Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Éigeandála Sláinte > Seirbhísí éigeandála sláinte

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí éigeandála sláinte

Eolas

Déanann seirbhísí éigeandála sláinte freastal míochaine ar thinnis nó ar ghortuithe a mbíonn cóireáil leighis de dhíth ina leith láithreach. D’fhéadfadh seirbhísí éigeandála sláinte a bheith riachtanach le haghaidh gnáthshamplaí gortuithe lena n-áirítear na cinn a ghabhann le timpistí, taomanna croí nó galair thobanna eile.

De ghnáth is é/í dochtúir ginearálta (DG), pearsanra otharchairr nó foireann na roinne Timpistí agus Éigeandála in ospidéal géarmhíochaine a chuireann seirbhísí éigeandála sláinte ar fáil.

Is ar an Roinn Sláinte atá an dualgas foriomlán maidir le beartas le haghaidh seirbhísí sláinte timpistí agus éigeandála. Is dualgas de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) é seirbhísí éigeandála sláinte poiblí a chur ar fáil.

Cúram éigeandála otharchairr

Cuireann an FSS seirbhísí otharchairr ar fáil chun daoine atá go dona tinn a iompar chuig ospidéil phoiblí nó idir ospidéil phoiblí.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí otharchairr mar chuid de na seirbhísí éigeandála trí ghlao a chur ar 999 nó ar 112. (Tá an uimhir 112 i bhfeidhm ar fud an AE). Bíonn gach glao saor in aisce. Léigh tuilleadh maidir le seirbhísí otharchairr agus iompair.

De réir Alt 185 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (leasú ar Alt 19 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Oird Phoiblí) 1994 is cion coiriúil é bac, ionsaí nó cosc a dhéanamh/chur ar bhall na seirbhíse éigeandála sláinte agus a c(h)uid dualgas á dtabhairt chun críche aige/aici. Is é an pionós uasta a ghearrtar as ionsaí nó bagairt ionsaithe a dhéanamh ar phearsanra éigeandála sláinte ná 7 mbliana i bpríosún nó fíneáil dar luach €5,000 nó an dá rud. Is é an pionós maidir le bac a chur ar phearsanra éigeandála seirbhísí míochaine a sholáthar ná fíneáil dar luach €2,500.

Cúram éigeandála ó dhochtúir teaghlaigh (DG)

Má theastaíonn uait freastal ar do dhochtúir teaghlaigh (DG) de dheasca éigeandála, is iad seo a leanas na roghanna atá ann chun teagmháil a dhéanamh leo;

  • Freastal a dhéanamh ar lialann arna hoibriú ag do DG i rith uaireanta áirithe. Is féidir leat a fháil amach cad iad na huaireanta seo trí dhul i dteagmháil le do DG.
  • Glao teileafóin a chur ar do DG agus iarraidh air/uirthi cuairt a thabhairt ort i rith an ama atá curtha ar leataobh le haghaidh cuairteanna tí.
  • De ghnáth, má chuireann tú glao ar do DG lasmuigh de ghnáthuaireanta beidh an uimhir le haghaidh éigeandálacha le fáil i dteachtaireacht an ghléis fhreagartha. D’fhéadfadh an uimhir seo a bheith i gcomhair seirbhíse ionadaí. Is éard atá i gceist le seirbhís ionadaí ná go dtabharfaidh dochtúir eile (seachas do DG) cuairt ar theach othair lasmuigh de ghnáthuaireanta.
  • Cuairt a thabhairt ar chomharchumann le haghaidh DG lasmuigh de ghnáthuaireanta (má tá ceann i do cheantar) más othar tú de chuid duine de na DG atá ina mbaill den chomharchumann.

Comharchumainn le haghaidh DG lasmuigh de ghnáthuaireanta

Oibríonn DG le chéile in iomaí áiteanna sa tír d’fhonn comharchumainn a chruthú le gur féidir seirbhís mhíochaine a chur ar fáil lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre. Faigheann na comharchumainn seo cúnamh teicniúil ón stát. D’fhéadfadh an comharchumann a bheith lonnaithe in ionad sláinte, in ospidéal poiblí nó i láthair eile, arna cur ar fáil go minic ag FSS. Cuireann DG an tseirbhís seo ar fáil ar bhonn uainchláir sna tráthnónta, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc agus poiblí.

Ní bhíonn an tseirbhís seo ar fáil de ghnáth ach amháin d’othair na nDochtúirí Ginearálta atá rannpháirteach sa chomharchumann. Is gá glao teileafóin a chur ar uimhir íosghlao chun rochtain a fháil ar an tseirbhís agus d’fhéadfadh gur ionann an cúram cuí is comhairle ó altra nó ó dhochtúir ar an teileafón. D’fhéadfadh freastal ar ionad cóireála leighis nó cuairt ar do theach ón dochtúir ar dualgas a bheith san áireamh le cúram.

Ní gá dóibh siúd a bhfuil cárta leighis nó cárta cuairte dochtúra íoc as na seirbhísí a chuireann comharchumainn DG lasmuigh de ghnáthuaireanta ar fáil. Ní mór do na hothair eile go léir íoc as costas iomlán úsáid na seirbhíse seo.

Ranna Timpistí agus Éigeandála in ospidéil phoiblí

Is éard atá sa chineál seirbhíse éigeandála choitianta eile a chuirtear ar fáil ná an ceann i ranna Timpistí agus Éigeandála na n-ospidéal géarmhíochaine. Ar an iomlán, cuireann 35 ospidéal phoiblí seirbhísí timpistí agus éigeandála ar fáil. Tá duine ar bith atá faoi réir ag éigeandáil mhíochaine i dteideal freastal ar roinn Timpistí agus Éigeandála. D’fhéadfadh costais a bheith i gceist leis na cuairteanna seo mura bhfuil treoir do DG mar bhunús leo, nó mura bhfuil cárta leighis agat.

Níl freastal ar chlinic príobháideach le haghaidh cóireála éigeandála saor in aisce agus ní mór duit íoc as costas iomlán aon chúram a fhaightear.

Tugtar tosaíocht dóibh siúd a dhéanann freastal ar Roinn Timpistí agus Éigeandála in ospidéil phoiblí de réir an ghátair mhíochaine. Dá réir sin d’fhéadfadh go mbeadh ar dhuine a bhfuil tinneas neamhphráinneach air/uirthi fánach ar chóireáil leighis.

I ndiaidh d’fhoireann na roinne Timpistí agus Éigeandála scrúdú a dhéanamh ort déanfar cóireáil leighis a thabhairt duit nó cuirfear abhaile tú nó glacfar isteach i mbarda tú mar othar cónaitheach.

Ní bheidh ach gnáth-tháillí ar sheirbhísí ospidéil d’othar cónaitheach i gceist má ghlactar isteach in ospidéal tú i ndiaidh duit cuairt a thabhairt ar roinn Timpistí agus Éigeandála. Ní ghearrtar táille i leith na seirbhísí seo ort má tá cárta leighis agat. Gearrtar táille in aghaidh na hoíche suas le huasmhéid in aon bhliain amháin ort sa chás nach bhfuil cárta leighis agat. Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi tháillí ospidéil féach táillí ar sheirbhísí ospidéil.

Teidlíocht cuairteoirí ar Éirinn i leith seirbhísí éigeandála sláinte

Tá náisiúnaigh ó bhallstáit AE/LEE agus ón Eilvéis a thugann cuairt ar Éirinn i dteideal seirbhísí sláinte i leith riochtaí ar gá cóireáil leighis a fháil ina leith le linn dóibh a bheith in Éirinn, agus cineál na seirbhíse sláinte agus fad ionchais an chónaithe á thabhairt san áireamh.

Cuirtear na seirbhísí seo ar fáil saor in aisce tríd an gcóras sláinte poiblí ach Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) bailí a thaispeáint. Níl tú clúdaithe faoin rialachán seo má théann tú chuig dochtúir ginearálta príobháideach (DG) nó chuig ospidéal príobháideach agus tá ort íoc as na seirbhísí a fhaigheann tú. Ní chlúdaíonn an CEÁS costas na seirbhísí sa chás go dtagann na daoine go hÉirinn d’fhonn seirbhísí sláinte a fháil.

Mura bhfuil tú i do náisiúnach AE/LEE agus tú ar cuairt shealadach ar Éirinn, tá ort íoc as an gcostas a ghabhann le freastal ar Roinn Timpistí agus Éigeandála. Mura bhfuil tú i do náisiúnach ó bhallstát AE/LEE, nó ón Eilvéis nó ón Astráil, tá ort íoc as an gcostas eacnamaíoch iomlán a ghabhann le cóireáil leighis bhreise ar bith, lena n-áirítear cúram míochaine in ospidéal géarmhíochaine. Moltar go ndéanfá árachas míochaine príobháidí chun críocha taistil a cheannach sula ndéanfá taisteal go hÉirinn.

Rialacha

Mura bhfuil cárta leighisCárta Cuairte Dochtúra agat, beidh ort an costas iomlán as cuairt a thabhairt ar do dhochtúir teaghlaigh (DG) a íoc.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le táillí ar sheirbhísí ospidéil phoiblí d’othar cónaitheach agus táillí ar sheirbhísí ospidéil phoiblí d’othair sheachtracha ar fáil anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.