Breoiteacht agus tú imithe ar scor

Eolas

Cé go mbíonn saol folláin ag formhór na ndaoine ar scor, tá cuid acu a bhíonn faoi bhreoiteacht agus mhíchumas agus d’fhéadfadh cúram a bheith ag teastáil uathu. D’fhéadfadh sé gur imigh cuid acu ar scor mar gheall ar theacht na breoiteachta nó an mhíchumais. Bíonn na híocaíochtaí agus seirbhísí lena bhfuil tú i dteideal ag brath ar d’aois agus do riachtanais. Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) freagrach as na híocaíochtaí thíosluaite a dhéanamh seachas nuair a luaitear a mhalairt.

Tacaíochtaí ioncaim do dhaoine breacaosta

Pinsinéirí

Más pinsinéir thú cheana féin nuair a éiríonn tú breoite nó faoi mhíchumas, ní athraíonn do shocruithe ioncaim; faigheann tú do phinsean agus do theidlíochtaí eile fós.

Fostaithe

Má tá tú fhostaithe, féadfar go bhfaighidh tú íocaíocht ó d’fhostóir ach bíonn sé seo ag brath ar do chonradh fostaíochta. Níl aon oibleagáid ar fhostóirí fostaithe a íoc nach bhfuil in ann obair a dhéanamh mar gheall ar bhreoiteacht ach tá forálacha i gconarthaí fostaíochta áirithe maidir le híocaíocht do dhaoine fad a bhíonn siad breoite. Cuirtear i bhfeidhm é seo gan aird ar aois.

Faoi 66 bliain d’aois

Má éiríonn tú breoite agus neamhábalta obair a dhéanamh roimh 66 bliain d’aois, féadfar go mbeidh tú i dteideal Sochar Breoiteachta a fháil. Beidh foirmeacha iarratais ag do LG.

Tá Sochar Breoiteachta bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC. Mura gcáilíonn tú toisc nach bhfuil go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat nó toisc go bhfuil tú féinfhostaithe, féadfar go mbeidh tú incháilithe Liúntas Leasa Forlíontach a fháil ar bhonn seachtainiúil.

Más timpiste a tharla san ionad oibre nó breoiteacht a fuarthas ann a bhí mar chúis le do breoiteacht nó míchumas, d’fhéadfá cáiliú do Shochar Díobhálacha Ceirde.

Breoiteacht agus míchumas fadtéarmach

Má tá breoiteacht nó míchumas fadtéarmach ort agus murar féidir leat leanúint ar aghaidh ag oibriú, féadfar go mbeidh tú in ann do scéim pinsin gairme nó phearsanta a éileamh má tá ceann agat agus in ann cáiliú do Shochar Breoiteachta. Má fhanann tú bheith neamhábalta obair a dhéanamh ar feadh bliana nó níos faide, féadfar go mbeidh tú incháilithe Pinsean Easláinte a fháil. Mura bhfuil tú incháilithe Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte a fháil, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Míchumais atá tástáilte ó thaobh maoine de.

Má tá tú incháilithe Pinsean Easláinte nó Liúntas Míchumais a fháil, féadfar go mbeidh tú incháilithe Saorthaisteal agus an Pacáiste Sochair Teaghlaigh a fháil chomh maith. Má tá fadhbanna agat maidir le do chíos nó morgáiste a íoc, féadfar go mbeidh tú in ann Forlíonadh Cíosa a fháil.

Féadfaidh an Scéim um Liúntas Leasa Forlíontach cúnamh a sholáthar le costais éagsúla amhail téamh, riachtanais eisceachtúla agus riachtanais phráinneacha.

Roghanna tithíochta

Tá roinnt deontais tithíochta ar fáil do dhaoine breacaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas. Má theastaíonn uait do bhaile a oiriúnú le cur ar do chumas fanacht ann, féadfar go mbeidh tú incháilithe an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil. D’fhéadfadh na hoiriúnuithe seomra breise a chuimsiú, an teach a dhéanamh inrochtana maidir le cathaoir rothaí nó seomra folctha agus leithreas a shuiteáil ar an mbunurlár. Déan iarratas ar d’údarás áitiúil. Soláthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) deontais freisin faoin Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta agus an Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta.

Má tá do theach féin mí-oiriúnach, féadfar go mbeidh tú ábalta teach a fháil ón údarás áitiúil atá curtha in oiriúint go speisialta do dhaoine breacaosta nó do dhaoine faoi mhíchumas, nó teach oiriúnaithe a fháil a chuireann eagraíocht tithíochta dheonach ar fáil. Bíonn difríochtaí ann maidir lena leithéid de thithe a bheith ar fáil agus a bheith incháilithe ina leith ó áit go háit ar fud na tíre.

Cúram sa bhaile

Má theastaíonn cúram uait, féadfaidh an FSS é a sholáthar nó féadfaidh siad cuidiú leat íoc as. Féadfar go mbeidh do chúramóir in ann íocaíocht a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí chomh maith.

Cúnamh le cúram sa bhaile

Má theastaíonn cúram uait le cur ar do chumas fanacht i do chónaí sa bhaile, féadfar go mbeidh tú in ann cúnamh a fháil ó rannán Seirbhísí Cúraim don Phobal de chuid FSS. Cuimsíonn an cúnamh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil duit cúnamh sa bhaile agus altranas sláinte poiblí.

Scéim um Chúram Baile dírithe go príomha orthu siúd óna dteastaíonn tacaíocht cúraim chun cur ar a gcumas cónaí sa bhaile go neamhspleách.

Féadfar go mbeifeá in ann cáiliú d’fhaoiseamh cánach ar chostais cúramóir a fhostú do dhuine muinteartha, cibé acu go díreach nó trí ghníomhaireacht.

Faoisimh chánach

faoisimh ó cháin ioncaim do dhaoine breacaosta agus faoisimh chánach do dhaoine faoi mhíchumas ann.

Liúntas Cúramóra

Is íocaíocht atá tástáilte ó thaobh maoine í an íocaíocht seo do dhaoine a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do dhuine breacaosta nó do dhuine éagumasaithe. Féadfar go mbeidh daoine a thugann cúram do níos mó ná duine amháin incháilithe 50% breise d’uasráta na híocaíochta a fháil. Má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, d'fhéadfadh go mbeifeá incháilithe Saorthaisteal agus an Pacáiste Sochair Teaghlaigh a fháil chomh maith.

Is féidir leat obair a dhéanamh nó cúrsaí oideachais nó oiliúna a dhéanamh a mhéid le 15 huaire in aghaidh na seachtaine, chomh fada agus a dhéanann tú socruithe imleora maidir leis an duine óna dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha agus go gcuirtear iad seo in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí.

Liúntas Cúramóra Leath-Ráta

Má tá íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh á bhfáil agat agus má tá cúram agus aird lánaimseartha á soláthar agat do dhuine eile, féadfaidh tú d’íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád agus Liúntas Cúramóra Leath-Ráta a fháil.

Sochar Cúramóra

Is íocaíocht árachais shóisialaigh í seo do dhaoine a éiríonn as obair chun cúram a thabhairt do dhuine éagumasaithe agus óna dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha. Is féidir í a íoc ar feadh suas le dhá bhliain agus íoctar méaduithe má tá páistí cleithiúnacha agat. Má thugann tú cúram do níos mó ná duine amháin, féadfar go mbeidh tú incháilithe 50% breise d’uasráta na híocaíochta a fháil. Caithfidh tú a bheith idir 18 agus 66 bliain d’aois agus caithfidh dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat le bheith incháilithe Sochar Cúramóra a fháil. Féadfar go mbeidh tú incháilithe Saoire Chúramóra a fháil ó do chuid fostaíochta.

Is féidir leat obair a dhéanamh nó cúrsaí oideachais nó oiliúna a dhéanamh a mhéid le 15 huaire in aghaidh na seachtaine, chomh fada agus a dhéanann tú socruithe imleora, agus go gcuirtear iad seo in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí agus nach sáraíonn tú teorainn ioncaim.

Deontas Cúram Faoisimh

Tá an Deontas Cúraim Faoisimh ar fáil do gach cúramóir a thugann cúram lánaimseartha do dhuine breacaosta nó do dhuine faoi mhíchumas gan aird ar mhaoin. Is iad na daoine amháin a dhéantar a eisiamh ná iad siúd a fhaigheann íocaíocht dífhostaíochta nó iad siúd a oibríonn taobh amuigh den bhaile ar feadh níos mó ná 15 huaire in aghaidh na seachtaine. Íoctar an deontas i mí an Mheithimh gach bliain. Faigheann tú an íocaíocht seo go huathoibríoch má fhaigheann tú liúntas cúramóra, nó cuir iarratas isteach ar an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Seirbhís leighis

Cárta leighis/Cárta cuairte LG

D’fhéadfá cáiliú do chárta leighis.

Mura gcáilíonn tú do chárta leighis mar gheall go bhfuil do mhaoin ró-ard, déantar measúnú uathoibríoch ort chun Cárta Cuarite LG a fháil, ag a bhfuil teorainneacha ioncaim níos airde.

An Scéim Breoiteachta Fadtéarmaí

Faoin Scéim Breoiteachta Fadtéarmaí, tá drugaí, cógais agus roinnt gairis cheadaithe a dhéantar a ordú chun cóir leighis a chur ar riochtaí áirithe míochaine ar fáil saor in aisce.

Scéim Íocaíochta Drugaí

Mura bhfuil cárta leighis agat, íocann an Scéim Íocaíochta Drugaí as drugaí agus cógais ordaithe atá os cionn suim sheasta mhíosúil. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó do chógaslann áitiúil, d’Oifig Sláinte Áitiúil nó d’ionad sláinte.

Muirir ospidéil

Gearrtar muirir ar ospidéil phoiblí, ach bíonn roinnt daoine díolmhaithe, lena n-áirítear sealbhóirí cárta leighis. Má roghnaíonn tú cúram ospidéil phríobháidigh, tá ort íoc as na costais iomlána a bheidh i gceist. Féadfar go mbeidh cuid de na costais seo nó na costais iomlána cumhdaithe ag árachas sláinte príobháideach.

Cáin ioncaim

Is féidir leat costais leighis a éileamh i gcoinne cáin ioncaim atá íoctha. Ar dtús, caithfidh tú aon éileamh eile agus is féidir leat a dhéanamh, mar shampla, ar árachas sláinte príobháideach.

faoiseamh cánach ar fáil ar chostais cúramóir a fhostú do dhuine muinteartha.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Meitheamh 2015