Tá seirbhísí vacsaínithe agus imdhíonta ar fáil saor in aisce do pháistí agus do dhaoine óga

Réamhrá

Tá páistí agus daoine óga i dteideal seirbhísí imdhíonta áirithe saor in aisce. Soláthraítear na seirbhísí seo i máinliachtaí Dochtúirí Ginearálta (DG), in ospidéil, i gclinicí sláinte an FSS nó i scoileanna (ag brath ar na cúinsí).

Is dóigh shlán éifeachtach é imdhíonadh le cuidiú leis an gcorp galair áirithe a chomhrac. Soláthraítear imdhíonadh trí vacsaínithe. Faoin mBunchlár um Imdhíonadh Óige soláthraítear gach vacsaíniú agus a ndáileadh saor in aisce do gach páiste.

Ní mór aontú na dtuismitheoirí a fháil chun vacsaínithe a dháileadh do pháistí agus do dhaoine óga suas le 16 bliana d’aois.

Níl vacsaíniú éigeantach, ach molann an Roinn Sláinte go mór é. Ba chóir duit aon imní a d’fhéadfadh a bheith agat a phlé le do DG/dhochtúir teaghlaigh sula ndéanann tú aon chinneadh faoi imdhíonadh do pháiste.

Rialacha

Sceideal imdhíonta do pháistí

Aois Áit Vacsaíniú
2 mhí DG Vacsaíniú 6 in 1 (diftéire, teiteanas, triuch, polaimiailítis. HiB (Haemophilus Influenzae Cineál B agus Heipitíteas B) in aon instealladh amháin) móide vacsaíniú i gcoinne galar niúmacocúil in instealladh ar leith. Tugtar vacsaíní do naíonáin a bheirtear ó 1 Deireadh Fómhair 2016 ar aghaidh freisin i gcoinne Meiningeacocúil B agus galair rótaivíris.
4 mhí DG Ina theannta sin, is amhlaidh a vacsaínítear naíonáin a rugadh roimh 1 Deireadh Fómhair 2016 i gcoinne Meiningeacocúil C. Tugtar vacsaíní do naíonáin a bheirtear tar éis 1 Deireadh Fómhair i gcoinne Meiningeacocúil B agus galair rótaivíris.
6 mhí DG 6 in 1 (diftéire, teiteanas, tiuch (pertussis), póilió, HIB (Haemophilus Influenzae cineál B) agus Heipitíteas B a thugtar mar instealladh amháin) agus vacsaín freisin i gcoinne Galair Niúmacocúil. Tugtar vacsaín do naíonáin freisin a bheirtear an 1 Deireadh Fómhair nó dá éis sin i gcoinne Meiningeacocúil C.
12 mhí DG An vacsaín MMR (bruitíneach, leicneach agus rubella). Ina theannta sin, tugtar an vacsaín i gcoinne Galair Niúmacocúil do naíonáin a rugadh roimh 1 Deireadh Fómhair 2016. Tugtar vacsaín i gcoinne Meiningeacocúil B do naíonáin a bheirtear an 1 Deireadh Fómhair nó dá éis sin.
13 mhí DG Vacsaíniú i gcoinne Meiningíteas C agus HiB (Haemophilus Influenzae Cineál B).Tugtar an vacsaín i gcoinne Galair Niúmacocúil do naíonáin a bheirtear an 1 Deireadh Fómhair 2016 nó ina dhiaidh sin.
4-5 bliana DG nó scoil 4 in 1 (diftéire, teiteanas, triuch agus polaimiailítis) móide MMR (bruitíneach, leicneach agus bruitíneach dhearg)
11-14 bliana Scoil Td (teiteanas agus dáileog íseal diftéire), Meiningíteas ACWY
Cailíní sa chéad bhliain i scoileanna dara leibhéal Scoil HPV (vacsaín i gcoinne an víreas daonna papilloma)

Rataí

Tá na vacsaínithe seo ar fáil saor in aisce.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá faisnéis faoi gach vacsaíniú ar fáil ó do DG, d’altra sláinte poiblí nó d’Oifig Sláinte Áitiúil. Tháirg Oifig Imdhíonta Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) bileoga eolais úsáideacha do thuismitheoirí maidir le imdhíonadh.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

De ghnáth cuirtear seirbhísí imdhíonta ar fáil do thuismitheoirí san ospidéal inar rugadh an leanbh agus trí theagmháil leis an FSS, trí DG agus tríd an gclár imdhíonta ar scoileanna.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh go díreach le d’Oifig Sláinte Áitiúil nó le do DG chun leas a bhaint as an tseirbhís.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Nollaig 2019