Drugaí agus cógais ordaithe

Réamhrá

Má tá cónaí ort in Éirinn (gnáthchónaí), féadfaidh tú drugaí agus cógais fhaofa ordaithe a fháil atá saor in aisce nó fóirdheonaithe, mar aon le háiseanna agus le fearais áirithe mháinliachta.

Oideas a fháil

Má tá drugaí agus cógais ar leith de dhíth ort, is féidir le gairmithe cúram sláinte áirithe oideas a thabhairt duit chun iad a fháil, amhail dochtúir teaghlaigh, comhairleoir, fiaclóir nó altra.

Caithfidh altra a bheith fostaithe ag soláthraí seirbhíse sláinte le bheith in ann oideas a thabhairt duit. Ní féidir le haltraí ach drugaí agus cógais a ordú a bhaineann leis an réimse ina n-oibríonn siad. Tá srianta sonracha ar dhrugaí rialaithe áirithe.

Ó mhí Aibreáin 2020, is féidir le liachleachtóirí ginearálta agus speisialtóirí oidis a sheoladh ar an ríomhphost chuig cógaiseoirí. Fanann oidis bailí anois ar feadh 9 mí (6 mhí a bhí i gceist roimhe seo). Is féidir le cógaiseoirí oideas leantach a thabhairt más rud é, ina mbreithiúnas gairmiúil, go bhfuil sé sábháilte agus cuí é sin a dhéanamh. Ciallaíonn sé seo go mb’fhéidir go mbeifeá in ann d’oideas a fháil arís gan cuairt a thabhairt ar do dhochtúir teaghlaigh.

Áiteanna le drugaí agus cógais ar oideas a fháil

Cógaslann

Féadfaidh tú do dhrugaí agus do chógais ordaithe a fháil i gcógaslann mhiondíola (siopa poitigéara). Tá comhaontuithe ag formhór na gcógaslann le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí a chur ar fáil faoin Scéim Seirbhísí Aisíocaíochta do Chúram Príomhúil.

Soláthraithe eile

Féadfaidh Dochtúirí Teaghlaigh drugaí agus cógais a thabhairt go díreach d’othair mura bhfuil ach ionad cleachtais amháin ag an Dochtúir Teaghlaigh agus é trí mhíle nó níos mó ón gcógaiseoir miondíola is gaire. Uaireanta, glaoitear dochtúirí dáiliúcháin ar dhochtúirí a thugann drugaí agus cógais faoi na socruithe seo.

Féadfaidh ospidéil agus sain-institiúidí eile drugaí, cógais agus áiseanna agus fearais a chur ar fáil go díreach freisin.

Is ionann na rialacha maidir le cathain a bhíonn drugaí agus cógais saor in aisce nó faoi fhóirdheontas, is cuma cé a sholáthraíonn iad.

Drugaí agus leigheasanna ceadaithe

Ní mór ceadú agus rialú a dhéanamh ar dhrugaí agus cógais sular féidir iad a dhíol. Déanann an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte drugaí agus cógais a thástáil ar mhaithe le sábháilteacht, cáilíocht agus éifeachtúlacht, agus soláthraíonn sé ceadúnais freisin. Ní chiallaíonn cead ón Údarás Rialála Táirgí Sláinte go gceadófar na drugaí agus na cógais do na scéimeanna saor in aisce agus d’fhóirdheontas. Tá fachtóirí eile i gceist leis an bpróiseas ceadaithe, lena n-áirítear costais.

Scéimeanna saor in aisce nó scéimeanna fóirdheontais

Soláthraíonn Seirbhís Aisíocaíochta do Chúram Príomhúil arna reáchtáil ag FSS liosta de na leigheasanna nó na n-áiseanna a cuireadh ar fáil faoin gcárta leighis nó faoin Scéim Íocaíochta Drugaí. Ceadaíonn FSS na táirgí seo do na scéimeanna.

Níl roinnt earraí is féidir a cheannach thar an gcuntar san áireamh sna scéimeanna saor in aisce nó fóirdheontais.

Sonraí cárta leighis

Má tá cárta leighis ag duine, faightear drugaí agus cógais atá forordaithe dóibh ar lascaine. Beidh orthu roinnt táillí oideas a íoc fós.

Scéim Breoiteachta Fadtéarmaí 2020

Má tá riochtaí áirithe ar dhaoine, b’fhéidir go mbeidh siad in ann iarratas a dhéanamh ar an Scéim Breoiteachta Fadtéarmaí. Faoin scéim, is féidir drugaí, cógais agus fearais leighis agus máinliachta a fháil saor in aisce chun an riocht sin a chóireáil.

Cárta faoin Acht Sláinte (Leasú)

Má fuair tú Heipitíteas C go díreach nó go hindíreach as táirgí fola nó fuilaistriúchán, féadfaidh tú drugaí agus cógais a fháil trí leas a bhaint as an gCárta faoin Acht Sláinte (Leasú).

An Scéim Íocaíochta Drugaí

Mura bhfuil tú incháilithe d’aon cheann de na scéimeanna thuasluaite agus mura bhfuil cárta leighis agat, is féidir clárú le haghaidh na Scéime Íocaíochta Drugaí a chuireann teorainn le costas míosúil cógas ar oideas.

Scéim Cruatain Lánroghnach

Má tá cárta leighis agat agus má tá earra forordaithe agat nach bhfuil ar liosta na Seirbhíse Aisíocaíochta do Chúram Príomhúil, is féidir le do chógaiseoir nó d’Oifig Sláinte Áitiúil iarratas a dhéanamh go n-íocfaidh an Scéim Cruatain Lánroghnach as.

Mura gclúdaíonn an scéim cruatain costas an chógais agus go gcaithfidh tú íoc as, b’fhéidir gur mhaith leat seiceáil le do dhochtúir féachaint an bhfuil leigheas eile ann. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin scéim ó do chógaiseoir nó ó d’Oifig Sláinte Áitiúil.

Faoiseamh cánach

Is féidir éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar chostais leighis le haghaidh drugaí agus cógais ordaithe.

Drugaí cineálacha agus praghsáil tagartha

Uaireanta is féidir leis an gcógaiseoir ainm branda eile den chógas atá forordaithe duit a thabhairt duit. Déantar é sin toisc go bhfuil leagan níos saoire den leigheas leis an ainm branda ann, cógas ar a dtugtar leagan cineálach. Tá cead ag an gcógaiseoir é seo a dhéanamh má tá na cógais liostaithe ar an liosta de na drugaí idirmhalartaithe arna bhfoilsiú ag an Údarás Rialála Táirgí Sláinte. Áirítear ar an liosta gach cógas is féidir a chur in ionad a chéile.

bileog eolais faoi leigheasanna cineálach (pdf) foilsithe ag an Údarás Rialála Táirgí Sláinte.

Praghsáil tagartha

Socraíonn FSS praghas amháin a íocfaidh sé ar gach grúpa de na leigheasanna cineálacha ar an liosta ceadaithe. Tugtar an praghas tagartha air sin.

Má tá cárta leighis agat, íocfaidh FSS an praghas tagartha ar leigheas cineálach ar bith. Má roghnaíonn tú branda níos costasaí den chógas a cheannach, ní mór duit an difríocht idir an praghas tagartha agus an praghas miondíola a íoc.

Má tá tú ar an Scéim Íocaíochta Drugaí, úsáidfidh FSS an praghas tagartha chun do chostais mhíosúla drugaí a ríomh. Má roghnaíonn tú branda níos costasaí den leigheas atá clúdaithe faoin Scéim, ní mór duit an costas breise a íoc.

Má tá branda míochaine ar leith de dhíth ort ar chúiseanna leighis, is féidir le do dhochtúir 'Ná Déan Ionadú' a scríobh ar an oideas. Má tá cárta leighis agat, íocann tú an táille oidis agus ní gá duit an difríocht idir an praghas tagartha agus an costas miondíola a íoc. Má tá Cárta Scéime Íocaíochta Drugaí agat, íocann tú suas go dtí an tairseach mhíosúil mar is gnách.



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2023