An Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann

Réamhrá

Má tá tú i dteideal seirbhísí sláinte poiblí in Éirinn, féadfaidh tú rogha a dhéanamh rochtain a fháil ar na seirbhísí sin i mballstát eile san Aontas Eorpach (AE) nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a chuimsíonn an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua freisin, agus aisíocfar an costas duit má chomhlíontar na ceanglais. Déantar foráil dó seo sa Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann (Treoir AE 2011/24/AE, pdf).

Aisíocfar costas na cóireála cúraim sláinte poiblí in Éirinn leat, nó costas do chóireála thar lear, más lú sin. Ní chuimsítear costais eile amhail taisteal.

Ní chumhdaítear cóireálacha a cháilíonn don Scéim Cóireála Thar Lear faoin Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann. Clúdaíonn an Scéim Cóireála Thar Lear cóireálacha nach bhfuil ar fáil in Éirinn agus ní chlúdaíonn an Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann ach cóireálacha atá maoinithe go poiblí agus atá ar fáil in Éirinn. Léigh faoi na difríochtaí idir an dá scéim.

RA agus Tuaisceart Éireann

Ní féidir an Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann a úsáid a thuilleadh chun rochtain a fháil ar chúram sláinte sa RA.

Is scéim shealadach í Scéim Cúraim Sláinte Pleanáilte Thuaisceart Éireann a ligeann do dhaoine cúram sláinte a fháil i dTuaisceart Éireann ar bhealach atá comhchosúil leis an Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann. Caithfidh an cúram sláinte a bheith ar fáil go poiblí in Éirinn. Caithfidh tú íoc as an gcúram sláinte agus ansin an costas a éileamh ó FSS.

Tá an Scéim ar fáil go dtí go gceadaítear scéim bhuan reachtúil. Is féidir le daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann rochtain a fháil ar chúram sláinte in Éirinn faoi Scéim Aisíocaíochta Phoblacht na hÉireann.

Má tá tús curtha agat le do chúram sláinte sa RA agus má thosaigh tú ar an gcúram sláinte sin a fháil roimh 2021, seans go mbeidh tú fós in ann iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht faoin Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann.

Rialacha

Ní dhéanfar maoiniú a aisíoc ach le haghaidh cúram sláinte atá maoinithe go poiblí agus ar fáil in Éirinn ach d’fhéadfadh an t-atreorú a bheith chuig seirbhís sláinte poiblí nó príobháideach sa tír eile. Íocann tú costais na cóireála agus déanann tú iarratas ar aisíocaíocht nuair a fhilleann tú ar Éirinn.

I measc na samplaí de chúram sláinte atá ar fáil faoin scéim, tá:

  • Cúram lae, cúram othar cónaithe agus cúram othar seachtrach i seirbhísí ospidéil ghéarmhíochaine, lena n-áirítear seirbhísí síciatracha
  • Cúram othar seachtrach pobalbhunaithe
  • Seirbhísí fiaclóireachta agus ortadóntacha (le roinnt eisceachtaí, amhail seirbhísí scagthástála fiaclóireachta i scoileanna)
  • Seirbhísí urlabhra agus teanga
  • Seirbhísí teiripe saothair (le roinnt eisceachtaí, amhail measúnú le haghaidh áiseanna sa bhaile)
  • Seirbhísí síceolaíochta
  • Seirbhísí fisiteiripe
  • Seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas
  • Seirbhísí oftalmacha
  • Seirbhísí meabhairshláinte
  • Clár meatadóin
  • Cúram andúile

Ní áirítear roinnt seirbhísí sláinte, mar shampla, trasphlandú orgáin agus cúram fadtéarmach ar nós cúram tí altranais.

Tá liosta de na Ceisteanna Coitianta faoin Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann curtha ar fáil ag FFS.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun seirbhísí sláinte a úsáid i dtír eile agus aisíocaíocht a fháil faoin Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Atreorú a fháil chuig an tseirbhís sláinte thar lear
  • Réamhúdarú a fháil má tá sé ag teastáil le haghaidh do chóireála
  • Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht costas

Atreorú chuig cúram sláinte thar lear

Ar an mbealach céanna ina ndéanfaí duine a atreorú chuig seirbhísí sláinte poiblí in Éirinn, ní mór atreorú a fháil chuig an tseirbhís sláinte thar lear. D’fhéadfadh atreorú ó do dhochtúir teaghlaigh nó ó do chomhairleoir in ospidéal poiblí a bheith i gceist I gcás roinnt seirbhísí pobalbhunaithe, d’fhéadfadh gairmí de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar nós altra sláinte poiblí, fiaclóir pobail nó ortódóntóir de chuid FSS an t-atreorú cuí a dhéanamh.

Ba cheart go sonrófaí sa litir atreoraithe an cúram sláinte atá ag teastáil, an gairmí sláinte thar lear a bhfuil tú á atreorú chuige, mar aon le sonraí maidir leis an gclinic, ospidéal nó láthair eile ina bhfuil an duine sin. Ba cheart go mbeifeása, nó an duine atá do d’atreorú, sásta go bhfuil an soláthraí cúram sláinte thar lear cáilithe agus oiriúnach. Más mian leat teacht ar fhaisnéis maidir le seirbhísí nó soláthraithe seirbhíse thar lear, déan teagmháil leis an bPointe Teagmhála Náisiúnta don Stát AE/LEE i gceist.

Déan cinnte go bhfuil an tseirbhís atá á lorg agat thar lear clúdaithe ag an Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann. Is féidir le do chliniceoir atreoraithe comhairle a chur ort faoi seo, ach má tá amhras ort is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bPointe Teagmhála Náisiúnta in Éirinn chun é a sheiceáil.

Réamhúdarú

Má bhíonn fanacht thar oíche san ospidéal i gceist leis an gcóireáil, caithfidh FSS é sin a údarú roimh ré. I gcás cóireála eile, moltar seiceáil a dhéanamh maidir le cibé an bhfuil réamhúdarú ag teastáil trí theagmháil a dhéanamh leis an bPointe Teagmhála Náisiúnta.

Caithfidh go mbeidh an fhoirm iarratais ar réamhúdarú (pdf) comhlánaithe agat féin agus ag an ngairmí leighis atá do d’atreorú le haghaidh cóireála thar lear. Tógann sé 15 go 20 lá oibre le próiseáil a dhéanamh ar iarratais chomhlánaithe agus cuirfear an cinneadh in iúl duit i litir.

Teastaíonn réamhúdarú freisin le haghaidh cúraim sláinte a bhaineann le:

  • Bonneagar nó trealamh leighis an-speisialaithe agus an-chostasach
  • Cóireálacha lena mbaineann riosca ar leith don othar nó don daonra
  • Soláthraí cúram sláinte lena mbaineann imní thromchúiseach agus shonrach ó thaobh cháilíocht nó sábháilteacht an chúraim

Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht costas

Chun aisíocaíocht a fháil ar na costais a íocann tú as do chóireáil, ní mór duit féin agus do sholáthraí cúram sláinte thar lear Sonrasc Pro-Forma na Treorach um Chúram Sláinte Trasteorann FSS (pdf) a chomhlánú agus a chur isteach leis an sonrasc ón soláthraí cúram sláinte agus an admháil.

Ní dhéanfar an aisíocaíocht ach amháin leis an othar (nó le tuismitheoirí othair linbh).

Tá FSS tar éis na méideanna aisíocaíochta le haghaidh cóireálacha éagsúla a fhoilsiú. Liostaítear cóireálacha de réir cóid – is féidir an cód le haghaidh do chóireála a fháil ón ngairmí cúraim sláinte a rinne an t-atreorú. Más fearr leat, nó mura bhfuil do chóireáil liostaithe, féadfaidh tú sonraí na rátaí aisíocaíochta a fháil ón bPointe Teagmhála Náisiúnta.

Is é €130 an aisíocaíocht uasta do chomhairliúchán othar seachtrach in ospidéal. Má bhíonn níos mó ná comhairliúchán amháin agat ar an lá céanna le comhairleoirí sa speisialtacht chéanna, is ionann an teorainn laethúil agus €130.

Le haghaidh cóireála ar othar cónaitheach, is iad na táillí ar othair chónaitheacha phoiblí in ospidéil phoiblí in Éirinn a bheidh i bhfeidhm. Bainfear na táillí seo as méid na haisíocaíochta.

Achomhairc

Má dhiúltaítear d’iarratas is féidir achomharc a dhéanamh chuig an Stiúrthóir Náisiúnta Cúnta i Rannóg na gConarthaí i FSS – déan teagmháil leis an bPointe Teagmhála Náisiúnta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas?

Tá oifig Pointe Teagmhála Náisiúnta bunaithe ag FSS chun an Treoir um Chúram Sláinte Trasteorann a riar in Éirinn.

Teil: (056) 778 4546
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2023