Seirbhísí máithreachais agus leasa naíonán

Eolas

Cuireann an Scéim Chúraim Máithreachais agus Naíonán clár socraithe cúraim ar fáil do gach bean atá ag iompar clainne agus a bhíonn ina gnáthchónaí in Éirinn. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil ag do rogha gnáthdhochtúir agus cnáimhseoir ospidéil. Tá tú i dteideal an tseirbhís seo a fháil fiú muna bhfuil cárta leighis agat. Tá comhaontú ag an gcuid is mó LG le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na seirbhísí seo a sholáthar; ní gá dóibh a bheith mar chuid den chóras LG agus cártaí leighis. Soláthraíonn an Scéim do dhá chuairt iar-bheireatais chuig an ghnáthdhochtúir freisin.

Rialacha

Cuireann do rogha dochtúra agus cnáimhseoir ospidéil an cóir leighis seo ar fáil.

Le linn do chéid toirchis, soláthraíonn an LG scrúdú tosaigh, más féidir, roimh 12 sheachtain, agus tugtar faoi 5 scrúdú bhreise i gcaitheamh an toirchis, a mbíonn cuairteanna a thabhairt ar an aonad máithreachais/ospidéal i gceist le cuid díobh. Féadfaidh to LG agus/nó d’obstatraí ospidéil an sceideal cuairteanna a athrú, ag brath ar do chás féin aonair. I gcás toircheas ina dhiaidh sin, déanfar scrúdú tosaigh ort agus 6 scrúdú bhreise ina dhiaidh sin.

Má bhíonn tinneas nach beag ar an mbean mar shampla, diabaetas nó brú fola ard, d'fhéadfadh suas le 5 chuairt breise ar an LG a bheith curtha ar fáil.

Tar éis na breithe déanfaidh an LG scrúdú ar an leanbh ag coicís agus ar an máthair agus ar an leanbh ag 6 seachtain.

Muirir

Tá an mháthair i dteideal seirbhísí saor in aisce othair chónaithigh, othair sheachtraigh agus timpistí agus éigeandála/taismí a fháil in ospidéil phoiblí maidir leis an toircheas agus leis an mbreith agus níl sí faoi dhliteanas íoc as aon chinn de mhuirir an ospidéil.

Ní chuimsítear cúram do thinnis eile a d’fhéadfadh bheith ort ag an tráth seo, ach nach mbaineann le do thoircheas faoin Scéim seo. Áfach, má roghnaíonn tú bheith i d’othar príobháideach de chuid do chomhairligh, beidh tú faoi dhliteanas íoc as an réimse iomlán de mhuirir othair chónaithigh.

Seirbhísí Cúraim Naíonán

Tar éis na breithe, tabharfaidh an t-altra sláinte poiblí cuairt ort agus ar do leanbh sa bhaile, go hiondúil taobh istigh de 72 uair an chloig ón am a scaoiltear amach as an ospidéal tú.

Cuireann an LG a raibh an mháthair ag freastal air/uirthi cúram ar fáil don leanbh nua freisin. Bíonn dhá scrúdú forbartha i gceist sa chéad 6 seachtain tar éis na breithe atá saor in aisce.

Ní bheidh an leanbh i dteideal seirbhísí eile a fháil saor in aisce ón LG muna bhfuil cárta leighis ag an leanbh féin. Ciallaíonn sé seo go gcaifear íoc as pé cuairt ar an LG, seachas an dá scrúdú forbartha, muna bhfuil cárta leighis ag an leanbh féin, más sa chéad 6 seachtain tar éis na breithe nó níos déanaí a tharlaíonn na cuairteanna.

Scrúduithe Leighis

Más san ospidéal a saoltar an leanbh go hiondúil déantar scagthástáil do easláinte áirithe (tastáil Guthrie nó an tastáil phrioctha sáile) ann. Más sa bhaile a saoltar an leanbh is féidir leis an LG an tastáil a dhéanamh. De rogha air sin, is féidir é a dhéanamh i rannóg na n-othar seachtrach in ospidéal. Ní mór do thuismitheoirí an linbh cead a thabhairt an tastáil seo a dhéanamh.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart go mbeadh na foirmeacha cuí iarratais ar sheirbhísí faoin Scéim um Chúram Máithreachais agus Naíonán ag an LG. Seol an fhoirm chuig an Oifig Sláinte Áitiúil.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an altra sláinte poiblí ag an ionad áitiúil sláinte le heolas a fháil maidir le ranganna réamhbheireatais atá ar fáil.

Mura bhfuil tú incháilithe do chárta leighis, féadfaidh tú do leanbh a chlárú do chárta cuairte LG do leanaí faoi 6 bliana d’aois.

Má tá cárta leighis agat, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chárta do do naíonán trí nóta cumhdaigh a sheoladh, mar aon le fótachóip dá dteastas breithe, a nUimhir PSP agus do shonraí cárta leighis a sheoladh chuig:

An tAonad Cláraithe Cliant

Bosca oifig phoist 11745
Fionnghlaise
Baile Átha Cliath 11

Teil: (051) 595 129
Lóghlao: 0818 22 44 78
Facs: (01) 834 3589
Láithreán Gréasáin: http://www.medicalcard.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Nollaig 2016