Oibrithe trasteorann in Éirinn

Réamhrá

Tá athrú tagtha ar na rialacha maidir le hoibriú trasteorann ar oileán na hÉireann i measc roinnt daoine mar gheall nach bhfuil Tuaisceart Éireann mar chuid den AE a thuilleadh.

Is féidir le saoránaigh Éireannacha leanúint ag cónaí agus ag oibriú i dTuaisceart Éireann agus sa chuid eile den Ríocht Aontaithe (an RA). Is féidir le saoránaigh na Breataine cónaí agus oibriú in Éirinn.

Más saoránach an LEE thú (an AE, agus an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin) agus má tá tú ag cónaí in Éirinn agus ag oibriú i dTuaisceart Éireann roimh dheireadh 2020 ar aghaidh, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar Chead Oibrí Trasteorann chun leanúint ag oibriú i dTuaisceart Éireann ón 1 Iúil 2021.

Más saoránach an LEE thú (agus murab Éireannach thú) agus má tá cónaí i dTuaisceart Éireann ort roimh an 31 Nollaig 2020 ar aghaidh, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar an Scéim Lonnaithe AE.

Cad é oibrí trasteorann?

Duine atá in oibrí trasteorann a chónaíonn i dtír amháin ach a oibríonn i dtír eile, agus a fhilleann ar an tír ina gcónaíonn siad ar a laghad uair sa tseachtain.

Mar shampla, má chónaíonn tú in Éirinn agus má oibríonn tú i dTuaisceart Éireann, is oibrí trasteorann thú má fhilleann tú ar d’áit chónaithe ar a laghad uair sa tseachtain.

Tá athrú tagtha ar na rialacha maidir le hoibrithe trasteorann ar oileán na hÉireann mar gheall nach bhfuil Tuaisceart Éireann mar chuid den AE a thuilleadh.

Braitheann an bealach a dhéanann na rialacha nua seo difear duit ar do náisiúntacht agus más oibrí trasteorann a bhí ionat cheana féin roimh an 1 Eanáir 2021.

Cé ar féidir leis/léi cónaí in Éirinn agus oibriú i dTuaisceart Éireann?

Is féidir le saoránaigh Éireannacha agus na Breataine leanúint ag cónaí agus ag oibriú ar an dá thaobh den teorainn. Is amhlaidh atá seo mar gheall go bhfuil Éire agus an RA mar chuid den Chomhlimistéar Taistil, a bhronnann an ceart ar shaoránaigh Éireannacha agus na Breataine cónaí agus teacht ar sheirbhísí sa dá thír.

Saoránaigh an LEE agus na hEilvéise

Bíonn rialacha éagsúla i gceist ag brath ar cibé acu arbh nó nárbh oibrí trasteorann thú roimh an 1 Eanáir 2021.

Bhí tú ag oibriú i dTuaisceart Éireann agus bhí cónaí in Éirinn ort roimh an 1 Eanáir 2021

Má bhí tú ag cónaí in Éirinn agus ag oibriú i dTuaisceart Éireann roimh an 1 Eanáir 2021, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar Chead Oibrí Trasteorann chun leanúint ag oibriú ansin ón 1 Iúil 2021. Ní ghearrtar aon táille ar iarratas a dhéanamh ar an gcead.

Is féidir leat cáiliú do Chead Oibrí Trasteorann má shásaíonn tú gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

•Saoránach an AE, na hEilvéise, na hIorua, na hÍoslainne nó Lichtinstéin thú

•Cónaíonn tú in Éirinn

•Thosaigh tú ag oibriú (féinfhostaíocht san áireamh) sa Ríocht Aontaithe roimh an 1 Eanáir 2021

Caithfidh gur chaith tú níos lú ná 180 lá sa Ríocht Aontaithe sna 12 mhí ón 1 Eanáir 2020. Má chaith tú níos mó ama sa Ríocht Aontaithe ná 180 lá, is féidir leat cáiliú go fóill má d’fhill tú ar Éirinn ar a laghad uair amháin gach 6 mhí, nó dhá uair le 12 mhí anuas.

B’fhéidir go gcáileoidh tú don Chead má stop tú ag oibriú sa Ríocht Aontaithe ach má choimeád tú do stádas oibrí. Is féidir leat do stádas oibrí a choimeád má stop tú ag oibriú mar gheall ar an méid seo a leanas:

•Bhí breoiteacht ort nó tharla timpiste duit.

•Éiríonn tú dífhostaithe go neamhdheonach. Caithfidh gur chláraigh tú mar chuardaitheoir poist agus go bhfuil cruthúnas agat go raibh obair á lorg agat sa Ríocht Aontaithe fad nach raibh obair agat. Is féidir leat do stádas oibrí a choimeád le haghaidh:

o6 mhí, má you d’oibrigh tú sa Ríocht Aontaithe ar feadh níos lú ná bliain amháin

oDá fhad agus a bhí obair á lorg agat, má d’oibrigh tú sa Ríocht Aontaithe ar feadh bliana nó níos faide

•D’éirigh tú dífhostaithe go saorálach agus thosaigh tú gairmoiliúint a bhaineann leis an obair a bhí á déanamh agat.

•Bhí tú torrach nó rug tú ar leanbh. Má tá tú ar saoire mháithreachais nó saoire atharthachta, aicmítear go bhfuil tú ag oibriú go fóill. Má chuir tú stop le hoibriú mar gheall go raibh leanbh agat, is féidir leat do stádas oibrí a choimeád ar feadh a fhaide le bliain amháin. Ina dhiaidh seo, is féidir leat do stádas oibrí a choimeád trí chlárú amhail bheith dífhostaithe agus obair a chuardach.

Is féidir léamh faoi conas iarratas a dhéanamh ar an gCead Oibrí Trasteorann ar gov.uk.

Más saoránach Éireannach thú, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar Chead Oibrí Trasteorann ach is féidir leat sin a roghnú, más mian leat.

Ní raibh cónaí in Éirinn ort agus ní raibh tú ag oibriú i dTuaisceart Éireann roimh an 1 Eanáir 2021

Ní cháilíonn tú don Chead Oibrí Trasteorann. Más mian leat oibriú i dTuaisceart Éireann (nó in áit eile sa Ríocht Aontaithe), ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar chead chun oibriú sa Ríocht Aontaithe trí scéim inimirce pointíbhunaithe na Ríochta Aontaithe.

Cónaíonn tú i dTuaisceart Éireann agus oibríonn tú in Éirinn?

Má chónaigh tú i dTuaisceart Éireann (nó in áit den RA) roimh dheireadh 2020, caithfidh tú iarratas a dhéanamh chun leanúint ag cónaí ann tríd an Scéim Lonnaithe AE. Tá ceart agat oibriú in Éirinn.

Cónaitheoirí nua ón 1 Eanáir 2021 - Má bheartaíonn tú aistriú go Tuaisceart Éireann agus oibriú ansin, nó cónaí i dTuaisceart Éireann agus oibriú in Éirinn, tá ort iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht an RA tríd an gCóras Inimirce Pointíbhunaithe.

Saoránaigh neamh-LEE

Más ó thír lasmuigh den LEE thú, teastaíonn cead uait chun cónaí in Éirinn agus teastaíonn cead uait chun an RA a iontráil agus oibriú ann. Ciallaíonn seo gur gá duit coinníollacha inimirce an dá thíre a shásamh.

Daoine muinteartha neamh-LEE

Teastaíonn cead ó dhaoine ó lasmuigh den LEE, an RA agus an Eilvéis chun cónaí in Éirinn.

Daoine muinteartha le saoránaigh an RA

Má chónaigh do theaghlach leat in Éirinn roimh an 1 Eanáir 2021 agus má bhí Cárta Chead Cónaithe na hÉireann (CCÉ) ar a raibh Stampa 4EU FAM (daoine muinteartha le saoránaigh AE) agat, caithfidh siad a gcárta CCÉ a mhalartú roimh dheireadh 2021.

Caithfidh daoine muinteartha neamh-LEE le saoránaigh an RA a bhogann go hÉirinn i ndiaidh an 1 Eanáir 2021 iarratas a dhéanamh ar víosa nó réamh-imréiteach trí scéim inimirce nua.

Daoine muinteartha le saoránaigh Éireannacha

Más ó áit lasmuigh den LEE, an RA agus an Eilvéis do do chéile nó páirtnéir, caithfidh siad iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht. B’fhéidir go mbeidh orthu iarratas a dhéanamh freisin ar víosa chun Éire a iontráil.

Cáin

Má tá tú ag cónaí in Éirinn agus ag oibriú i dTuaisceart Éireann, asbhaintear do cháin agus d’árachas náisiúnta (tá seo cosúil le ÁSPC in Éirinn) ó do phá.

Tá ort féinmheasúnú bliantúil a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn freisin. Tá comhaontú um chánachas dúbailte ag Éirinn agus an RA, a chiallaíonn go bhfaighidh tú creidmheas don cháin a d’íoc tú cheana féin sa Ríocht Aontaithe. Cinntíonn seo nach mbeidh ort cáin a íoc faoi dhó. Ach b’fhéidir go mbeidh ort cáin bhreise a íoc in Éirinn bunaithe ar an difríocht sna rátaí cánach idir an dá thír, agus bunaithe freisin ar thuilleamh do chéile, má tá céile agat.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Fhaoiseamh Trasteorann d’Oibrithe in Éirinn.

B’fhéidir go mbeidh tú i dteideal creidmheasanna cánach sa Ríocht Aontaithe a fháil bunaithe ar an méid ioncaim atá agat. Íocaíocht iad creidmheasanna cánach an RA a dhéantar le hoibrithe ar ísealioncam, agus is éagsúil é ó chreidmheasanna cánach in Éirinn, a úsáidtear lena ríomh cé mhéid cánach is gá duit a íoc.

Leas sóisialach

Bíonn an tír ina n-oibríonn tú freagrach as íocaíochtaí leasa shóisialaigh a íoc, go ginearálta. Mar shampla, má oibríonn tú i dTuaisceart Éireann agus má chónaíonn do theaghlach in Éirinn, íocann an RA Sochar Linbh. Ach más lú an ráta Sochair Linbh a fhaigheann tú sa Ríocht Aontaithe ná Sochar Linbh in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh go ndéanfaidh Éire d’íocaíocht a bhreisiú.

Chomhaontaigh Éire agus an RA leanúint le leas sóisialach a íoc le hoibrithe trasteorann agus le ranníocaíochtaí árachais a aithint (árachas náisiúnta nó ÁSPC) a íocadh sa tír eile, ar an mbealach céanna a aithníodh é nuair a bhí an RA mar chuid den AE.

Sochair teaghlaigh

Áirítear le sochair teaghlaigh Sochar Linbh agus Íocaíocht Teaghlaigh Oibre in Éirinn, agus Creidmheas Cánach Linbh sa Ríocht Aontaithe.

Mínítear sa tábla thíos conas a dhéantar íocaíochtaí nuair a chónaíonn céile nó páirtnéir amháin nó níos mó in Éirinn agus nuair a bhíonn céile nó páirtnéir agus leanaí leis/léi ag cónaí in Éirinn.

Láthair na hoibre Cé a íocann sochar linbh? Teidlíochtaí féideartha eile
Oibríonn duine amháin de lánúin i dTuaisceart Éireann agus ní oibríonn an duine eile Íocann an RA Sochar Linbh Creidmheas Cánach Linbh ar a ndéantar tástáil mhaoine sa Ríocht Aontaithe
Oibríonn duine amháin de lánúin i dTuaisceart Éireann agus oibríonn an duine eile in Éirinn Íoctar Sochar Linbh in Éirinn Íocaíocht Teaghlaigh Oibre ar a ndéantar tástáil mhaoine in Éirinn
Oibríonn an bheirt acu i dTuaisceart Éireann Íocann an RA Sochar Linbh Creidmheas Cánach Linbh ar a ndéantar tástáil mhaoine sa Ríocht Aontaithe

Breisiú Sochar Linbh in Éirinn

Íocaíocht Teaghlaigh Oibre ar a ndéantar tástáil mhaoine in Éirinn

Íocaíochtaí dífhostaíochta

Má chailleann tú do phost go hiomlán, éilíonn tú sochair ón tír ina gcónaíonn tú. Ach má tá uaireanta laghdaithe oibre agat nó má tá obair ócáideach á déanamh agat, déanann tú iarratas ar shochair sa tír ina n-oibríonn tú.

Má dhéanann do phost i dTuaisceart Éireann d’uaireanta oibre a laghdú, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar shochair i dTuaisceart Éireann.

Breoiteacht agus míchumas

Má éiríonn tú breoite agus mura féidir leat oibriú go sealadach, ba cheart do d’fhostóir i dTuaisceart Éireann Pá Breoiteachta Reachtúil (PBR) a íoc leat ar feadh a fhaide le 28 seachtain. Más é seo an t-aon ioncam atá agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas Leasa Forlíontach in Éirinn chun an íocaíocht seo a bhreisiú.

Is féidir leat Liúntas Fostaíochta agus Tacaíochta a éileamh mura féidir leat oibriú mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas agus má chríochnaigh do PBR nó mura bhfuil tú i dteideal PBR a fháil.

Má tá ort do phost a thabhairt suas mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal Pinsean Easláine a fháil in Éirinn. Bunaítear seo ar do ranníocaíochtaí ÁSPC agus ní féidir leat iarratas a dhéanamh air ach má d’oibrigh tú in Éirinn ar feadh roinnt ama i do shaol. Murar oibrigh tú in Éirinn ach ar feadh tréimhse ghearr, ní bheidh tú in ann ach méid beag de Phinsean Easláine a fháil.

Íocaíochtaí agus seirbhísí máithreachais agus atharthachta

Má tá tú ag oibriú i dTuaisceart Éireann, féadfaidh tú a roghnú do naíonán a thabhairt ar an saol ann agus teacht ar sheirbhísí cúraim sláinte ansin. Ní bhaineann seo leat mura bhfuil ach do pháirtnéir ag oibriú i dTuaisceart Éireann.

Bíonn an tír ina n-oibríonn tú inniúil (freagrach) as do Shochar Máithreachais. Má tá tú ag oibriú i dTuaisceart Éireann, ba cheart duit iarratas a dhéanamh for Phá Máithreachais Reachtúil ansin. Má tá do pháirtnéir ag oibriú i dTuaisceart Éireann, is féidir leo Pá Atharthachta a éileamh trína bhfostóir. Má tá do pháirtnéir ag oibriú in Éirinn, is féidir leo sochair atharthachta agus tuismitheora a éileamh ansin.

Pinsin

Is féidir ranníocaíochtaí a rinneadh i dTuaisceart Éireann agus in Éirinn a chur le chéile nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh agat ar do phinsean. B’fhéidir go bhfuil tú i dteideal pinsean a fháil ón dá thír freisin.

Má rinne tú ranníocaíochtaí in Éirinn agus Tuaisceart Éireann (nó in áiteanna eile den RA, nó in áiteanna eile den LEE) is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an oifig pinsean sa tír ina gcónaíonn tú nuair a bhaineann tú aois an phinsin amach.

Eolas breise

Tá eolas breise faoi oibriú trasteorann agus an Cead Oibrí Trasteorann ar fáil ó:

•Border People

•Gov.uk

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Bealtaine 2022