An tSeirbhís Aisíoctha do Chúram Príomhúil

Eolas

Is í an tSeirbhís Aisíocaíochta do Chúram Príomhúil a riarann íocaíochtaí le lianna, cógaiseoirí, fiaclóirí agus radharceolaithe a sholáthraíonn seirbhísí faoi scéim na Seirbhíse Aisíocaíochta do Chúram Príomhúil (PCRS). Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a riarann gach gné de bhainistiú agus d’fheidhmiú na Scéimeanna Aisíoctha do Chúram Príomhúil anois.

Tugadh an Bord Íocaíochtaí na Seirbhísí Leighis Ginearálta, dá ngairfear an SLG, mar ainm ar an scéim seo roimhe sin.

Áirítear leis an scéim PCRS seirbhísí chárta leighis a fhónann lianna agus cógaiseoirí, seirbhísí drugaí agus cógais ar oideas a thugann cógaiseoirí pobail agus seirbhísí fiaclóireachta agus seirbhísí oftalmacha a thugtar do shealbhóirí cárta leighis. Tá conarthaí ag lianna, cógaiseoirí, fiaclóirí agus radharceolaithe le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun na seirbhísí úd a fhónamh agus is í an PCRS a dhéanann na híocaíochtaí ar son na FSS. Déanann an Roinn Sláinte idirbheartaíocht leis na comhlachtaí gairmiúla ábhartha faoi mhéid na n-íocaíochtaí agus faoi choinníollacha seirbhíse eile.

Cuireann an tSeirbhís tuarascáil bhliantúil ar fáil a léiríonn líon na ndaoine a bhfuil cártaí leighis acu, costas na seirbhísí agus faisnéis eile bhainteach.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil na FSS

Bealach Amach 5 M50
An Bóthar Thuaidh
Fionnghlas
Baile Átha Cliath 11
Éire

Teil: (01) 864 7100
Facs: (01) 834 3589
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Nollaig 2019