Vacsaíniú fliú

Réamhrá

Is tinneas víreasach é an fliú a théann i bhfeidhm ar do scamhóga agus ar d'aerbhealaí uachtaracha. Tá sé an-tógálach agus is féidir leis a bheith ina chúis le haimhréidheanna tromchúiseacha do dhaoine áirithe. Is féidir leis vacsaín fliú bliantúil tú a chosaint áfach.

Baineann an fhaisnéis seo leis an gclár vacsaínithe fliú 2022/2023. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gclár seo ar láithreán gréasáin FSS.

An féidir liom an vacsaín fliú a fháil?

Is féidir leat vacsaín fliú saor in aisce a fháil má tá tú:

  • Idir 2 agus 17 mbliana d'aois
  • 65 bliana d'aois agus os a chionn
  • I d'oibrí cúram sláinte
  • Ag iompar clainne
  • I do chónaí i dteach altranais nó i saoráid chúraim fhadtéarmach eile
  • I dteagmháil rialta le muca, éanlaith chlóis nó éanlaith uisce
  • Ag maireachtáil le ceann de na riochtaí sláinte seo
  • I do theagmhálaí teaghlaigh nó cúramóir do dhuine éigin a bhfuil ceann de na riochtaí sláinte thuas orthu

Tugtar an vacsaín do leanaí trí sprae sróine seachas instealladh.

Má tá tú incháilithe do vacsaín fliú saor in aisce, beidh ort d’uimhir PSP a sholáthar ag do choinne.

Is féidir leat do theanndáileog COVID-19 agus do vacsaín fliú a fháil ag an am céanna.

Cad is fliú ann?

Tá cineálacha éagsúla (nó ‘tréithchineálacha') víreas fliú ann a théann timpeall gach bliain. Ba chóir duit vacsaín fliú nua a fháil gach séasúr lena chinntiú go bhfuil tú faoi chosaint. Maireann an séasúr fliú ó Dheireadh Fómhair go hAibreán gach bliain.

Má tá tú ionfhabhtaithe le fliú, is féidir leat é a scaipeadh chuig daoine eile trí chasacht nó sraothartach. Is féidir leat an fliú a scaipeadh freisin trí theagmháil a dhéanamh le dromchlaí gan do lámha a ní.

Is féidir leat daoine eile a ionfhabhtú ó 1-2 lá sula dtagann na siomptóim chun cinn, agus suas le 5 lá tar éis do na siomptóim teacht chun cinn. Léigh na difríochtaí idir siomptóim an fhliú agus siomptóim COVID-19.

Cé is mó atá i mbaol?

Is féidir leis an bhfliú dul i bhfeidhm ort ag aois ar bith, ach tá roinnt daoine níos mó i mbaol agus moltar go láidir dóibh an vacsaín fliú a fháil.

Tá an vacsaín fliú saor in aisce do dhaoine atá níos mó i mbaol (liostaithe thuas).

Conas an vacsaín fliú a fháil

De ghnáth is féidir leat do vacsaín fliú bliantúil a fháil ó:

  • Dochtúir Teaghlaigh (GP)
  • Cógaiseoir áitiúil (faoi réir fáil a bheith air)
  • Rannóg sláinte ceirde

Mura bhfuil GP agat, is féidir leat GP a aimsiú i do cheantar féin.

Cathain an vacsaín fliú a fháil

Is gnách go mbíonn an vacsaín fliú ar fáil ó thús mhí Dheireadh Fómhair go dtí deireadh mhí Aibreáin gach bliain.

Cosnóidh sé tú i gcoinne na dtréithchineálacha is coitianta den fhliú a théann timpeall gach geimhreadh. De réir mar a athraíonn tréithchineálacha fliú gach bliain, ba cheart duit vacsaín fliú nua a fháil gach séasúr.

Nuair a fhaigheann tú an vacsaín fliú, tosóidh do chóras imdhíonachta ag táirgeadh antasubstaintí. Ansin, má thagann tú i dteagmháil leis an víreas fliú, troidfidh na hantasubstaintí seo é agus ní éireoidh tú tinn.

Níl víris bheo sa vacsaín fliú – ciallaíonn sé seo nach féidir leis an fliú a thabhairt duit.

Vacsaín fliú le linn toirchis

Má tá tú ag iompar clainne, ba chóir duit an vacsaín fliú a fháil a luaithe is féidir. Tá sé seo amhlaidh toisc go bhfuil níos mó baol ann go mbeidh aimhréidheanna ag daoine atá ag iompar clainne mar gheall ar an bhfliú.

Má tá tú ag iompar clainne trí dhá shéasúr fliú (mar shampla, téann do thoircheas ó dheireadh séasúr fliú amháin go dtí tús séasúr fliú eile), b'fhéidir go mbeidh ort dhá vacsaín fliú a fháil (ceann i ngach séasúr fliú). Léigh tuilleadh faoin vacsaín fliú le linn toirchis.

B'fhéidir go mbeidh tú in ann an vacsaín fliú a fháil ar an lá céanna leis an vacsaín do thriuch.

Costas na vacsaíne fliú

Má tá tú i gceann de na grúpaí atá i mbaol, is féidir leat do vacsaín fliú a fháil saor in aisce. Cuimsíonn an vacsaín fliú saor in aisce daoine 65 bliana d'aois agus níos sine do shéasúr fliú 2022/2023.

Mura bhfuil tú i gceann de na grúpaí atá i mbaol, seiceáil an costas le do dhochtúir teaghlaigh nó le cógaiseoir.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Samhain 2020