Cás staidéar: saoire force majeure

Réamhrá

Fuair Mary glao gutháin ó scoil a mic ag rá go raibh sé tinn agus gur ghá é a bhailiú chomh luath agus is féidir. D'fhág Mary an obair chun a mac a bhailiú agus aire a thabhairt dó agus d'fhill sí ar an obair an lá dár gcionn. D'fhiafraigh a fostóir an raibh sí ag iarraidh saoire bhliantúil a ghlacadh don lá roimhe sin. Dúirt Mary gur theastaigh uaithi saoire force majeure a ghlacadh ina ionad mar go raibh géarghá le bheith ann do dhlúthghaol teaghlaigh. D'aontaigh fostóir Mary ach dúirt sí go mbeadh uirthi iarratas a dhéanamh i scríbhinn ar shaoire force majeure.

Chuir Máire iarratas isteach i scríbhinn ar an lá saoire force majeure a chuimsigh a sonraí pearsanta, a gaol lena leanbh, an dáta agus cúis na saoire force majeure.

Thart ar trí mhí ina dhiaidh sin fuair athair Mary bás go tobann agus d’iarr Mary lá saor le dul chun na sochraide. Dúirt a fostóir léi go gcaillfeadh sí lá pá dá rachadh sí chun na sochraide mura nglacfadh sí cuid dá saoire bhliantúil. Shíl Mary go bhféadfadh sí saoire force majeure a ghlacadh i gcomhair an lae sin toisc go gceadaíonn An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 trí lá saoire force majeure ar a mhéid in aon tréimhse 12 mhí. Dúirt a fostóir ar an drochuair nár bhain saoire force majeure ach le breoiteacht bhaill teaghlaigh a raibh gaol gar ag an té sin leis nó léi agus nár thug sé aon teidlíocht saoire a ghlacadh mar gheall ar bhás gaol gar teaghlaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Bealtaine 2020