Fórsaí Cosanta

Réamhrá

Is iad na Fórsaí Cosanta fórsaí armtha na hÉireann. Is éard atá iontu ná 3 Buanfhórsa Cosanta agus Fórsa Cosanta Cúltaca. Is iad na Buanfhórsaí Cosanta:

  • An t-arm
  • An t-aerchór
  • An tseirbhís chabhlaigh

Is é an tUachtarán ceannasaí uachtarach na bhFórsaí Cosanta. Déanann an tUachtarán oifigigh na bhFórsaí Cosanta a choimisiúnú, agus gníomhaíonn an tAire Cosanta thar ceann an Uachtaráin agus tuairiscíonn sé don Rialtas. Is é an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy an Ceann Foirne.

Tá ceanncheathrú na bhFórsaí Cosanta lonnaithe i nDroichead Nua, Co. Chill Dara.

Róil na bhFórsaí Cosanta

Tá róil an Bhuanfhórsa Chosanta leagtha amach i bPáipéar Bán an Rialtais ar Chosaint. Is iad:

  • An Stát a chosaint ar ionsaí faoi airm
  • Cuidiú leis an nGarda Síochána nuair a iarrtar é
  • Páirt a ghlacadh i misin síochánaíochta mar thacaíocht do na Náisiúin Aontaithe
  • Cabhrú le slándáil mhuirí, lena n-áirítear seirbhís cosanta iascaigh a sholáthar
  • Seirbhísí searmanais a sholáthar thar ceann an Rialtais

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar na Fórsaí Cosanta, tabhair cuairt ar a láithreán gréasáin.

Na Buanfhórsaí Cosanta

Is iad na 3 sheirbhís atá ag na Buanfhórsaí Cosanta:

An tArm

Is é an t-arm an tseirbhís is mó sna Fórsaí Cosanta. Eagraíonn agus traenálann sé fórsaí talún agus aonaid cosanta aeir chun gach ról a shannann an Rialtas a chomhlíonadh. Tá dhá bhriogáid nó foroinn den arm, ceann acu lonnaithe i gCorcaigh agus an ceann eile i mBaile Átha Cliath. Tá ionad oiliúna lonnaithe i gCampa an Churraigh, Cill Dara freisin.

An tAerchór

Is é an t-aerchór an chuid aerga de na Fórsaí Cosanta agus tá sé lonnaithe ag Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Átha Cliath. Eagraíonn agus traenálann sé aonaid aeriompartha ceannais agus chomhordaithe. Is é príomhról an aerchóir tacú leis an arm slándáil an Stáit a chothabháil. Tá sé freagrach freisin as an tSeirbhís Aeriompair Aireachta a sholáthraíonn aeriompar don Uachtarán agus don Rialtas.

Seirbhís Chabhlaigh

Cosnaíonn an tseirbhís chabhlaigh, nó an cabhlach, an Stát ar an bhfarraige agus ón bhfarraige. Tá sí lonnaithe ar Oileán Haulbowline i gCorcaigh. I measc a dualgas tá farraigí críochacha an Stáit a chosaint, faireachas muirí a dhéanamh agus sainfhoireann tumadóireachta a sholáthar.

Chun faisnéis a fháil faoi ghairmeacha sna Buanfhórsaí Cosanta, tabhair cuairt ar a láithreán gréasáin.

Na Fórsaí Cosanta Cúltaca

Is fórsa deonach páirtaimseartha é an Fórsa Cosanta Cúltaca. Is é an príomhról atá aige ná acmhainn na nBuanfhórsaí Cosanta a mhéadú chun a róil a chomhlíonadh i gcásanna géarchéime. I gcásanna nach mbaineann le géarchéim déanann sé traenáil chun an dualgas seo a chomhlíonadh. Tá sé comhdhéanta de 3 sheirbhís:

  • Cúltaca Céad Líne
  • Cúltaca an Airm
  • Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh.

Soláthraíonn an Fórsa Cosanta Cúltaca tacaíocht lóistíochta, tionlacan airm agus déanann sé dualgais searmanacha ag imeachtaí Stáit. Le haghaidh tuilleadh eolas ar an bhFórsa Cosanta Cúltaca, tabhair cuairt ar a láithreán gréasáin.

Tuilleadh eolais agus teagmhálacha

Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann

Bothar an Stáisiúin
Droichead Nua
Cill Dara
W12 AD93
Éire

Láithreán Gréasáin: https://www.military.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Iúil 2022