Toircheas neamhbheartaite

Réamhrá

Má tá toircheas neamhbheartaithe agat agus má tá tacaíocht uait, tá seirbhísí rúnda saor in aisce ar fáil lena n-áirítear comhairleacht chun cabhrú leat do roghanna a mheas agus an fhaisnéis atá uait a fháil.

Tacaíocht do chomhpháirtithe

Is féidir le do pháirtí nó le ball den teaghlach comhairleoireacht a fháil freisin le haghaidh toirchis neamhbheartaithe nó tar éis ginmhilte.

Faisnéise agus comhairleoireacht soar in aisce

Saorghlao le haghaidh faisnéise agus comhairleoireachta

Is féidir leat saorghlao a chur ar an líne chabhrach My Options chun eolas agus tacaíocht a fháil ar na roghanna go léir atá agat má bhíonn toircheas neamhbheartaithe agat. Tugann an líne chabhrach saor in aisce seo eolas ar thacaíochtaí leanúnacha toirchis agus ar sheirbhísí ginmhillte. Soláthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) é.

Saorghlao 1800 828 010.

Má tá tú ag glaoch ó lasmuigh d'Éirinn, cuir glaoch ar +353 59 9165066

Is féidir leat dul i dteagmháil le My Options trí chomhra ar láithreán Gréasáin freisin

Comhairleoireacht duine le duine

Is féidir leat comhairleoireacht phearsanta saor in aisce a fháil freisin ó sheirbhís chomhairleoireachta atá maoinithe ag FSS le haghaidh toirchis neamhbheartaithe. Seiceáil cá bhfuil an tseirbhís chomhairleoireachta is gaire duit ar shuíomh Gréasáin FSS.

Léigh tuilleadh faoi sheisiún comhairleoireachta a chur in áirithe le haghaidh toirchis neamhbheartaithe.

Tacaíochtaí chun leanúint ar aghaidh le toircheas

Má cheapann tú go bhfuil tú torrach, ba chóir duit cuairt a thabhairt ar do dhochtúir teaghlaigh nó dul i dteagmháil le d'aonad máithreachais nó d'ospidéal áitiúil. Is féidir leo faisnéis a thabhairt duit ar na roghanna cúraim toirchis atá ar fáil duit.

Is é cúram réamhbhreith an cúram a fhaigheann tú ó ghairmithe cúram sláinte le linn do thoircheas. Tá cúram réamhbhreith in ospidéil mháithreachais phoiblí saor in aisce. Tá do choinní DG faoin Scéim um Chúram Máithreachais agus Naíonán saor in aisce freisin.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi roghanna cúram réamhbhreithe agus máithreachais ar shuíomh Gréasain FSS.

Má tá leanbh a bheith agat, ta sochair agus teidlíochtaí éagsúla ann a bhaineann le breith agus leanaí.

acmhainní faisnéise ann do thuismitheoirí, lena n-áirítear do thuismitheoirí óga agus do theaghlaigh aontuismitheora.

Más mian leat uchtáíl a roghnú

Is éard is uchtú ann nuair a leanann tú den toircheas ach go dtugann tú toiliú dlíthúil do do leanbh a bheith ina bhall de theaghlach eile ar bhonn buan.

Is féidir leat uchtáil a roghnú ag aon chéim le linn do thoircheas.

Má tá tú ag smaoineamh ar uchtáil, ní gá duit cinneadh deiridh a dhéanamh go dtí roinnt míonna tar éis bhreith do linbh. Is féidir leat é seo a phlé le comhairleoir le haghaidh toirchis neamhbheartaithe.

Ginmhilleadh in Éirinn

Má tá cónaí ort in Éirinn, is féidir leat seirbhísí ginmhillte a fháil saor in aisce sa tseirbhís sláinte pioblí.

Is é ginmhilleadh, ar a dtugtar foirceannadh toirchis freisin, an próiseas leighis chun deireadh a chur le toircheas. D'fhéadfadh go mbeadh cógas á ghlacadh nó mionnós imeachta máinliachta i gceist leis.

Féadfaigh tú faisnéis a léamh ó FSS maidir le cinneadh a dhéanamh maidir le ginmhilleadh a bheith agat agus má tá aon bhaol ann agus ginmhilleadh á fháil.

Cathain is féidir ginmhilleadh a bheith agat?

Is féidir ginmhilleadh a bheith agat suas le 12 sheachtain ó thoircheas (is é sin, gan níos mó ná 84 lá ón gcéad lá de do fhuil mhíosta dheireanach). Beidh ort tús a chur leis an bpróiseas níos luaithe ná seo

Tar éis 12 seachtaine, ní féidir ginmhilleadh a bheith agat ach i gcúinsí eiseachtúla, má:

  • Cuireann an toirchis do shaol i mbaol
  • Rioscaí dochar tromchúiseach le do shláinte
  • Is docha go dtiocfaidh bás an fhéatas roimh bhreith nó laistigh de 28 lá ó bhreith mar gheall ar fhadhb lena fhorbairt

Dá luaithe a dhéantar ginmhilleadh, is ea is simplí agus is sábháilte a bheidh sé.

Conas ginmhilleadh a fháil in Éirinn

Ní mór duit freastal ar chomhairliúchán réamhghinmhillte agus ní mór do dhocthúir a dheimhniú nach mbeidh tú níos faide ná 12 sheachtain ag iompar clainne tráth an ghinmhillte. Ba cheart duit an comhairliúchán seo a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Fanacht 3 lá

Tar éis duit an deimhniú seo a fháil ní mór duit fanacht 3 lá ar a laghad sula mbeidh ginmhilleadh agat. Mar shampla, má tá tú deimhnithe ar an Máirt, is é an Aoine an ceann is luaithe ar féidir ginmhilleadh a bheith agat.

Tá eolas ag FSS faoi cá háit le dul chun ginmhilleadh a fháil in Éirinn, cé na hospidéil a sholáthraíonn seirbhísí ginmhillte agus cé chomh fada a thógann sé an gnáthamh.

Má tá tú faoi 18 ag fáil ginmhilleadh

Má tá tú faoi 18 mbliana d'aois, moltar duit do thuismitheoirí nó do dhuine fásta tacaíochta eile a thabhairt isteach.

Má tá tú os cionn 16 bliana d'aois, féadfaidh tú roghnú gan duine fásta a bheith páirteach ann agus is féidir le dochtúir ginmhilleadh a thairiscint duit má cheapann siad go dtuigeann tú an t-eolas agus go dtugann siad toiliú.

Má tá tú faoi bhun 16 bliana d'aois, agus go roghnaíonn tú gan duine fásta a bheith páirteach ann, ní feidir le dochtúir ginmhilleadh a thairiscint duit ach amháin má tá imthosca eisceachtúla ann agus go bhfuil measúnú déanta agat le dochtúir.

Má chreideann do dhoctúir go bhfuil baol ann do do shábháilteacht nó do leas, i gcúinsí áirithe, d'fhéadfadh go mbeadh ar dhochtúir do shonraí a thuairisciú do Tusla - an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Tar éis ginmhilleadh

Cuirfear seiceáil iar-ghinmhillte saor in aisce ar fáil duit thart ar 2 sheachtain tar éis ginmhilleadh a bheith agat. Is féidir leat an tseiceáil seo a dhéanamh leis an Dochtúir Teaghlaugh nó leis an dochtúir a chonaic tú le linn do chomhairliúcháin réamhghinmhillte. Tá an coinne seo roghnach.

Cuireann FSS foireann altranais 24 uair an chloig ar fáil do dhuine a fuair ginmhilleadh le déanaí agus a dteastaíonn comhairle leighis uaidh.

Ta faisnéis úsáideach ag FSS tar éis ginmhillte chomh maith le seiceálacha, comhairleoireacht, tacaíocht agus iarchúram tar éis ginmhillte.

Cé leis dul i dteagmháil

Fón My Options

Saor ghlao: 1800 82 80 10Lasmuigh de Phoblacht na hÉireann: +353 59 9165066

Faisnéise agus comhairleoireacht

Luan go hAoine: 9am go 8pmDé Sathairn: 10am go 2pm

Comhairle leighis

24 uair sa lá, 7 lá na seachtaine

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann

Déan coinne a chur in áirithe tríd an gCianseirbhís Ateangaireachta na hÉireann chun rochtain a fháil ar MyOptions trí úsáid a bhaint as teanga chomharthaíochta.

Irish Text Relay Service

Cabhraíonn an tseirbhís seo le daoine bodhra, lagéisteachta nó lagaithe cainte, glaonna a dhéanamh agus a fháil go neamhspleách. Déan coinne trí Irish Text Relay Service.

Cómhrá ar líne

Déan teagmháil le My Options trí chomhrá ar líne anseo le haghaidh faisnéise agus tacaíochta.

Ní thaifeadann My Options glaonna.

Mura bhfuil Béarla agat féin nó ag aon duine éigin a bhfuil aithne agat air

Mura bhfuil Béarla agat, is féidir le MyOptions ateangaire a sholáthar duit. Saor ghlao: 1800 82 80 10

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Deireadh Fómhair 2023