Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sábháilteacht bia > Sábháilteacht bia agus ag ithe lasmuigh den bhaile

Print Page Send to a Friend

Sábháilteacht bia agus ag ithe lasmuigh den bhaile

Eolas

Tugann Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann cosaint do shláinte tomhaltóirí trína chinntiú go gcomhlíonann an bia a itear, a dháiltear, a ndéantar margaíocht air nó a tháirgtear in Éirinn na caighdeáin sláintíochta agus sábháilteachta bia is airde. Ina theannta sin, tá Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann freagrach as a chinntiú go bhfuil an bia a dhíoltar in áitribh bhia ag cloí le riachtanais dlíthiúla, nó, nuair is cuí, le cóid aitheanta dea-chleachtais.

Go ginearálta, bíonn caighdeáin sábháilteachta bia ard. Tá na caighdeáin sábháilteachta bia seo leagtha síos sa dlí freisin chun an tomhaltóir a chosaint agus chun dea-chleachtas a leagan síos do mhiondíoltóirí. Ag an leibhéal áitiúil, feidhmíonn forfheidhmiú na gcaighdeán sábháilteachta bia trí líonra Oifigeach Sláinte Comhshaoil i ngach Limistéar de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fud na tíre. Mura bhfuil tú sásta le caighdeán an bhia atá ceannaithe agat nó má tá imní ort faoi ghlaineacht áitreabh bia, tá sé tábhachtach na húdaráis a chur ar an eolas maidir le do bhuairt.

Faoin Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann 1998, tá sé de chumhacht ag an Údarás Sábháilteachta Bia forálacha forfheidhmithe speisialta a eisiúint. Tagann na forálacha forfheidhmithe seo anuas ar na cumhachtaí atá ann ciontóirí a ionchúiseamh maidir le píosaí reachtaíochta bia ar leith. Go ginearálta, tá an tÚdarás Sábháilteachta Bia nó a chuid oifigeach i dteideal trí chineál orduithe forfheidhmithe éagsúla a eisiúint de thoradh sáruithe ar reachtaíocht sábháilteachta bia.

  • Fógra feabhsúcháin; eisíonn an Chúirt Dúiche é i gcoinne ciontóra. Eisítear é seo sa chás go bhféadfadh aon ghníomhaíocht a bhaineann le láimhseáil, réiteach srl. bia, nó riocht áitribh ina láimhseáiltear nó ina réitítear bia, sláinte an phobail a chur i mbaol.
  • Ordú dúnta; eisítear é má tá, nó más dóigh go mbeidh, baol tromchúiseach agus láithreach ann do shláinte an phobail ag /nó san áitreabh bia. (Is féidir an t-ordú seo a chealú nuair a fheabhsaíonn cúrsaí in áitreabh).
  • Ordú toirmisc; eisítear é má tá baol suntasach do shláinte an phobail ó tháirge, aicme, baisc nó mír bia i gceist nó más dóigh go mbeidh a leithéid i gceist leis na gníomhaíochtaí (láimhseáil, próiseáil, diúscairt, déantús, stóráil, dáileadh nó díol bia). Is é an tionchar a bhíonn aige seo ná díolachán an táirge a chosc, go sealadach nó go buan.

orduithe dúnta agus toirmisc liostaithe ar láithreán gréasáin Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.

Rudaí le cuimhneamh orthu nuair atá tú ag dul amach ag ithe

  • An bhfuil an t-áitreabh glan? Ba chóir dromchlaí oibre, boird agus uirlisí a bheith glan.
  • An féidir leat an bia a fheiceáil á réiteach? Más féidir, féach an bhfuil sé á réiteach go slán.
  • An bhfuil an t-áitreabh glan? Ba chóir dromchlaí oibre, boird agus uirlisí a bheith glan – má tá siad salach, d’fhéadfadh frídíní a bheith orthu.
  • An bhfuil an fhoireann néata? Ba chóir go mbeadh lámha agus ingní na bhfreastalaithe glan, ba chóir dóibh a ngruaig a bheith ceangailte siar acu agus ba chóir dá n-éide a bheith glan.

Gearán a dhéanamh faoi áitreabh bia

Má tá gearán agat faoi bhia atá ite agat nó faoi áitreabh bia ar thug tú cuairt air, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Sláinte Chomhshaoil i do limistéar FSS chomh luath agus is féidir leat. Má tá gearán agat maidir le tinneas, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifig Sláinte Poiblí i do limistéar FSS. Cuireann an tOifigeach Sláinte Chomhshaoil agus an Dochtúir Sláinte Poiblí seirbhís faoi rún ar fáil, agus cuirfidh siad comhairle ort maidir le cad is fearr duit a dhéanamh.

Go hiondúil tar éis gearáin, déanfaidh oifigeach coinne chun bualadh leat. Ag an gcruinniú seo, pléifidh tú gearán oifigiúil a dhéanamh agus cabhróidh an t-oifigeach leat foirm gearáin oifigiúil a chomhlánú. Má sheolann tú gearán isteach faoi bhia, d’fhéadfadh sé go seolfaí an bia chuig saotharlann i gcomhair anailíse. Rachfar i dteagmháil leat chun na torthaí a chur in iúl duit. Nó féadfaidh tú socrú a dhéanamh anailís neamhspleách a dhéanamh ar bhia ach táille a íoc trí dhul i dteagmháil le Saotharlann an Anailísí Phoiblí i do réigiún.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Cuireann Líne Comhairle Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ar 1890 33 66 77 faisnéis agus comhairle ar fáil maidir le réimse saincheisteanna sábháilteachta bia. Tá foireann oibre comhairleoirí oilte agus eolaithe bia ann, agus bíonn sé ar oscailt ó Luan go hAoine, 9rn go dtí 5in.

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

Cúirt na Mainistreach
Sráid na Mainistreach Íochtar
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 1 8171300
Lóghlao:1890 336677
Facs:+353 1 8171301
Láithreán Gréasáin: http://www.fsai.ie
R-phost: info@fsai.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.