Táillí oidis do shealbhóirí cárta leighis

Réamhrá

Má tá cárta leighis agat, gearrtar táille ar chógais ordaithe agus ar nithe eile a fhaigheann tú ar oideas ó chógaslanna.

Is é an táille oidis ná € 2.00 do gach ítim a dháiltear duit faoin scéim cártaí leighis, suas go huasmhéid € 20 in aghaidh na míosa in aghaidh an duine nó an teaghlaigh.

Do dhaoine os cionn 70 bliain d'aois, is é an táille oidis € 1.50 in aghaidh na míre (ón 1 Aibreán 2019), suas go huasmhéid €15 in aghaidh na míosa in aghaidh an duine nó an teaghlaigh.

Rialacha

Chomh luath agus is féidir le do chógaslann gach duine de do theaghlach a aithint ansin níor chóir duit níos mó ná an t-uasmhéid in aghaidh na míosa a íoc. Sainmhínítear teaghlach mar tusa, do chéile nó do pháirtí, aon leanaí faoi 16 bliana d'aois agus aon leanaí idir 16 agus 21 bliain d'aois atá in oideachas lánaimseartha.

Is féidir leat do theaghlach a bhunú mar ghrúpa teaghlaigh ar medicalcard.ie agus teastas teaghlaigh a phriontáil le tabhairt do do chógaiseoir. Taispeánfaidh sé seo gach ball de do theaghlach ionas nach mbaileoidh an chógaslann muirir os cionn na teorann míosúla.

Mura bhfuil rochtain agat ar an idirlíon is féidir leat cúnamh a fháil ó d'Oifig Sláinte Áitiúil nó glao a chur ar 1890 252 919 agus tógfaidh siad na sonraí agus seolfaidh siad an deimhniú chugat. B'fhéidir go mbeidh do chógaiseoir áitiúil in ann cabhrú leat freisin. Beidh ort uimhir an chárta leighis a bheith agat do gach ball de do theaghlach

Tá na muirir ar oideas i dteideal faoiseamh cánach i gcomhair costais leighis.

Aisíocaíochtaí má íocann tú níos mó ná an teorainn mhíosúil

Eisíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) aisíocaíochtaí go huathoibríoch gach 6 mhí, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear ó do chógaslann. Eisítear aisíocaíochtaí ar shuimeanna os cionn € 10. Tugtar aisíocaíochtaí faoi € 10 go dtí an chéad dáta íocaíochta eile.

Is féidir leat an gá le haisíocaíocht a sheachaint má thugann tú féin agus do theaghlach cuairt ar an gcógaslann chéanna agus is féidir le do chógaiseoir baill do theaghlaigh a aithint.

Má tá ceist agat faoi aisíocaíochtaí is féidir leat teagmháil a dhéanamh le 1890 252 919.

Sealbhóirí cárta leighis nach n-íocann an táille oidis

Níl daoine áirithe agus táirgí áirithe faoi dhliteanas an mhuirir oidis:

  • Tá daoine a cháilíonn don Scéim um Thinneas Fadtéarmach i dteideal na drugaí agus na cógais a fháil chun an tinneas sin a chóireáil saor in aisce.
  • Tá daoine a bhfuil Cárta um Leasú Sláinte acu i dteideal drugaí agus leigheasanna forordaithe formheasta a fháil saor in aisce.
  • Leanaí atá faoi chúram FSS a bhfuil a gcárta leighis féin acu. Áirítear leis seo leanaí atá faoi chúram cónaitheach, cúram altrama, cúram altrama le gaolta agus socrúcháin chúraim eile.
  • Iarrthóirí tearmainn atá ina gcónaí i gcóiríocht soláthair dhírigh.
  • Ní ghearrtar aon táille ar mheatadón a sholáthraítear d'othair atá rannpháirteach sa Scéim Cóireála Meatadóin.
  • Táirgí agus cógais ardteicneolaíochta, nach n-ordaítear ach in ospidéil de ghnáth, mar shampla drugaí frithdhiúltaithe d'othair trasphlandaithe nó cógais a úsáidtear i gcomhar le ceimiteiripe. De réir mar a fheidhmíonn soláthar Ardteicneolaíochtaí ar bhonn táille chúraim othar, ní bhaineann muirear oideas leis.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Iúil 2020