An Roinn Sláinte

Réamhrá

Tá an Rialtas, an tAire Sláinte agus an Roinn Sláinte i gceannas ar sholáthar na seirbhísí sláinte. Is é príomhról na Roinne ná tacú leis an Aire agus leis an Aire Stáit chun beartais do na seirbhísí sláinte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Anuas air sin, déanann siad monatóireacht ar fheidhmíocht na seirbhísí sláinte.

Chomh maith leis sin, soláthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí sláinte.

Eagrú na Roinne

Tá freagracht fhoriomlán bhunreachtúil agus pholaitiúil ar an Aire Sláinte as an Roinn

Is é an tArd-Rúnaí ceannasaí (Státseirbhíse) riaracháin na Roinne. Is é/í “an t-oifigeach cuntasaíochta”. I bhfriotal eile, tá sé nó sí freagrach os comhair na Dála as deimhin a dhéanamh de go gcaitear a t-airgead a leithdháiltear ar an Roinn mar is cuí.

Cuireann an Príomh-Oifigeach Míochaine comhairle ar an Aire, an tAire Stáit, agus ar an Roinn faoi cheisteanna liachta agus tá sé/sí freagrach, chomh maith, as sábháilteacht othair agus cáilíocht, éifeachtacht chliniciúil, cosaint agus cur chun cinn na sláinte, beartas um rialú tobac, sláinte agus folláine, cuimsiú sóisialta agus bitheitic.

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Sláinte, an struchtúr eagraíochta, ina measc. Tá roinnt rannán sa Roinn. Tá roinnt aonad ann i ngach rannán ina bhfuil limistéir shonracha freagrachta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Sláinte

Bloc 1
Plaza Miesach
50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
D02 XW14

Teil: +353 1 635 4000
Láithreán Gréasáin: http://health.gov.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Eanáir 2017