Sábháilteacht bia agus dul amach ag ithe

Réamhrá

Nuair a théann tú amach ag ithe in Éirinn, glacann tú páirt i gconradh tomhaltóra leis an óstán, caifé, teach tábhairne nó soláthraí seirbhíse bia eile. Mar thomhaltóir, tá cearta áirithe agat. Tá faisnéis le fáil sa doiciméad seo maidir leis na cearta tomhaltóra atá agat nuair a théann tú amach ag ithe.

Céard leis is féidir leat a bheith ag súil nuair a théann tú amach ag ithe?

Praghas

Sula n-itheann tú rud ar bith i mbialann, caifé nó áitreabh seirbhíse bia eile, tá tú i dteideal na praghsanna a fheiceáil. D’fhéadfadh go mbeadh praghsanna ar taispeáint ar bhiachlár aonair nó ar chlár cosúil le clár dubh.

Le cois phraghsanna an bhia agus na dí, ba cheart go mbeadh faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas le fáil ar an bpraghasliosta chomh maith:

  • Táille íosta (más infheidhme)
  • Táille sheirbhíse (más infheidhme)
  • Táille nó aon mhuirear cosúil

Sábháilteacht bia agus sláinteachas

Nuair a théann tú amach ag ithe, is féidir leat a bheith ag súil le hardchaighdeáin sábháilteachta bia agus sláinteachais.

Cinntíonn Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI) go bhfuil ardchaighdeáin sábháilteachta bia agus sláinteachais á gcomhlíonadh ag an mbia a itear, a dháiltear, a chuirtear ar an margadh nó a tháirgtear in Éirinn.

Chomh maith leis sin, tá FSAI freagrach as a chinntiú go bhfuil ceanglais dlí agus cóid dea-chleachtais maidir le sláinteachas bia á gcomhlíonadh ag bia a dhíoltar i mbialanna, caiféanna agus áitreabh bia eile.

Conas a dhéantar sábháilteacht bia a fhorfheidhmiú?

Déanann FSAI dlíthe sábháilteachta bia in Éirinn a fhorfheidhmiú trí chonarthaí seirbhíse le gníomhaireachtaí oifigiúla, lena n-áirítear Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Déanfaidh oifigeach údaraithe, cosúil le hOifigeach Sláinte Comhshaoil, an t-áitreabh bia a chuardach agus a iniúchadh. D’fhéadfaí samplaí den bhia agus d’ábhar eile a thógáil mar chuid den iniúchadh.

Cumhachtaí forfheidhmiúcháin

Má chinneann an t-oifigeach údaraithe gur dócha gur baol don tsláinte phoiblí áitreabh nó cleachtas (cosúil le láimhseáil nó ullmhú bia), féadfaidh an t-oifigeach fógra feabhsúcháin a thabhairt don úinéir. Áirítear san fhógra:

  • Cúis an bhaoil don tsláinte phoiblí
  • An gníomh ceartaitheach nach mór a dhéanamh
  • An teorainn ama atá sonraithe don úinéir chun gníomh ceartaitheach a dhéanamh

Mura ndéanann an t-úinéir na feabhsuithe mar atá molta ag an oifigeach údaraithe, d’fhéadfadh FSAI nó FSS ordú feabhsúcháin a lorg ón gCúirt Dúiche. Déantar cur síos in ordú feabhsúcháin ar na nithe nach mór iad a fheabhsú, agus an t-amfráma nach mór don úinéir na feabhsuithe a dhéanamh laistigh de.

Má tá contúirt láithreach don tsláinte phoiblí i gceist, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe ordú dúnta a eisiúint. Ciallaíonn sé seo nach mór don úinéir an gnó a dhúnadh go dtí go mbíonn an deacracht réitithe. Chomh maith leis sin, féadfar ordú dúnta a eisiúint mura ndéileáiltear le hordú feabhsúcháin. Tá orduithe dúnta agus toirmisc liostaithe ar shuíomh gréasáin FSAI.

Conas gearán a dhéanamh

Mar thomhaltóir, tá an ceart agat bia sábháilte a ithe nuair a théann tú amach ag ithe. Ná glac leis an mbia má shíleann tú nach bhfuil sé oiriúnach le hithe.

D’fhéadfadh nach mbeadh bia oiriúnach le hithe sna cásanna seo a leanas:

Níl an bia te bruite

  • Tá boladh ‘lofa’ uaidh
  • Tá an chosúlacht ar an mbia go bhfuil sé éillithe le ceimiceáin nó le glantaigh
  • Má tá dath aisteach ar an mbia – mar shampla, má tá sicín bándearg sa lár
  • Má tá ábhar coimhthíoch sa bhia cosúil le gruaig nó feithidí

D’fhéadfadh nach mbeadh bia oiriúnach le hithe má tá sé ullmhaithe in áit éigin ina bhfuil na caighdeáin sláinteachais íseal. Nuair a théann tú amach ag ithe, ba cheart duit na nithe seo a leanas a sheiceáil:

  • An bhfuil an bhialann nó an caifé salach?
  • An bhfuil éadaí salacha in úsáid ag comhaltaí foirne chun dromchlaí éagsúla a ghlanadh?
  • Tá lámha na gcomhaltaí foirne salach
  • Láimhseálann comhaltaí foirne bia agus airgead gan lámhainní a chaitheamh nó a lámha a ní idir bia agus airgead a láimhseáil

Mura bhfuil tú sásta le caighdeán an bhia atá ceannaithe agat, nó má tá glaineacht áitreabh bia ag déanamh imní díot, ba cheart duit gearán a dhéanamh.

Gearán a dhéanamh

Ar dtús ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an duine atá ag freastal ort. Ina dhiaidh sin, ba cheart duit labhairt leis an mbainisteoir atá ar dualgas.

B’fhéidir gur mhaith leat foirm ghearáin ar líne FSAI a chomhlánú. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar an bhfoirm seo faoi rún agus ní roinnfear an fhaisnéis leis an áitreabh bia. Seachas sin, go hiondúil tugtar an fhaisnéis don Oifig Sláinte Comhshaoil (OSC) a dhéanfaidh iniúchadh.

Nimhiú bia

Má shíleann tú go bhfuil siomptóim nimhithe bia agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh.

Taifead na nithe seo a leanas:

  • An áit ar cheannaigh tú an bia amhrasach
  • An uair ar thosaigh tú ag aireachtáil tinn
  • Do shiomptóim

Má dheimhníonn do dhochtúir teaghlaigh go bhfuil nimhiú bia ort, ba cheart duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

Tuilleadh faisnéise

Is féidir leat glaoch ar FSAI ar an uimhir Glaoch Áitiúil 1890 33 66 77 nó (01) 8171300 chun teacht ar fhaisnéis agus ar chomhairle maidir le raon saincheisteanna sábháilteachta bia.

Chomh maith leis sin, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig FSAI ag info@fsai.ie nó reception@fsai.ie, nó lean FSAI ar Facebook agus Twitter.

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

An Malartú
Duga Sheoirse
IFSC
Baile Átha Cliath 1
D01 P2V
Éire

Teil: +353 1 8171300
Facs: +353 1 8171301
Láithreán Gréasáin: http://www.fsai.ie
R-phost: info@fsai.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Eanáir 2015