Coimisiún Meabhair-Shláinte

Réamhrá

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún Meabhair-Shláinte a bunaíodh faoin Acht Meabhair-Shlláinte 2001. Is é príomh chuspóir an Choimisiúin ná caighdeáin arda agus deá-chleachtas seirbhísí sláinte mheabhrach á gcur ar fáil a chur chun cinn gus a chothabháil agus chun leas na ndaoine atá faoi choinneáil in aonaid shíciatracha ceadaithe, a chosaint.

Feidhmeanna

Tá roinnt freagrachtaí ag an gCoimisiún faoin Acht lena n-áirítear:

  • Daoine a cheapadh chuig binsí meabhair-shláinte chun athbhreithniú a dhéanamh ar choinneáil othar neamhdheonacha agus chun ionadaí dlí a cheapadh i leith gach othair
  • Clár de na hIonaid Síciatracha Cheadaithe a bhunú agus a chothabháil ar saoráidí d’othair chónaithe iad a sholáthraíonn cúram agus cóireáil do dhaoine a bhfuil meabhairghalar nó neamhord meabhrach ag dul dóibh
  • Rialacha a dhéanamh a rialáil ar úsáid cóireálacha agus idirghábhacha ar leith mar ECT (teiripe leictri-thritheamhach), leithlis agus srianadh meicniúil.
  • Cód cleachtais a fhorbairt do dhaoine atá ag obair sna seirbhísí meabhair-shláinte agus cur ar a gcumas cúram agus cóireáil ar ardchaighdeán a chur ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí
  • Cigire na Seirbhísí Meabhair-Shláinte a cheapadh a dhéanann cigireacht ar ionaid síciatracha cheadaithe gach bliain.

Baill

13 ball ar an gCoimisiún. De réir forálacha an Acht Meabhair-Shláinte 2001, áiritear i measc na mball seo:

  • Dlíodóir
  • Trí chleachtóir cláraithe ina n-áiritear beirt mar shíciatraíthe comhairleacha
  • Oibrí soisialta
  • Síceolaí
  • Fostaí on bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Ionadaí ón bpobal i gcoitinne agus
  • Trí ionadaí ó chomhlachtaí deonacha (caithfidh beirt acu ar a laghad meabhairghalar a bheith orthu nó go raibh meabhairghalar ag dul dóibh).

Féadfaidh tú an treoir chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte (pdf) a léamh.

Binsí meabhair-shláinte

Ceapfaidh an Coimisiún Meabhair-Shláinte binsí meabhair-shláinte chun athbhreithniú uathoibreach a dhéanamh ar gach cinneadh chun othair a choinneáil go neamhdheonach nó chun síneadh ama a chuir leis an gcoinneáil faoi fhorálacha an Acht Meabhair-Shláinte 2001.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún Meabhair-Shláinte cóip de ordú iontrála nó athnuachana, caithfidh sé:

  • An cás a chuir faoi bhráid an bhinse meabhair-shláinte
  • Ionadaí dlíthiúil a shannadh chun feidhmiú ar son an othair, muna mbíonn ceann fostaithe ag an othar go pearsanta
  • Stiúradh a thabhairt i scríbhinn do bhall den phainéal síciatraithe comhairleacha an t-othar a scrúdú; agallamh a chur ar an síciatrach comhairleach a bhí freagrach as cóireáil agus cúram an othair; agus athbhreithniú a dhéanamh ar thaifead an othair chun go mbeadh siad in ann cinneadh a dhéanamh, ar mhaithe leis an othar, féachaint an bhfuil an t-othar ag fulaingt ó neamhórd meabhrach. Caithfidh an tuairisc a bheith curtha i láthair ag an síciatrach comhairleach don bhinse agus do ionadaithe dlíthiúla an othair, taobh istigh de 14 lá.

Caithfidh an binse meabhair-shláinte coinneáil an othair a athbhreithniú agus cinneadh a dhéanamh taobh istigh de 21 lá ó dhéanamh an ordú. Má tá an binse sásta go bhfuil an t-othar ag fulaingt ó neamhórd meabhrach agus gur leanadh na nósanna imeachta ceart (nó, mar a bhfuil, nach athraíonn an teipeadh substaint an ordaithe agus nach mbíonn aon éagóir ag baint leis), dearbhaíonn sé an t-ordú. Muna bhfuil sé sásta déanann sé cúlghairim ar an ordú agus ordaíonn sé an t-othar a scaoileadh abhaile.

Chun go mbeadh sé in ann na feidhmeanna seo a dhéanamh, tá na cumhachtaí céanna ag an mbinse agus atá ag an gcúirt, ina n-áiritear an chumhacht a éilíonn go bhfreastalaíonn na daoine cuí agus go gcuirfear cáipéisí ar fáil. Tá oibligeáid ar an mbinse, ár ndóigh, ómós a bheith acu do ghnáth éilimh cearta nádúrtha, m.sh., caithfidh sé a chinntiú go mbeidh cóipeanna dena tuairiscí atá faoi chaibidil ag an mbinse, le fáil ag an othar.

Caithfidh an binse a chinneadh a chuir in iúl i scríbhinn, chuig:

  • An Coimisiún Meabhair-Shláinte
  • An síciatraí atá freagrach as cúram agus cóireáil an othair
  • An t-othar agus a c(h)uid ionadaithe dlíthiúla
  • Aon duine eile a cheapann an binse gur chóir fógra a fháil

Caithfidh dlídóir a bheith mar chathaoirleach an binse meabhair-shláinte , agus caithfidh go mbeidh síciatraí comhairleach agus duine nach dlídóir ná dochtúr é páirteach ann chomh maith. Ní féidir le baill an Choimisiúin freastal a dhéanamh ar an mbinse.

Ceann eile de fheidhmeanna na mbinsí, faoi stiúir An Choimisiún Meabhair-Shláinte, ná breithniú a dhéanamh ar aon éileamh ó shíciatraí comhairleach chun údarás a fháil le haghaidh sícemháinliacht a dhéanamh ar othar, nuair a thugann an t-othar a t(h)oil i scríbhinn i gcomhair an cinéal seo cóireála. Má tá an binse sásta go bhfuil an mháinliacht seo ar mhaithe le leas an duine, tabharfaidh sé údarás do leithid de mháinliacht, nó mura bhfuil sé sásta diúltóidh sé dó.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Coimisiún Sláinte Mheabhrach

Bóthar Waterloo
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: +353 (0)1 636 2400
Facs: +353 (0)1 636 2440
Láithreán Gréasáin: http://www.mhcirl.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Nollaig 2019