Eolas
Tá an chumhacht ag an Oireachtas binsí fiosrúcháin a bhunú chun
ceisteanna ar leith a iniúchadh a bhfuil tábhacht poiblí ag baint leo.
Ní binsí buan iad seo – cuirtear ar bun iad le cumhachtaí chun ceisteanna ar
leith a iniúchadh. De ghnáth is iad breithimh nó dlíodóiri sinsearacha a
bhíonn sa chathaoir.
Ag deireadh an iniúchta, cuireann an binse tuairisc faoi bhráid an
Oireachtais. D'fhéadfadh sé moltaí a chur leis.
Bhain costais shuntasacha le binsí fiosruithe le blianta beaga anuas.
D'fhoilsigh an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste Tuarascáil
Speisialta faoi Bhinsí Fiosrúcháin (pdf) i Nollaig 2008. Tugann an
tuarascáil costais measta sna binsí Mahon, Moriarty agus Morris.
Tá na binsí seo a leanas san áireamh le binsí a cuireadh ar bun le
blianta beaga anuas:
- An Binse Fiosrúcháin um Thionscal Próiseáil na Mairteolta 1994. Rinne
an binse seo iniúchadh ar líomhaintí maidir le mírialtacht sa chaoi ina
raibh tionscal na mairteola in Éirinn dhá reachtáil.
- An Binse Fiosrúcháin um Bhord Seirbhísí Fuilaistriúcháin 1997.
Rinne an binse seo iniúchadh ar ghalrú líon mór daoine le tairgí fola
truaillithe i rith na 1970í agus na 1980í.
- An Binse Fiosrúcháin um Íocaíochtaí do Pholaiteoirí (Siopaí Uí
Dhuinn) 1997. Rinne an binse seo iniúchadh ar iocaíochtaí do
pholaiteoirí.
- An Binse Fiosrúcháin Mahon (ar a dtugadh Binse
Fiosrúcháin Flood). Rinne an binse seo iniúchadh ar íocaíochtaí do
pholaiteoirí i gcomhthéacs socruithe pleanála.
- An Binse
Fiosrúcháin Uí Mhuircheartaigh. Rinne an binse seo iniúchadh ar
íocaíochtaí do pholaiteoirí, an t-iarthaoiseach Cathal Ó hEochaidh san
áireamh.
- An Binse Fiosrúcháin Lindsay. Rinne an binse seo iniúchadh ar ghalrú
daoine a bhí haemifile acu le VEID agus Heipitíteas C.
- An Coimisiún
Laffoy. Rinne an binse seo iniúchadh ar líomhaintí maidir le
mí-úsáid paistí laistigh de scoileanna ceardais an Stáit.
- An Binse Morris.
Rinne an binse seo iniúchadh ar ghearáin maidir le Gardaí áirithe na
ranna Dhún na nGall.
Binsí Fiosrúcháin agus Athchóiriú Dlí
I mBealtaine 2005, d’fhoilsigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí Tuarascáil
um Fhiosrúcháin Phoiblí lena n-áirítear Binsí Fiosrúcháin (pdf). Ba
thoradh í an tuarascáil seo ar Phaipéar Comhairliúcháin a d’fhoilsigh an
Coimisiún um Athchóiriú an Dlí i 2003. Foilsíodh an Tuarascáil i
gcomhthéacs na mbinsí iomadúla a cuireadh ar bun in Éirinn le blianta beaga
anuas. D’fhiosraigh na binsí seo réimse ábhar éagsúil, lenar áiríodh
tubaistí ollmhóra inar maraíodh daoine, líomhaintí faoi mhí-iompar i
bhforbairt talún agus sa phróiseas pleanála féin fiú.
Molann an tuarascáil athruithe sa nós imeachta freisin i dtaca le roghnú
an chineáil fhiosrúcháin chuí, dréachtú téarmaí tagartha cuí, cearta
dhaoine aonair agus eagras lena n-éisteacht agus lena n-ionadaíocht agus
bronnadh costas dlí.
Tá an Bille um Binsí Fiosrúcháin 2005 (pdf) dírithe ar a
chomhdhlúthódh agus a d’athnuafadh an dlí maidir le Binsí
Fiosrúcháin.
Tá iad seo a leanas príomhghnéithe dhréachtscéim an Bhille:
- Soiléiriú ar an bpróiseas chun téarmaí tagartha na mbinsí a bhunú
agus a leasú;
- Laistigh de thrí mhí ó dháta a bhunaithe, beidh ar an mbinse ráiteas
a sholáthar le meastacháin ann ar a chostas agus a achar feidhmiúcháin.
Leasófar an ráiteas seo más gá i bhfianaise forbairtí suntasacha;
- Beidh sé de chumhacht ag an Rialtas binse a dhíscaoileadh ach na
cúiseanna a fhógairt agus rún chuige sin a fháil ó dhá theach an
Oireachtais;
- Socruithe maidir le soláthar fianaise, lena n-áirítear foráil chun
deireadh a chur leis an gcleachtas costasach faoina léitear amach
fianaise atá ar fáil cheana féin i bhfoirm scríofa agus nach bhfuil
faoi dhíospóid;
- Soiléiriú ar na cúinsí maidir le ceadú ionadaíochta dlíthiúla os
comhair binse;
- Beidh sé de chumhacht ag an aAire cuí tuarascáil eatramhach a éileamh
ón mbinse ar dhul chun cinn ginearálta an fhiosrúcháin nó gné ar
leith de;
- Glacfar le tuarascálacha binse i gcásanna dlí sibhialta. Forálann an
mhír seo gur fianaise prima facie (.i. de réir cosúlachta) iad na
fíricí i dtuarascáil éigin nó na tuairimí a nochtar inti, mura
gcruthaítear a mhalairt;
- Beidh ar an Aire Cirt, Comhionannais agus Comhionannais le toiliú
an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh a leagann síos uasmhéideanna
costas inghnóthaithe ón Stát.
- Beidh ar an Máistir Fómhais don Ard-Chúirt gan dul thar na
huasmhéideanna leagtha síos sna Rialacháin nuair breithníonn sé
iarratais ar chostais i leith tríú páirtithe