Teiripe urlabhra agus teanga

Cad is teiripe urlabhra agus teanga ann?

Má bhíonn deacracht agat le do chumarsáid, do chaint, do theanga, do líofacht nó do ghuth, is féidir le teiripeoir urlabhra agus teanga tú a mheasúnú. Féadfaidh siad a bheith in ann tú a dhiagnóiseadh agus a chóireáil. Is féidir le teiripeoirí urlabhra agus teanga cabhrú leat freisin le hithe, le hól agus le slogtha (ar a dtugtar Diosfaige freisin). Léigh faoin méid a dhéanann teiripeoir urlabhra agus teanga.

Tá teiripe urlabhra agus teanga ar fáil in go leor áiteanna, lena n-áirítear ionaid sláinte áitiúla, ospidéil agus scoileanna. Féadfaidh tú seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga a fháil sa tseirbís sláinte poiblí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Is féidir lear seirbhísí príobháideacha teiripe urlabhra agus teanga a fháil freisin.

An féidir liom teiripe urlabhra agus teanga a fháil?

Páistí

Má tá teiripe urlabhra agus teanga de dhíth ar do leanbh, féadfar é a atreorú chuig do Líonraí Míchumais Leanaí (CDNT) áitiúil. Léigh tuilleadh faoi conas atreorú a fháil do leanbh thíos. Is féidir leat faisnéis a lamh ó FSS ar theiripe urlabhra agus teanga do leanaí.

Is féidir leat comhairle agus tacaíocht do thuismitheoirí agus cúramóirí a sheiceáil.

liosta de shuímh gréasáin agus eagraíochtaí úsáideacha ag FSS ar mhíchumas paistí.

Daoine Fásta

Má tá deacrachtaí cumarsáide agat, bhfeidir go mbeifeá in ann seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga a fháil trí d'Oifig Sláinte Áitiúil, nó trí eagraíochataí deonacha a oibríonn ar conradh le FSS. D'fhéadfadh go mbeadh teiripe urlabhra agus teanga de dhíth ort tar éis stróc, timpiste nó neamhord néareolaíoch forásach.

Cé mhéad a chosnaíonn teiripe urlabhra agus teanga?

Is féidir leat seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga saoir in aisce a fháil ón tseirbhís sláinte poiblï (FSS).

Ní mór duit íoc as aon seirbhísí a fhaigheann tú ó theiripeoir príobháideach Urlabhra agus Teanga. D'fhéadfadh go mbeifeá in ann faoiseamh cánach ar chostais leighis a éileamh, áfach.

Conas iarratas a dhéanamh ar theiripe urlabhra agus teanga

Iarratas a dhéanamh tríd an gcóras cúram sláinte poiblí (FSS)

Dèan teagmháil le d'Oifig Sláinte Áitiúil chun eolas a fháil ar na seirbhísí atá ar fáil duit i do cheantar.

Is féidir le do dhoctúir teaghlaigh do leanbh a treorú chuig d'Fhoireann Líonra Míchumais Leanaí áitiúil (CDNT). Is féidir leat an atreorú seo a dhéanamh tú féin freisin.

Tar éis duit iarratas a dhéanamh, d'fhéadfadh go mbeadh liosta feithimh le haghaidh teiripe urlabhra agus teanga. Is é an t-éileamh ar sheirbhísí i do cheantar agus riachtanais tú féin nó do linbh a shocróidh ce chomh fada a bheidh tú ag fanacht.

Iarratas a dhéanamh tríd an gcóras cúram sláinte príobháideach

Má theastaíonn teiripe urlabhra agus teanga príobháideach uait, féadfaidh tú teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an teiripeoir. Seiceáil an liosta Teiripeoirí Neamhspleácha Urlabhra in Éirinn (ISTI) de na ballteiripeoirí i gcleachtas príobháideach.

Tuilleadh faisnéise

Tá gach teiripeoir urlabhra agus teanga á rialú ag CORU, a choimeádann clár teiripeoirí.

Is é Cumann na hÉireann um Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga (IASLT) an cumann gairmiúil teiripeoirí urlabhra agus teanga in Éirinn.

Is féidir leat faisnéis a fháil ar theiripe urlabhra agus teanga ó go leor eagraíochtaí, mar shampla, grúpaí tacaíochta le haghaidh stadaireacht, stróc nó galar Parkinson.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Deireadh Fómhair 2023