Airí agus ranna Rialtais

Réamhrá

Tá gach Aire Rialtais freagrach as an roinn a leithdháileadh dóibh a reáchtáil agus a bhainistiú. Tá 18 roinn rialtais ann. Anuas ar an Aire Rialtais a sannadh don roinn, is féidir leis an Taoiseach airí sóisearacha, nó Airí Stáit, a cheapadh freisin chun cabhrú le ranna a reáchtáil.

Fostaíonn gach roinn líon mór státseirbhíseach, Ard-Rúnaí ina measc, a fhanann ina bpoist gan aird ar athruithe a thagann ar an Rialtas. Déanann na hoifigigh seo comhairle agus cabhair a thabhairt don aire chun an roinn a reáchtáil.

Is féidir leat teacht ar eolas faoi chaitheamh an rialtais i ngach ceann de na ranna ar whereyourmoneygoes.gov.ie. Is féidir leat teacht freisin ar fhreagrachtaí na ndaoine a bhainistíonn ranna rialtais ar whodoeswhat.gov.ie.

Cad a dhéanann airí rialtais?

Tá an t-aire freagrach as a roinn agus is féidir leis an Taoiseach aire a bhaint ag aon tráth. Tá airí mar chuid den Rialtas agus suíonn siad ag cruinnithe de na hairí, áit a ndéantar cinntí faoi bheartas rialtais agus moltaí do bhillí nua Rialtais.

Is féidir leis an aire reachtaíocht nua nó leasaithe a mholadh don Rialtas a bhaineann le ceisteanna a thagann chun solais ina roinn.

Bíonn an chumhacht ag airí freisin Ionstraimí Reachtúla a dhéanamh, ar a dtugtar reachtaíocht tharmligthe nó thánaisteach freisin. Ní féidir le hAire Ionstraim Reachtúil a dhéanamh ach má bhíonn cead acu amhlaidh a dhéanamh sa bhunreachtaíocht. Mar shampla, bronntar an chumhacht san Acht Inimirce 2004 ar an Aire Dlí agus Cirt ordú a dhéanamh a dhéanann tír a chur leis nó a bhaint ón liosta tíortha a dteastaíonn víosa óna saoránaigh chun Éire a iontráil.

Is féidir leat amharc ar reachtaíocht Rialtas na hÉireann go léir ó 1922 ar aghaidh.

Ranna agus seirbhísí

Tá 18 roinn rialtais ann. Tá aire stáit i gceannas ar gach roinn.

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

  • Rialaíonn an Roinn seo na hearnálacha talmhaíochta agus mara.
  • Oibríonn sé scéimeanna agus soláthraíonn sé tacaíochtaí do dhaoine a oibríonn sna hearnálacha seo.
  • Coimeádann sé clár oibreoirí gnólachtaí bia.
  • An Scéim Ghlas do Thimpeallacht na Talmhaíochta ar Bheagán Carbóin (GLAS) a reáchtáil.
  • An tSeirbhís Foraoiseachta agus saincheisteanna maidir le ceadúnais foraoise a oibriú.
  • Iontráil ainmhithe go hÉirinn a rialú.

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

  • Tá an Roinn seo freagrach as an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (TUSLA), a dhéanann maoirseacht ar leas leanaí in Éirinn.
  • Oibríonn sé Clár Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) agus an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí
  • Cistíonn sé Ionaid Acmhainní Teaghlaigh
  • Oibríonn sé Seirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Cosanta

  • Tá sé freagrach as Arm na hÉireann, an tAerchór agus an Cabhlach
  • Tá sé freagrach as Cosaint Shibhialta
  • Reáchtálann sé an Oifig Pleanála Éigeandála

An Roinn Oideachais

  • Tá sé freagrach as beartas oideachais in Éirinn
  • Oibríonn sé an tÚdarás um Ard-Oideachas
  • Oibríonn sé Coimisiún na Scrúduithe Stáit
  • Oibríonn sé an Chomhairle Mhúinteoireachta
  • Oibríonn sé Solas

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Oideachais ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta

  • Cuireann sé infheistíocht chun cinn in Éirinn tríd an ÚFT
  • Tacaíonn sé le gnólachtaí trí dheontais agus cistiú
  • Déanann sé measúnú ar iarratais ar cheadanna fostaíochta

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

  • Tá sé freagrach as pleananna an Rialtais dul i ngleic le hathrú aeráide.
  • Tá sé freagrach as seirbhísí poist agus Éirchóid
  • Déanann sé maoirseacht ar dheontais fuinneamh baile trí Údarás Fuinnimh Inbhuanaithe na hÉireann
  • Déanann sé an tionscal a cheadúnú agus a rialáil tríd an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Airgeadais

  • Leagann sé an buiséad bliantúil amach
  • Déanann sé maoirseacht ar na Coimisinéirí Ioncaim
  • Déanann sé maoirseacht ar scairshealbhú an Stáit i seirbhísí airgeadais

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Airgeadais ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

•Cuireann sé Éire chun cinn go hidirnáisiúnta

•Reáchtálann sé consalachtaí agus ambasáidí Éireannacha thar lear

•Déanann sé maoirseacht ar Sheirbhís na bPasanna

•Cuireann sé seirbhísí consalachta ar fáil d’Éireannaigh a chónaíonn thar lear

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Gnóthaí Eachtracha ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

  • Tá sé freagrach as beartas agus cistiú breisoideachais
  • Déanann sé maoirseacht ar cháilíochtaí eachtracha a aithint

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ar a láithreán gréasáin

An Roinn Sláinte

  • Tá sé freagrach as beartas sláinte in Éirinn
  • Cistíonn sé FSS
  • Cuireann sé stíleanna maireachtála agus beartais níos sláintiúla chun cinn chun feabhas a chur ar shláinte dhaoine in Éirinn
  • Eisíonn sé Cártaí Leighis agus cártaí cuairte DG trí FSS

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Sláinte ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

•Déanann sé maoirseacht ar an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe

•Déanann sé maoirseacht ar an rialtas áitiúil

•Tá sé freagrach as beartas tithíochta poiblí

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Dlí agus Cirt

  • Déanann sé maoirseacht ar an tSeirbhís Chúirteanna
  • Déanann sé maoirseacht ar an tSeirbhís Inimirce a Sholáthar agus an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta
  • Tá sé freagrach as slándáil agus faisnéis náisiúnta

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Dlí agus Cirt ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Caiteachais Phoiblí, um Sholáthar an PFN agus Athchóirithe

  • Déanann sí maoirseacht ar chaitheamh an rialtais
  • Cuireann sí athchóiriú chun cinn ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí
  • Comhordaíonn sí Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OPOFR), atá freagrach as seirbhísí digiteacha an rialtais
  • Déanann sí maoirseacht ar sholáthar an Phlean Forbartha Náisiúnta, Tionscadal Éireann 2040, chun tacú le borradh ionchasach ar an daonra trí bhonneagar, poist, áiteanna cónaithe agus conláistí a fhorbairt

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Caiteachais Phoiblí um Sholáthar an PFN agus Athchóirithe ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

  • Déanann sé maoirseacht ar réimse clár atá ceaptha imeascadh sóisialta agus forbairt pobail inbhuanaithe a chur chun cinn
  • I measc na gcomhlachtaí a ndéanann an Roinn maoirseacht orthu, tá Uisce Éireann, Pobal, agus an an Rialálaí Carthanas

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail Dlí agus Cirt ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Coimirce Sóisialaí

  • Cuireann sé tacaíochtaí ioncaim ar fáil, cosúil le Sochar Cuardaitheora Poist agus Sochar Breoiteachta
  • Oibríonn sé seirbhísí tacaíochta fostaíochta, cosúil le Fostaíocht Pobail agus Tús
  • Imscrúdaíonn sé calaois agus mí-úsáid sa chóras coimirce sóisialaí

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Coimirce Sóisialaí ar a láithreán gréasáin.

Roinn an Taoisigh

  • Oibríonn sé le ranna rialtais eile chun beartas a chur i bhfeidhm, go príomha tríd an struchtúr coistí comh-aireachta
  • Tá sé freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh leis an Uachtarán agus Tithe an Oireachtais thar ceann an rialtais

Is féidir leat níos mó a léamh faoi Roinn an Taoisigh ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

  • Tacaíonn sé leis an tionscal turasóireachta chun ioncam agus fostaíocht a mhéadú
  • Déanann sé maoirseacht ar chláir a chuireann cultúr agus ealaíona na hÉireann chun cinn
  • Cuireann sé an Ghaeilge chun cinn i measc an phobail i gcoitinne agus tacaíonn sé le forbairt na Gaeltachta
  • Cuireann sé rannpháirtíocht sa spórt chun cinn i measc an phobail i gcoitinne agus forbraíonn sé áiseanna ardfheidhmíochta do lúthchleasaithe den scoth
  • Forbraíonn sé beartas craolacháin agus meán agus déanann sé maoirseacht ar eagraíochtaí cosúil le hÚdarás Craolacháin na hÉireann (an BAI), RTÉ agus TG4

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar a láithreán gréasáin.

An Roinn Iompair

  • Déanann sé maoirseacht ar obair réimse gníomhaireachtaí atá freagrach as forbairt agus oibriú bhonneagar iompair na hÉireann
  • I measc na gcomhlachtaí ar a ndéanann an Roinn maoirseacht, tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an ÚSB), an Garda Cósta agus an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí (an AIAT)

Is féidir leat níos mó a léamh faoin Roinn Iompair ar a láithreán gréasáin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Nollaig 2022