An chosúlacht go bhfuil caidreamh mí-úsáide ann a thabhairt faoi deara

Réamhrá

Bíonn argóintí ag gach duine, agus easaontaíonn gach duine lena bpáirtnéirí, a ndaoine muinteartha agus le daoine eile atá gar dóibh ó thráth go chéile.

Ach má tharlaíonn seo go mion minic i do caidreamh agus má bhíonn eagla ort roimh do pháirtnéir, tugann seo le fios gur caidreamh mí-úsáide é. B’fhéidir go mothóidh tú nach bhfuil aon neart agat ar do shaol agus go bhfuil tú faoi smacht ag do pháirtnéir.

Is féidir le duine ar bith a bheith thíos le mí-úsáid ag aois ar bith agus i saghas ar bith caidrimh. D’fhéadfadh daoine fásta agus déagóirí a bheith thíos leis. Agus ní gá duit bheith pósta nó ag cónaí le do pháirtnéir go ngníomhóidh siad go mí-úsáideach i do leith.

Saghsanna mí-úsáide

Is ionann caidreamh mí-úsáide agus caidreamh ina n-úsáideann duine amháin mí-úsáid le smacht agus neart a bheith acu ar a bpáirtnéir a bhfuil siad i gcaidreamh collaí leo. Tá saghsanna éagsúla drochíde ann:

  • Mí-úsáid fhisiciúil
  • Mí-úsáid mhothúchánach
  • Mí-úsáid ar líne
  • Mí-úsáid gnéis
  • Mí-úsáid gheilleagrach (airgeadais)

Saghas eile d’iompar mí-úsáideach é smacht comhéigneach. Tarlaíonn seo nuair a úsáideann buachaill nó cailín, páirtnéir, fear céile nó bean chéile, nó iarpháirtnéir patrún leanúnach d’iompar smachtaithe comhéigneach agus bagrach chun an duine a sháinniú i gcaidreamh. Bíonn sé dodhéanta nó fiú baolach caidreamh mí-úsáide a fhágáil de bharr smacht comhéigneach agus d’fhéadfadh gach saghas mí-úsáide, nó cuid díobh, a bheith i gceist leis.

D’fhéadfadh go n-athraíonn duine a ngnáthaimh agus nach ndéanann siad teagmháil lena dteaghlach agus a gcairde dá bharr seo. Is féidir le smacht comhéigneach díobháil a dhéanamh d’fholláine fhisiciúil agus mhothúchánach dhuine.

Daoine óga i gcaidreamh mí-úsáide

Bíonn go leor daoine óga, mná óga ach go háirithe, thíos le mí-úsáid ina gcaidreamh collaí. Tugtar ‘mí-úsáid caidrimh chollaí’ air seo. Is éard atá i gceist leis seo ná nuair a úsáideann do bhuachaill, do chailín nó do pháirtnéir patrún d’iompar mí-úsáide chun an neart go léir a ghnóthú agus a choimeád sa chaidreamh.

Is féidir le mí-úsáid tarlú i gcaidreamh gearrthéarmach nó fiú i do chéad chaidreamh. Ní gá go bhfuil tú ag cónaí le do bhuachaill, do chailín, nó do pháirtnéir go mbíonn siad mí-úsáideach i do leith.

Má bhíonn tú buartha faoi do chaidreamh, is féidir leat tráth na gceist caidrimh a fhreagairt ar an láithreán gréasáin Too Into You féachaint an bhfuil ábhar imní ann go bhfuil iompar do pháirtnéara ina iompar smachtaithe.

Is féidir a áireamh le samplaí d’iompar smachtaithe nó mí-úsáide:

  • Na héadaí a chaitheann tú agus na daoine a gcasann tú leo a smachtú
  • Íomhánna nó físeáin chollaí díot a roinnt nó bagairt ar iad a roinnt gan do thoiliú
  • Thú a aonrú ó do theaghlach agus do chairde chun go mbraitheann tú ciontach mura gcaitheann tú an t-am saor go léir atá agat leo
  • An-chuid teachtaireachtaí téacs agus teachtaireachtaí díreacha (DManna) a sheoladh chugat agus éirí feargach má thugann tú neamhaird orthu
  • Éileamh ort ligean dóibh súil a chaitheamh trí do ghuthán nó do chuntais mheán sóisialta
  • Do theachtaireachtaí téacs, do ríomhphoist agus do chuntais mheán sóisialta a sheiceáil le súil a choimeád ort
  • Bíonn siad teasaí, bíonn eagla ort easaontú leo
  • Ionsaíonn siad go fisiciúil thú nó bagraíonn siad go ngortóidh siad thú
  • Bagraíonn siad go ngortóidh siad thú, iad féin nó daoine eile má chuireann tú deireadh leis an gcaidreamh
  • Cuireann siad iallach ort rudaí gnéasacha a dhéanamh in aghaidh do thola

Tá aon cheann de na rudaí thuas tromchúiseach. Ní gá go ndéanann do pháirtnéir roinnt de na rudaí seo, nó iad go léir, go mbíonn do chaidreamh mí-úsáideach. Má bhraitheann sé mícheart, tá gach dóchúlacht ann go bhfuil sé. Is féidir le labhairt le duine cabhrú leat an méid atá ag tarlú laistigh de do chaidreamh a thuiscint agus tacú leat bheith slán. D’fhéadfadh duine muinteartha nó dlúthchara a bheith i gceist leis an duine seo.

Nó b’fhéidir go mbraithfeá níos compordaí do chás a phlé le duine nach bhfuil aithne agat orthu. Tá tacaíocht agus eolas saor in aisce rúnda ar fáil 24 uair an chloig sa lá ó eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla (féach Eagraíochtaí agus seirbhísí tacaíochta thíos).

Is féidir le daoine óga atá buartha faoina gcaidreamh féin nó faoi chaidreamh carad leo an tSeirbhís Tacaíochta Teachtaireachtaí Téacs Láithreacha saor in aisce agus rúnda, Too Into You, a úsáid.

Má bhraitheann tú go bhfuil tú i mbaol láithreach bonn, cuir glaoch ar 112 nó 999. Cuirtear sainoiliúint ar chomhaltaí an Gharda Síochána chun déileáil leis na cásanna seo agus is féidir leo cabhrú leat tacaíocht a fháil.

Cén roghanna atá agam?

Is tábhachtach an chéim é a aithint go bhfuil mí-úsáid á baint asat. B’fhéidir go mbraitheann tú go dteastaíonn roinnt ama uait chun smaoineamh faoi do chás. Nó b’fhéidir go bhfuil an cinneadh déanta agat cheana féin deireadh a chur leis an gcaidreamh nó chun fágáil. Pé rud a chinneann tú, tugtar tús áite i gcónaí do do shábháilteacht (agus do shábháilteacht do leanaí, má tá leanaí agat).

Orduithe foréigin teaghlaigh

Má bhaineann páirtnéir reatha nó iarpháirtnéir mí-úsáid asat, is féidir leat cosaint dhlíthiúil a fháil tríd an gcúirt.

Is iad na príomhchineálacha cosanta atá ar fáil orduithe sábháilteachta, cosanta agus urchoisc. B’fhéidir go mbeidh ort eolas a fháil faoin méid seo a leanas freisin:

  • Pleanáil sábháilteachta
  • Roghanna tithíochta
  • Ionsaithe a thabhairt le fios
  • Treoirlínte inimirce
  • Tearmainn

Tá liosta eagraíochtaí thíos a chuireann réimse seirbhísí tacaíochta ar fáil a bheidh in ann tacú leat (féach Eagraíochtaí agus seirbhísí tacaíochta thíos).

An bhfuil tú buartha faoi dhuine a bhfuil aithne agat orthu?

Is féidir leat dul i mbun roinnt bearta bunúsacha le cabhrú agus le tacú le cara, duine muinteartha, comhghleacaí, comharsa nó aon duine a admhaíonn duit go bhfuil siad thíos le drochíde sa teaghlach.

Is féidir leat tacaíocht mhothúchánach a chur ar fáil agus is féidir leat tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil.

Tacaíocht mhothúchánach

  • Éist, déan iarracht iad a thuiscint agus bí cúramach gan an locht a fháil orthu. Ní féidir le rud ar bith a dhéanann siad nó a deir siad údar a thabhairt le hiompar an mhí-úsáideora.
  • Inis dóibh nach bhfuil siad leo féin agus go bhfuil tacaíochtaí ar fáil má theastaíonn siad uathu.
  • Tacaigh leo mar chara. A spreagadh dóibh a mothúcháin a léiriú, pé mothúcháin a bhíonn i gceist leo.
  • Ná mol dóibh an caidreamh a fhágáil mura bhfuil siad réidh leis seo a dhéanamh. Is fúthu a bhíonn an cinneadh seo a dhéanamh.

Tacaíocht phraiticiúil

  • Inis dóibh faoi na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil (féach Eagraíochtaí agus seirbhísí tacaíochta thíos).
  • Tabhair creidmheas guthán póca dóibh má theastaíonn siad uathu chun gur féidir leo glaonna a dhéanamh i gcás éigeandála.
  • Fiafraigh díobh an ndearnadh díobháil fhisiciúil dóibh. Má rinneadh, abair leo go bhfuil tú sásta dul go dtí an t-ospidéal leo nó chun cuairt a thabhairt ar a ndochtúir ginearálta (DG) leo. Mol dóibh go bhféadfadh sé a bheith áisiúil amach anseo cuntas a choimeád ar aon ghortuithe mar gheall gur minic go n-éiríonn an mhí-úsáid níos measa le himeacht ama.
  • Cabhraigh leo an t-ionsaí a thabhairt le fios do na póilíní más mian leo sin a dhéanamh.
  • Téigh leo le cuairt a thabhairt ar aturnae, má tá siad réidh le haghaidh a thabhairt ar an gcéim seo.
  • Aontaigh le códfhocal leo ar féidir leo é a úsáid má bhíonn siad i mbaol agus má theastaíonn cabhair uathu.
  • Cuir in iúl dóibh gur féidir leo do sheoladh agus/nó d’uimhir ghutháin a úsáid chun gur féidir le daoine eolas agus teachtaireachtaí a thabhairt agus a sheoladh, agus inis dóibh gur féidir leat mála éigeandála a choimeád dóibh, más mian leo.
  • Tabhair suim bheag airgid dóibh le cur i dtaisce sa chás gur gá dóibh tacsaí nó bus a fháil i gcás éigeandála chun an áit chónaithe a fhágáil agus dul chomh fada le daoine muinteartha nó le tearmann.

Cuimhnigh aire a thabhairt duit féin nuair a bhíonn tú ag tacú le duine atá thíos le tráth an-deacair agus an-mhothúchánach. Cinntigh nach gcruthaíonn tú cás baolach duit féin; mar shampla, ná cuir in iúl go labhróidh tú leis an mí-úsáideoir faoina n-iompar agus níor cheart go gceapfadh an mí-úsáideoir go bhfuil tú ag bagairt ar a gcaidreamh.

Eagraíochtaí agus seirbhísí tacaíochta

Má bhraitheann tú go bhfuil tú i mbaol láithreach bonn, cuir glaoch ar 112 nó 999. Cuirtear sainoiliúint ar chomhaltaí an Gharda Síochána chun déileáil leis na cásanna seo agus is féidir leo cabhrú leat tacaíocht a fháil.

Cúnamh do Mhná

Cuireann Cúnamh do Mhná tacaíocht saor in aisce agus rúnda ar fáil do mhná atá thíos le foréigean teaghlaigh, do dhaoine muinteartha agus cairde, agus do ghairmithe a thacaíonn le híospartaigh na mí-úsáide.

  • Is í an Líne Chabhrach Saorghlao Náisiúnta 1800 341 900 agus tá sí ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain
  • Is í uimhir ghutháin na Seirbhíse Ateangaireachta Gutháin 1800 341 900 agus tá sí ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain
  • Tá seirbhís teachtaireachtaí téacs ar an toirt ar fáil ag womensaid.ie:
    • Ó Luan go hAoine – 10am – 1pm agus 7pm – 10pm
    • An Satharn – 12pm – 3pm agus 7pm – 10pm
    • An Domhnach – 10am – 1pm agus 7pm – 10pm
  • Tá seirbhís teachtaireachtaí téacs do mhná Bodhra agus a bhfuil Moill Éistigh orthu ar fáil ó 8am go 8pm, 7 lá sa tseachtain trí ghlaoch ar 087 959 7980
  • Tá Seirbhís Eolais agus Tacaíochta maidir le Drochíde sa Teaghlach do mhná ar fáil Cúirt Dlí Teaghlaigh Theach an Charnáin. Tá seirbhís buail isteach do mhná atá thíos le mí-úsáid i gcaidreamh ar fáil ó Luan go hAoine, 9.30am – 12.30pm agus 2pm – 4.30pm
  • Tá seirbhís tacaíochta teachtaireachtaí téacs láithreacha saor in aisce agus rúnda do dhaoine óga maidir le mí-úsáid i gcaidreamh collaí ar fáil ag Too Into You.

Ionad Éigeandála um Éigniú

Cuireann Cabhair Éigeandála um Éigniú seirbhís saor in aisce rúnda éisteachta agus tacaíochta ar fáil do mhná agus d’fhir a ndearnadh éigniú, ionsaí gnéis nó ciapadh gnéis orthu nó ar baineadh mí-úsáid ghnéasach astu ag aon tráth ina saol.

  • Is í an Líne Chabhrach Náisiúnta 1800 778 888 agus tá sí ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain
  • Tá Seirbhís Ateangaireachta Líne Chabhrach Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú (DRCC) ar fáil ó Luan go hAoine, ó 8am go 6.30pm
  • Tá líonra Ionaid Éigeandála um Éigniú áitiúla ar fáil
  • Tá seirbhís teachtaireachtaí téacs do dhaoine Bodhra agus a bhfuil Moill Éistigh orthu ar fáil ó Luan go hAoine ó 8am go 6.30pm trí ghlaoch ar 086 823 8443
  • Cuirtear comhrá gréasáin ar líne trí láithreán gréasáin DRCC ar fáil ó Luan go hAoine, ó 10am go 5pm

Éire Shábháilte

Cuireann Éire Shábháilte eolas cothrom le dáta ar láthair sheirbhísí tacaíochta agus tearmainn áitiúla foréigin teaghlaigh in Éirinn, chomh maith lena sonraí teagmhála ar fáil.

Líonra Forbartha na bhFear

Oibríonn Líonra Forbartha na bhFear an Líne Comhairle Náisiúnta ar 1800 816 588 d’fhir atá nó a bhí thíos le foréigean teaghlaigh.

  • An Luan agus an Chéadaoin, ó 10am go 6pm
  • An Mháirt agus Déardaoin, ó 12pm go 8pm
  • An Aoine go dtí an Domhnach agus saoirí poiblí, ó 2pm go 6pm

Cúnamh d’Fhir

Cuireann Cúnamh d’Fhir Éireann (tugadh Amen air roimhe seo) líne chabhrach rúnda, seirbhís tacaíochta agus eolas ar fáil d’fhir agus a dteaghlaigh atá thíos le foréigean teaghlaigh.

  • Glaoigh ar an Líne Chabhrach Náisiúnta, (01) 554 3811, ó Luan go hAoine, ó 9am go 5pm
  • Seol ríomhphost chun tacaíocht rúnda a fháil, chuig hello@mensaid.ie

CARI (Leanaí i mBaol in Éirinn)

Cuireann CARI líne chabhrach ar fáil a sholáthraíonn saintacaíocht d’aon duine ar imir drochúsáid ghnéasach leanaí tionchar orthu. Tacaíonn CARI le leanaí, tuismitheoirí, marthanóirí fásta, gairmithe, agus an pobal i gcoitinne.

  • Glaoigh Líne Chúraim CARI ar 0818 924 567, ó Luan go hAoine, ó 9.00am go 5.00pm
  • Is féidir leat iarraidh ar aisghlaoch trí fhoirm ghearr a líonadh

Stillhere.ie

Sheol an Rialtas feachtas um fheasacht phoiblí ar dhrochíde sa teaghlach i rith COVID-19 agus cuireadh láithreán gréasáin, Stillhere.ie, ar fáil. Cuirtear eolas ar fáil ann freisin d’aon duine a mbíonn eagla orthu roimh dhrochíde sa teaghlach ina n-áit chónaithe. Cuirtear eolas ar fáil freisin faoi:

  • Na cúirteanna agus cúnamh dlí
  • Tacaíochtaí do leanaí
  • Tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine breacaosta
  • Sábháilteacht dhigiteach agus ar líne


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Meán Fómhair 2022