Gníomhaireachtaí sláinte

Eolas

Tá líon gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ann a bhfuil ról acu maidir le seirbhísí sláinte a sholáthar. Baineann cuid díobh le seirbhísí a sholáthar agus is gníomhaireachtaí agus comhlachtaí rialála agus/nó comhairleacha cuid eile díobh.

Tá 2 chomhlacht ann faoi láthair sa limistéar sláinte a bhfuil rialtais Thuaisceart Éireann agus na hÉireann comhfhreagrach astu, féach ‘Oileán na hÉireann’ thíos.

Soláthraítear an chuid is mó den chúram sláinte laistigh de phríomhstruchtúr Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Liostaítear thíos gníomhaireachtaí eile lena dtacaíonn siad, mar aon le gach láithreán gréasáin a dhéileálann le saincheisteanna sonracha sláinte.

Gníomhaireachtaí faoi shainchúram na Roinne Sláinte

Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann

CORU, an Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh

An Chomhairle Fiachóireachta

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte

An tÚdarás Árachais Sláinte

An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte

An Bord Taighde Sláinte

Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann

Comhairle na nDochtúirí Leighis

An Coimisiún Meabhair-Shláinte

Clárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann

Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh

An Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála

Bord na Radharcmheastóirí

Cumann Cógaiseoirí na hÉireann

An Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamhospidéil

Agus an VHI, ar comhlacht tráchtála Stáit iad.

Oileán na hÉireann

An Bord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia

An Institiúid um Shláinte Phoiblí in Éirinn

Gníomhaireachtaí agus láithreáin ghréasáin lena dtacaíonn FSS

An Clár um Thoirchis Gheárchéime

PositiveOptions.ie

ThinkContraception.ie

An tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte

MedicalCard.ie

An Clár Náisiúnta Scagthástála Ailse

BowelScreen

BreastCheck.ie

CervicalCheck.ie

Scagthástáil Reitiní Do Dhiaibéitigh RetinaScreen

An tIonad Cóireála Náisiúnta Drugaí

An tIonad Náisiúnta um Fhaisnéis ar Nimheanna

An tSeirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil

Cur chun cinn na sláinte

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Bealtaine 2017