Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Réamhrá

Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a sheachadadh, trí ghairmithe leighis agus ospidéil agus trí líonra Oifigí Sláinte Áitiúla, ionaid agus clinicí sláinte ag leibhéal an phobail.

Is féidir seirbhísí sláinte a shainmhíniú go ginearálta mar sheirbhísí a bhaineann le

  • cur chun cinn na sláinte
  • breoiteacht a chosc (mar shampla, seirbhísí sábháilteachta bia, seirbhísí imdhíonachta agus vacsaínithe, scagthástáil sláinte, seirbhísí sláinte naíonán agus leanaí)
  • diagnóis agus cóireáil breoiteachta (mar shampla, seirbhísí an dochtúra teaghlaigh (DG), seirbhísí ospidéil)

Is féidir seirbhísí cúram pobail agus seirbhísí sóisialta pearsanta a shainmhíniú go ginearálta mar sheirbhísí atá deartha chun cur ar chumas daoine maireachtáil ina bpobal féin, go háirithe nuair atá deacrachtaí acu de bharr breoiteachta, míchumais nó aoise. Áirítear leo sin seirbhísí altranais baile, cúntóirí baile, teiripe shaothair agus seirbhísí oibre sóisialta.

Seirbhísí sláinte agus seirbhísísóisialta pearsanta a sholáthar

Cuirtear seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta ar fáil trí roinnt Rannóga Náisiúnta um Sholáthar Seirbhíse, atá freagrach as seirbhísí a sholáthar don phobal:

•Ospidéil ghéarmhíochaine

•Cúram sóisialta

•Meabhairshláinte

•Cúram príomhúil

•Sláinte agus folláine

•An tSeirbhís„ Náisiúnta Otharcharranna

Oibríonn an Rannóg Ospidéil Ghéarmhíochaine go díreach le hospidéil ghéarmhíochaine timpeall na tíre. Eagraítear ospidéil phoiblí isteach i 7 nGrúpa Ospidéil.

Tacaíonn an Rannóg Cúraim Shóisialta le daoine chun maireachtáil go neamhspleách a bhféadfadh deacracht a bheith acu ar bhealach eile chun amhlaidh a dhéanamh mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas. Soláthraíonn FSS seirbhísí go díreach nó soláthraítear iad trí ghníomhaireachtaí a chistíonn FSS.

Tá an Rannóg Meabhairshláinte freagrach as seirbhísí meabhairshláinte ceantarbhunaithe (ionaid othar cónaitheach agus foirne pobalbhunaithe), meabhairshláinte leanaí agus déagóirí, meabhairshláinte ghinearálta daoine fásta, síciatracht na seanaoise, an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí, an tSeirbhís Náisiúnta Chomhairleoireachta agus an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc.

Tá sé mar aidhm ag an Rannán Cúram Príomhúil a chinntiú go ndéantar formhór mór na ndaoine a dteastaíonn cúram sláinte uathu a bhainistiú laistigh de thimpeallacht chúram príomhúil agus phobalbhunaithe ar ardchaighdeán.

Clúdaíonn an Rannán Sláinte agus Folláine réimsí sláinte poiblí, cosaint sláinte, sláinte leanaí, cláir náisiúnta scagthástála, cur chun cinn agus feabhsú na sláinte, sláinte chomhshaoil agus bainistíocht éigeandála

Seirbhísí ospidéil

Cuirtear seirbhísí ospidéal géarmhíochaine ar fáil trí 7 nGrúpa Ospidéil:

•Grúpa Ospidéal Oirthear na hÉireann

•Grúpa Ospidéal Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (Oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath)

•Grúpa Ospidéal Bhaile Átha Cliath agus Lár na Tíre

•Ospidéil Ollscoil Luimnigh

•Grúpa Ospidéal an Deiscirt agus an Iardheiscirt

•Saolta–Grúpa Ospidéal an Iarthair agus an Iarthuaiscirt

•Grúpa Ospidéal na Leanaí

Oibríonn na hospidéil a chomhdhéanann gach grúpa as lámh a chéile chun cúram géarmhíochaine a sholáthar d’othair agus oibríonn siad le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta sa phobal. Féadfaidh ospidéil áitiúla níos lú cúram a sholáthar sa chás gur cuí agus soláthraítear cúram an-speisialaithe agus coimpléascach in ospidéil níos mó.

Seirbhísí cúram sláinte pobail

Is iad na seirbhísí cúram sláinte phobail an raon leathan seirbhísí a chuirtear ar fáil lasmuigh den chóras ospidéil ghéarmhíochaine agus áiríonn siad cúram príomhúil, cúram sóisialta, meabhairshláinte agus seirbhísí sláinte agus folláine. Cuirtear na seirbhísí sin ar fáil do dhaoine i bpobail áitiúla tríd FSS agus a cuid gníomhaireachtaí maoinithe.

Tá 9 Eagraíocht Chúram Sláinte Phobail (CHOanna) freagrach as seachadadh seirbhísí príomhúla agus pobail a thugann aird ar riachtanais na bpobal áitiúil. Seo a leanas na CHOanna:

•Limistéar 1: Dún na nGall, Sligeach/Liatroim/An Cabhán Thiar, An Cabhán/Muineachán.

•Limistéar 2: Gaillimh, Ros Comáin, Maigh Eo.

•Limistéar 3: An Clár, Luimneach, Tiobraid Árann Thuaidh/ Luimneach Thoir

•Limistéar 4: Ciarraí, Corcaigh Thuaidh, An Laoi Thuaidh, An Laoi Theas, Corcaigh Thiar

•Limistéar 5: Tiobraid Árann Theas, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Port Láirge, Loch Garman

•Limistéar 6: Cill Mhantáin, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath Thoir Theas

•Limistéar 7: Cill Dara/Cill Mhantáin Thiar, Baile Átha Cliath Thiar, Cathair Bhaile Átha Cliath Theas, Baile Átha Cliath Thiar Theas

•Limistéar 8: Laois/Uíbh Fhailí, An Longfort/An Iarmhí, Lú/An Mhí

•Limistéar 9: Baile Átha Cliath Thuaidh, Baile Átha Cliath Thuaidh-Láir, Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh


Rochtain ar sheirbhísí

An príomhphointe seachadta do sheirbhísí sláinte pobail agus sóisialta pearsanta ná tríd an líonra de 32 Oifig Sláinte Áitiúil agus ionaid sláinte áitiúla.

I measc an raon leathan seirbhísí a sholáthraítear trí Oifigí Sláinte Áitiúla agus ó ionaid sláinte tá seirbhísí dochtúra ginearálta, altranas sláinte phobail, seirbhísí sláinte leanaí, leas pobail, cosliacht, seirbhís oftalmach, teiripe urlabhra, obair shóisialta, comhairleoireacht agus cóireáil andúile, fisiteiripe, teiripe shaothair, seirbhísí síciatracha agus cúntóir baile.

Déantar rochtain ar sheirbhísí ospidéil trí DG/dochtúir teaghlaigh, seachas Seirbhísí Timpistí agus Éigeandála.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Feabhra 2018