Sábháilteacht bia sa bhaile

Réamhrá

Is tinneas é nimhiú bia a tharlaíonn mar thoradh ar bhia éillithe a ithe nó a ól. Is féidir leat an baol nimhithe bia a laghdú trí aird a thabhairt ar shábháilteacht bia sa bhaile.

Mínítear sa doiciméad seo conas bia a stóráil, a ullmhú agus a chócaráil go sábháilte, agus conas aird a thabhairt ar dhea-shláinteachas cistine.

Stóráil bia

Ith bia roimh an dáta faoinar cheart é a úsáid i gcónaí. Níl bia a bhfuil an dáta faoinar cheart é a úsáid caite sábháilte agus níor cheart a leithéid de bhia a dhíol nó a ithe.

Insíonn an dáta faoinar cheart é a úsáid (ar a dtugtar ‘BBE’ uaireanta) duit faoin uair a dtosóidh caighdeán an bhia ag éirí níos measa, mar shampla, b’fhéidir go n-athróidh an dath nó an uigeacht. D’fhéadfadh go mbeadh an bia fós sábháilte le hithe. Níl feidhm leis an dáta faoinar cheart é a úsáid ach má tá an bia stóráilte agat de réir na dtreoracha ar an bpacáistíocht.

Ba cheart duit an lipéad bia a sheiceáil chun teacht ar eolas faoin méid ama a mbeidh an bia sábháilte i ndiaidh an phacáistíocht a oscailt. Ní mór bianna áirithe a ithe laistigh de 1-2 lá i ndiaidh iad a oscailt.

Stóráil bia stánaithe in áit fhionnuar, ghlan, thirim.

Déan iarracht bianna tirime, cosúil le gránach nó arán, a stóráil i gcoimeádán aer-obach. D’fhéadfadh nochtadh d’aer a bheith mar bhonn le caighdeán an bhia a athrú.

Má tá tú in amhras maidir le sábháilteacht earra bia, caith amach é.

Ullmhúchán bia

Nigh do lámha go maith in uisce te, sobalach sula láimhseálann tú bia. Féach ar fhíseán SafeFood maidir le conas do lámha a ní i gceart roimh bhia a ullmhú.

Chomh maith leis sin, ba cheart duit do lámha a ní nuair atá bia á ullmhú má tá lámh leagtha agat ar fheoil amh, uibheacha nó éineoil.

Ná hullmhaigh bia do dhaoine eile má airíonn tú tinn.

Bia a ní

Nigh torthaí agus glasraí amha i gcónaí sula n-itheann tú iad. Chun torthaí agus glasraí a ní i gceart, cuimil iad nó scuab iad faoi uisce fuar.

Molann Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI) gan sicín amh a ní faoi uisce reatha de bhrí go bhféadfadh baictéir stealladh ar dhromchlaí eile cistine. Is féidir baictéir dhochracha ar shicín a mharú trí é a chócaráil i gceart.

Cócaráil

D’fhéadfadh go mbeadh baictéir i ngach cineál feoil amh, ach is féidir an baictéir a mharú tríd an bhfeoil a chócaráil i gceart.

Is féidir leat roinnt feolta a ithe ‘bándearg’, cosúil le stéig mhairteola nó gríscíní uaineola. Ní mór feolta eile, cosúil le sicín nó ispíní, a chócaráil go hiomlán. Míníonn SafeFood conas cineálacha éagsúla feolta a chócaráil go sábháilte.

Níor cheart do dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear mná torracha, babaithe agus lapadáin, uaineoil agus mairteoil thearcbhruite nó bhándearg a ithe. Chomh maith leis sin, níor cheart dóibh uibheacha amha nó nach bhfuil cócaráilte go hiomlán a ithe.

Tabhair cuairt ar SafeFood chun teacht ar fhaisnéis maidir le conas uibheacha a chócaráil go sábháilte.

Nuair a bhíonn an micreathonnán in úsáid agat chun bia a chócaráil, cas agus measc an bia lena chinntiú go bhfuil sé á chócaráil go cothrom. Fág an bia ar feadh cúpla nóiméad roimh sheiceáil an bhfuil an bia cócaráilte go hiomlán – leanann bia ag cócaráil fiú nuair atá an micreathonnán casta as.

Bia a atéamh

Nuair atá bia á atéamh agat, téigh é go dtí go bhfuil sé te bruite ina lár (os cionn 70°C) – maróidh sé seo aon bhaictéir a d’fhéadfadh a bheith fásta ar an mbia nuair a bhí sé sa chuisneoir. Níor cheart bia a atéamh níos mó ná uair amháin agus ba cheart fuílleach bia a úsáid i rith an lae ullmhaithe.

Sláinteachas cistine

Dromchlaí cistine

Nigh gach cuntar oibre, cosúil le cuntar agus doirteal na cistine, le huisce te, sobalach nó le díghalrán. Ní leor dromchlaí a chuimilt le héadach tais chun baictéir dhochracha a mharú.

Chomh maith leis sin, ba cheart duit do chuisneoir agus do chófraí a ní go rialta trí sheanbhia a chaitheamh amach agus na dromchlaí inmheánacha a ní le huisce te, sobalach.

Éadaí soithí agus taetuáillí

Athraigh d’éadach soithí agus taetuáille go rialta agus glan go maith iad tar éis gach úsáide. Seachain d’éadach soithí agus taetuáille a stóráil in aice le bia nó ar dhromchlaí glana.

Nigh gréithe salacha in uisce bogthe nó te sobalach. Triomaigh iad trí úsáid a bhaint as taetuáille glan agus lig dóibh aerthriomú.

Cláir ghearrtha

Úsáid cláir ghearrtha agus uirlisí cistine ar leith le haghaidh bia cócaráilte agus bia amh chun traséilliú a chosc. Nigh cláir ghearrtha go maith le huisce te, sobalach idir gach úsáid.

Caith cláir ghearrtha amach má tá siad caite nó má tá eitrí iontu nach furasta iad a ghlanadh.

Sonraí teagmhála

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

An Malartú
Duga Sheoirse
IFSC
Baile Átha Cliath 1
D01 P2V
Éire

Teil: +353 1 8171300
Facs: +353 1 8171301
Láithreán Gréasáin: http://www.fsai.ie
R-phost: info@fsai.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Feabhra 2021