Cártaí Leighis Éigeandála

Réamhrá

Is éard is cárta leighis éigeandála ann ná cárta leighis a eisítear gan tástáil mhaoine i gcásanna éigeandála áirithe.

Is féidir leat cárta leighis éigeandála a fháil sna cásanna seo a leanas:

•Tá breoiteacht fhoirceanta ort agus cuireadh in iúl duit nach mairfidh tú níos faide ná 24 mí, nó

•Tá cóireáil deireadh saoil á cur ort

•Teastaíonn cúram práinneach leanúnach uait agus teastaíonn cárta leighis uait go práinneach

Rialacha

Ní féidir ach le gairmí cúraim sláinte (mar shampla, dochtúir nó sainchomhairleoir) iarratas a dhéanamh ar chárta leighis éigeandála duit.

Breoiteacht fhoirceanta

Is féidir leat cárta leighis a fháil má tá breoiteacht fhoirceanta ort agus má cuireadh in iúl duit nach mairfidh tú níos faide ná 24 mí.

Seolfaidh do shainchomhairleoir ospidéil foirm iarratais ar chárta leighis do bhreoiteacht fhoirceanta (pdf) chuig FSS ina luaitear go bhfuil breoiteacht fhoirceanta ort agus nach mairfidh tú níos faide ná 24 mí.

Beidh uimhir do chárta leighis gníomhach ar an gcóras laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh gur próiseáladh d’iarratas. Is féidir leat teacht ar sheirbhísí cárta leighis fad a bhíonn tú ag fanacht le do chárta sa phost.

Ní dhéanfar athbhreithniú ar do chárta leighis riamh agus ní éagfaidh sé.

Má tá cóireáil deireadh saoil á cur ort

Gheobhaidh tú cárta leighis má tá breoiteacht fhoirceanta ort agus má tá cóireáil deireadh saol á cur ort. Ciallaíonn cóireáil deireadh saoil gur cuireadh in iúl duit nach mairfidh tú breis agus 12 mhí.

Seolfaidh d’oibrí sóisialta, do shainchomhairleoir nó do DG tuairisc liachta agus foirm iarratais ar chárta leighis do chóireáil deireadh saoil (pdf) chuig FSS. Próiseálfaidh oifigeach leighis an t-iarratas láithreach.

Beidh uimhir do chárta leighis gníomhach ar an gcóras laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh gur próiseáladh d’iarratas. Is féidir leat teacht ar sheirbhísí cárta leighis fad a bhíonn tú ag fanacht le do chárta sa phost.

Ní dhéanfar athbhreithniú ar do chárta leighis riamh agus ní éagfaidh sé.

Má theastaíonn cúram práinneach leanúnach uait

Is féidir leat cárta leighis sealadach a fháil ar feadh 6 mhí má theastaíonn cúram práinneach leanúnach uait agus má theastaíonn cárta leighis uait níos luaithe ná an gnáth-thréimhse phróiseála.

Seolfaidh d’oibrí sóisialta, do shainchomhairleoir nó do DG tuairisc liachta agus foirm iarratais (pdf) líonta chuig FSS.

Má cheadaítear d’iarratas, féadfaidh sé a fhaide le 10 lá a ghlacadh chun do chárta leighis éigeandála a fháil sa phost. Beidh uimhir do chárta leighis gníomhach laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh gur próiseáladh d’iarratas, áfach, chun gur féidir leat an cúram a theastaíonn uait a fháil.

Beidh ort iarratas a dhéanamh ar chárta leighis caighdeánach ar a ndéantar tástáil mhaoine sula n-éagfaidh do chárta leighis éigeandála. Scríobhfaidh FSS chugat lena mheabhrú duit é seo a dhéanamh.

Eolas breise

Ní féidir ach le gairmí cúraim sláinte iarratas a dhéanamh ar chárta leighis éigeandála duit. Caithfidh siad tuairisc liachta mhionsonraithe a sheoladh le foirm iarratais ina gcuirtear do dhiagnóis, an chóireáil a bheartaítear a chur ort agus an phrognóis (an dearcadh) san áireamh.

Má tá breoiteacht fhoirceanta ort agus má cuireadh in iúl duit nach mairfidh tú níos faide ná 24 mí, ní gá dóibh ach foirm iarratais líonta a sheoladh. Ní theastaíonn tuairisc liachta.

Chun teacht ar eolas breise, cuir glaoch ar an Aonad Náisiúnta Cártaí Leighis ar (051) 595 129 nó ar Ghlao Áitiúil 1890 252 919.

Page edited: 22 March 2021

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Márta 2021