Ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha (STIanna)

Réamhrá

Tagann ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha (STIanna) ar dhaoine go han-mhinic. Is féidir leo teacht ar dhaoine beag beann ar a n-aois agus a gcúlraí. Má bhíonn tú buartha faoi STI, is féidir leat eolas agus cabhair a fháil, chomh maith le cóireáil, má theastaíonn sé uait.

Cuirtear eolas ar fáil ar an leathanach seo ar shláinte ghnéis, ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha (STIanna) san áireamh, conas tástáil STI a fháil agus conas cosc a chur ar STIanna ina measc.

Cad é ionfhabhtú gnéas-tarchurtha (STI)?

Ionfhabhtú atá in ionfhabhtú gnéas-tarchurtha (STI) a d’fhéadfadh teacht ort má thugann tú faoi ghníomhaíocht ghnéasach le duine galrach.

Cuirtear eolas ar fáil ar láithreán gréasáin FSS, sexualwellbeing.ie ar sláinte ghnéis agus ar STIanna a thagann ar dhaoine in Éirinn go minic, cosúil le clamaidia, gallbholgach, VEID agus cinn eile nach iad.

Má bhíonn tú buartha faoi STI, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar do DG, cógaiseoir nó clinic STI chun comhairle leighis a fháil.

Ní bhíonn comharthaí ag STIanna i gcónaí. Is féidir le STIanna bheith ina gcúis le fadhbanna tromchúiseacha sláinte mura gcuirtear cóir orthu agus is tábhachtach, mar sin, go ndéantar tástáil rialta ort.

Cá féidir liom tástáil STI a fháil in Éirinn?

Ba cheart duit tástáil STI a fháil sna cásanna seo a leanas:

  • Tá aon chomharthaí STI ort
  • Tá STI ar do pháirtí gnéis
  • Tá páirtí gnéis nua agat
  • Tá breis agus páirtí gnéis amháin agat

Tástáil saor in aisce STI a ordú chuig d’áit chónaithe

Má tá tú níos sine ná 17 mbliana d’aois agus má chónaíonn tú in Éirinn, is féidir leat tástáil saor in aisce STI a ordú ar líne is féidir leat a dhéanamh sa bhaile. Mura mbíonn aon phacaí eile ar fáil lena n-ordú, bain triail eile as an mhaidin dar gcionn. Seolfar do phaca tástála STI chugat i gclúdach litreach bán ar féidir é a chur trí bhoscaí litreach.

Conas tástáil saor in aisce STI a dhéanamh

Tiocfaidh tú ar threoracha ar conas an paca tástála STI a úsáid agus cuirfear clúdach litreach faoi stampa is seoladh ar fáil le do phaca tástála a rinne tú a sheoladh ar ais chuig an tsaotharlann. Cuirfear do thorthaí in iúl duit ar an nguthán nó trí theachtaireacht téacs laistigh de 72 uair an chloig tar éis gur bhain na samplaí an tsaotharlann amach.

Tástáil a dhéanamh ag clinic STI

Cuirtear tástálacha saor in aisce STI ar fáil i roinnt ospidéal agus clinicí chomh maith. Seiceáil cá bhfuil an t-ionad tástála STI is gaire duit suite

Is féidir leat tástálacha STI a fháil freisin ó go leor DGanna, seirbhísí sláinte mac léinn nó eagraíochtaí neamhrialtasacha (mar shampla VEID Éire/HIV Ireland) ach b’fhéidir go mbeidh ort íoc as do thástáil.

Is féidir leat léamh faoin méid a tharlaíonn i rith tástáil STI agus an méid a tharlaíonn má bhaineann tú toradh dearfach amach do STI ar láithreán gréasáin FSS.

STIanna a chosc

Laghdaíonn coiscíní a úsáid an baol go dtiocfaidh STI ort. Is féidir leat coiscíní saor in aisce a fháil ó:

  • Clinicí sláinte ghnéis nó GUM (míochaine úraiginitiúil)
  • Ó roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha sláinte ghnéis
  • Go leor coláistí tríú leibhéal

Is féidir leat coiscíní a cheannach gan oideas ó go leor ollmhargaí, siopaí nuachtán agus cógaslann in Éirinn.

Is féidir leat léamh faoi bhealaí eile leis an mbaol a laghdú go dtiocfaidh STI ort.

Vacsaíní le STIanna a chosc

Is féidir le vacsaíní roinnt ionfhabhtuithe a chosc a tharchuirtear i rith gníomhaíocht ghnéasach, an Papalómaivíreas Daonna (HPV) agus Heipitíteas A agus B ina measc.

Cuireann roinnt clinicí poiblí STI vacsaínithe saor in aisce ar fáil. Bíonn iad seo ar fáil go ginearálta do dhaoine a d’fhéadfadh bheith i mbaol ionfhabhtú a fháil trí tharchur gnéasach.

Is féidir leat eolas breise a fháil faoi vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtuithe a tharchuirtear go gnéasach ó FSS.

Vacsaín HPV

Má tá tú i do chéad bhliain sa mheánscoil, cuirfear an vacsaín HPV ar tairiscint duit mar chuid den chlár vacsaínithe scoile. Cosnaíonn an vacsaín HPV in aghaidh an víris HPV, ar féidir leis bheith mar chúis le hailse i measc fear agus ban.

D’fhógair an Roinn Sláinte clár vacsaíne cúitimh HPV in 2022 do leanaí agus do mhná nár tugadh a vacsaíní dóibh mar gheall ar COVID-19. Nuashonrófar an leathanach seo a luaithe a bheidh eolas breise ar fáil.

Is féidir leat níos mó a léamh faoin vacsaín HPV ar láithreán gréasáin FSS.

Vacsaín bolgaí moncaí

Scaiptear an víreas bolgaí moncaí ó dhuine go duine nuair a dhéanann siad teagmháil an-dlúth le chéile. Má rinne tú teagmháil dhlúth le duine ar a bhfuil bolgach mhoncaí, déanfaidh gairmithe sláinte teagmháil leat. Cuirfidh siad in iúl duit más ceart duit vacsaín bolgaí moncaí a fháil.

Is féidir leat vacsaín bolgaí moncaí a chur in áirithe ar líne sna cásanna seo a leanas:

  • ní raibh bolgach mhoncaí ort
  • ní bhfuair tú vacsaín bolgaí moncaí nó ní bhfuair tú ach do chéad dáileog
  • tá tú i gceann amháin de na grúpaí seo atá i mbaol a liostaítear ar láithreán gréasáin FSS

Is féidir leat níos mó a léamh faoi Bholgach Mhoncaí ar láithreán gréasáin FSS.

Eolas breise ar shláinte ghnéis

Chun teacht ar eolas breise ar STIanna, cosúil le clamaidia, gallbholgach, VEID agus STIanna eile, tabhair cuairt ar sexualwellbeing.ie. Is féidir leat eolas a aimsiú ar riochtaí ginitiúla D’fhoilsigh FSS treoir maidir le STIanna i dteangacha éagsúla (pdf).

Is féidir níos mó a léamh faoi:

  • Frithghiniúint
  • Toircheas neamhphleanáilte

Acmhainn atá sa láithreán gréasáin b4udecide.ie do dhaoine óga agus tuismitheoirí, ar a gcuirtear eolas ar fáil ar ghnéasoideachas. Tá acmhainní eile ann do thuismitheoirí, múinteoirí agus oibrithe don ógra ar láithreán gréasáin an Chláir Shláinte Ghnéis agus um Thoirchis Ghéarchéime, sexualwellbeing.ie.

Láithreán gréasáin é Man2Man.ie ar a gcuirtear eolas ar fáil faoi shláinte ghnéis d’fhir aeracha agus dhéghnéasacha, agus d’fhir eile a mbíonn gnéas acu le fir in Éirinn.

Sonraí teagmhála

D’fhoilsigh FSS liosta clinicí agus eagraíochtaí STI a reáchtálann FSS.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Nollaig 2022