Tá dualgas ar na húdaráis áitiúla tithe a chur ar fáil do dhaoine aosta ar mórán an bunús céanna leis an gcuid eile den daonra. Cuireann cuid de na húdaráis áitiúla tithe faoi leith ar fáil do dhaoine aosta nó d'fhéadfadh sé go gcuirfeadh siad cás faoi leith na ndaoine aosta san áireamh agus a riachtanais i dtaobh tithe dhá mheas acu.
Tá deontais tithe ar fáil a bhaineann go speisialta le daoine aosta agus le daoine le míchumais.
Cáilíonn daoine aosta ar son tithe na n-údarás áitiúil agus ar son
iasachtaí agus deontais na n-údarás áitiúil ar an ngnáthbhealach.
Cuireann roinnt de na húdaráis áitiúla tithe speisialta ar fáil do
dhaoine aosta. Comhthithíocht a bhíonn ann go hiondúil le háiseanna
speisialta slándála, mar shampla, maoranna, ceamaraí slándála agus rl. Má
tá tú féin nó do chéile 60 bliain d'aois nó ós a chionn agus má tá an
céile eile 55 nó ós a chionn, nó más duine singil tú atá 55 nó ós a
chionn, beidh tú i dteideal tithíochta speisialta má tá tú ina theideal go
práinneach ar chúiseanna leighis nó truachríocha.
Cuireann eagraíochtaí tithíochta deonacha tithe ar fáil ar an mbunús céanna mórán leis an údarás áitiúil agus faigheann siad formhór a gcuid airgeadais ón Rialtas.
Eagraíochtaí pobail iad formhór na n-eagraíochtaí seo agus d'fhás siad as riachtanas speisialta aitheanta tithíochta taobh istigh den phobal sin. Bunaíodh formhór na n-eagraíochtaí seo le tithíocht a chur ar fáil do dhaoine aosta. Eagraíochtaí aitheanta iad, cuid acu ina gcomhlachtaí corpraithe, ina n-iontaobhais agus ina gcumainn. Ní mór dóibh aitheantas a fháil ón Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil le bheith i dteideal na ndeontas agus na n-iasachtaí a bhfuil cur síos anseo orthu.
Tá ról ionadaíochta agus comhordnaithe ag Comhairle Tithíocht Shóisialta na hÉireann maidir leis na heagraíochtaí tithíochta deonacha gan brabach. Cuireann sí comhaontaithe tionóntachta samplacha ar fáil dá baill a chomhlíonann na rialacha reachtúla eagsúla. Cuireann an Chomhairle gnáthleagnacha de bhunreachtaí (Airteagail Chomhlachais agus Meabhráin Chomhlachais) agus cúnamh ginearálta maidir le riachtanais dleathúla nuair atá eagraíocht dheonach thithíochta dhá bhunú ar fáil freisin.
Tá dhá chineál tithíochta do dhaoine aosta ar fáil ó eagraíochtaí deonacha tithíochta - scéimeanna grúpa agus tithíocht faoi dhídean.
Tá rogha ag eagraíochtaí
deonacha tithíochta maidir leis na daoine a gcuireann siad tithe ar fáil
dóibh bunaithe ar a gcuid polasaithe féin ach is i gcomhair leis an údarás
áitiúil don chuid is mó a chuireann siad tithe ar fáil. Ní bhíonn
scrúdú maoine le sásamh go hiondúil bunaithe ar pholasaí na
n-eagraíochtaí féin. Íocann tionóntaithe i dtithíocht faoi dhídean cíos
agus d'fhéadfadh sé go mbeadh siad i dteideal íocaíochta breise leasa
shóisialaigh ar son an chíosa sin a íoc.
Tá an Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta ann chun coinníollacha maireachtála a fheabhsú do dhaoine níos sine trí mhiondeisiúcháin a dhéanamh ar na príomháiteanna i dteach an tseanduine. Ar an gcineál oibre a mbeidh cúnamh deontais ar fáil dó beidh deisiúcháin nó feabhsúcháin struchtúrtha, athsreangú, soláthar uisce, seirbhísí sláintíochta, téamh, glanadh agus péinteáil.
Ó 1 Samhain 2007, tagann an Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta in áit an Deontais Deisiúchán Riachtanaigh agus an Chúnaimh Tithíochta Speisialta do Dhaoine Scothaosta.
Ón 1 Samhain 2007, cuirfidh an Scéim Deontas Áiseanna
Soghluaisteachta deontais ar fáil i gcomhair oibreacha atá deartha chun
tabhairt faoi fhadhbanna soghluaisteachta sa bhaile. Mar shampla, is féidir an
deontas a úsáid chun greimráillí a cheannach agus a chur isteach. Is ar
dhaoine níos sine atá an deontas seo dírithe, ach is féidir le daoine faoi
mhíchumas tairbhe a bhaint as an scéim freisin.
Tá an méid cúnaimh atá ar fáil faoin Scéim Deontas Áiseanna
Soghluaisteachta níos lú ná mar atá ar fáil faoin Scéim um Chúnamh
Tithíochta do Dhaoine Breacaosta agus an Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine
faoi Mhíchumas. Is scéim úsáideach í an Scéim Deontas Áiseanna
Soghluaisteachta más gá duit mionoiriúnuithe nó feabhsú a dhéanamh go
tapa.
Más gá duit do theach a oiriúnú chun riachtanais atá ag duine den
teaghlach atá faoi mhíchumas a shásamh, is féidir leat iarratas a dhéanamh
ar Dheontas
Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas. Cuir iarratas chuig d'údarás
áitiúil.
Tá seirbhís seoidíonadh agus teasdíonadh saor in aisce ar fáil i gceantair faoi leith sa tír do phinsinéirí atá ina gcónaí leo féin.
IDA, Aonad 14,
Newmarket,
Baile Átha Cliath 8
Teil (01) 454 5464.
Cuireann an Scéim Thacaíochta Pobail do Dhaoine Níos Sine maoiniú ar fáil d'eagraíochtaí deonacha agus pobail le chórais rabhcháin a bhfuil montaóireacht pearsanta dhá dhéanamh orthu agus háiseanna slándála baile a chur ar fáil do dhaoine aostal.
Cuireann an scéim deontais ar fáil d'eagraíochtaí deonacha agus pobail le háiseanna slándála a chur ar fáil do daoine atá 65 nó ós a chionn agus a chónaíonn ina n-aonair, nó a chónaíonn i líon tí nach bhfuil ach daoine aosta ann agus nach bhfuil in ann iad féin an trealamh cuí a chur isteach nó a cheannacht.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim seo inár ndoiciméad, Scéim Thacaíochta Pobail do Dhaoine Níos Sine.
21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:(01) 678 6096
Facs:(01) 677 2407
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advice@threshold.ie
50 Cearnóg Mhuirfean Thoir
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 661 8334
Facs:+353 1 661 0320
Láithreán Gréasáin: http://www.icsh.ie
R-phost: info@icsh.ie
Rannóg na nDeontas Tithíochta
Oifigí an Rialtais
Maigh Eo
Maigh Eo
Ireland
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.