Liúntas Leasa na nDall

Réamhrá

Más duine dall nó duine lagamhairc tú, is féidir iarratas a dhéanamh ar Liúntas Leasa na nDall. Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í seo ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) do dhaoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine atá dall nó faoi lagamharc.

Conas cáiliú le haghaidh Liúntas Leasa na nDall

D’fhéadfá cáiliú le haghaidh Liúntas Leasa na nDall má bhaineann aon cheann díobh seo a leanas leat:

  • Tá Pinsean na nDall ón Roinn Coimirce Sóisialaí á fháil agat
  • Tá deimhniú ar lagú amhairc agat ó oftailmeolaí agus tá íocaíocht chothabhála ioncaim á fáil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí, nó íocaíocht slándála sóisialaí den chineál céanna ó thír éigin eile.
  • Tá ioncam agat faoi bhun ráta Phinsean na nDall agus ráta Liúntas Leasa na nDall (thíos) le chéile agus teastas um lagú amhairc ó mháinlia oftalmacha agat

Do radharc

Beidh ceann amháin de na míreanna seo a leanas ag teastáil uait chun do leibhéal radhairc a léiriú chun cáiliú do Liúntas Leasa na nDall:

Chun cáiliú chun Liúntas Leas na nDall a fháil, ní mór “radharc na súl is fearr a bheith cothrom le nó níos lú ná 6/60 sa tsúil is fearr nó, má tá raon an radhairc teoranta, nach mbeadh an trastomhas is leithne ná uillinn níos mó ná 20 céim”.

Conas iarratas a dhéanamh ar Liúntas Leasa na nDall

Comhlánaigh an fhoirm éilimh ar Liúntas Leasa na nDall (pdf) agus cuir isteach chuig d’Oifig Sláinte Áitiúil í, mar aon le fianaise ar d’ioncam agus ceann ar bith díobh seo a leanas:

  • Sonraí maidir le Pinsean na nDall atá á fháil agat
  • Deimhniú go bhfuil tú cláraithe le Comhairle Náisiúnta na nDall (NCBI)
  • Deimhniú ó lagú amhairc ó Mháinlia Oftalmach / Radharc-lia

Is féidir teastas breithe a chur isteach mura bhfuil Uimhir PSP (Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí) agatsa nó ag duine muinteartha atá liostaithe ar an bhfoirm.

Cúram cónaithe

Ní féidir Liúntas Leasa na nDall a fháil má tá tú i saoráid cúraim chónaithe ar bhonn fadtéarmach. Mar sin féin, má tá tú i saoráid cúraim chónaithe thú, féadfaidh tú do Liúntas Leasa na nDall a choinneáil ar feadh 8 seachtaine leanúnacha ar a mhéad in aon tréimhse 12 mhí.

Rátaí Liúntas Leasa na nDall

Is é an ráta seachtainiúil do Liúntas Leasa na nDall ná:

  • €66.70 do dhuine singil
  • €120 do lánúin atá dall (má cháilíonn an bheirt don liúntas)
  • €4.40 breise do gach leanbh cleithiúnach

Achomhairc ar Liúntas Leasa na nDall

Má cheapann tú gur diúltaíodh Liúntas Leasa na nDall duit go héagórach is féidir an cinneadh a achomharc trí leas a bhaint as próiseas achomhairc FSS.

Tuilleadh eolais

Is féidir le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (NCBI) a dheimhniú cibé an gcomhlíonann tú na critéir chun clárú mar dhuine dall. Ní gá duit na critéir chlárúcháin seo a chomhlíonadh, áfach, chun seirbhísí NCBI a úsáid.

Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

Bóthar Whitworth
Drom Conrach
Baile Átha Cliath 9
Éire

Teil: (01) 830 7033
Lóghlao: 1800 911 250
Facs: (01) 830 7787
Láithreán Gréasáin: http://www.vi.ie/
R-phost: info@ncbi.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Iúil 2023