Meabhairshláinte agus breoiteacht mheabhrach

Réamhrá

Má tá breoiteacht mheabhrach ort, is ionann an teidlíocht atá agat chun cúram agus cóireáil a fháil agus an teidlíocht a bheadh agat dá mbeifeá thíos le breoiteacht eile. Tá an an teidlíocht chéanna agat do sheirbhísí ginearálta sláinte agus do sheirbhísí cúram pobail.

Tá ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte, i measc rudaí, eile, freagracht fhoriomlán as caighdeáin na seirbhísí meabhairshláinte. Tugann an Cigire Seirbhísí Meabhairshláinte faoi iniúchtaí ar áiseanna meabhairshláinte.

Is é cuspóir foriomlán bheartais na Seirbhísí Meabhairshláínte chun cúram a sholáthar sa phobal, sa mhéid is féidir. Tá gairmigh shonracha mheabhairshláinte ann a bhfuil saineolas acu i seirbhísí meabhairshláinte a sholáthar.

Soláthraítear seirbhísí othar cónaitheach do dhaoine ar a bhfuil breoiteacht mheabhrach in ionaid fhaofa shíciatracha. Ospidéil shíciatracha agus aonaid shíciatracha in ospidéil ghinearálta iad seo, den chuid is mó.

Leagtar amach na rialacha faoi aonaid fhaofa a iontráil san Acht Meabhair-Shláinte 2001. Leagtar amach san Acht seo, chomh maith, cearta othar síciatrach.

D'fhoilsigh an Coimisiún Meabhair-Shláinte leabhrán, Treoir don Achat Meabhair-Shláinte 2001, a mhiníonn do chearta faoin dlí meabhair-shláinte.

Tá leabhrán áisiúil faisnéise ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), An Turas Le Chéile (The Journey Together) (pdf) do theaghlaigh agus do chairde a thacaíonn le daoine ag a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Samhain 2015