidir leis an údarás áitiúil an talamh a cheannach gan cead a fháil ón mBord Pleanála.

Má cheadaíonn an Bord Pleanála an ceannach éigeantach agus má dhéileáil an t-údarás áitiúil le haon agóidí, is féidir leis an údarás áitiúil an talamh a cheannach, trí ordú dílseacháin a úsáid.

Teagmhálaithe agus faisnéis úsáideach

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Iúil 2023