Bunchearta faoi Bhunreacht na hÉireann

Réamhrá

Aithnítear agus dearbhaítear sa Bhunreacht go bhfuil bunchearta áirithe pearsanta ag daoine a chónaíonn in Éirinn. Is cearta nádúrtha daonna iad seo agus deimhníonn agus cosnaíonn an Bunreacht iad.

Níl gach buncheart atá agat leagtha amach sa Bhunreacht – d’fhéadfadh go bhfuil go leor cearta pearsanta agat nach luaitear go sonrach sa Bhunreacht. D’fhéadfadh na cearta seo eascairt ón mBunreacht nó bheith curtha in iúl inti. Mar shampla, ní luaitear go sonrach sa Bhunreacht go bhfuil ceart agat i leith príobháideachais, ach aithníonn na cúirteanna go dtugann na cearta pearsanta sa Bhunreacht an ceart i leith príobháideachais le tuiscint.

Níl bunchearta absalóideach – féadfaidh an tOireachtas iad a theorannú nó iad a chosc ar bhonn, mar shampla, leas coiteann nó ord poiblí.

Tá ag gach ceart bunreachtúil an stádas agus an fiúntas céanna. Más ann do choimhlint idir cearta bunreachtúla daoine, breathnóidh na cúirteanna ar na cúinsí uile agus déanfaidh siad gach ceann de na tosca a bhreithniú le cinneadh a dhéanamh ar cén ceart bunreachtúil is tábhachtaí sa chás ar leith sin.

Príomhchearta Bunreachtúla

Comhionannas os comhair an dlí

Caithfear le gach saoránach in Éirinn ar an gcaoi chéanna os comhair an dlí. Ciallaíonn seo nach féidir leis an Stát, idirdhealú a dhéanamh go héagórach, go mí-réasúnta nó go hansmachtúil idir saoránaigh. Ní féidir caitheamh leat amhail bheith íseal ó thaobh gradaim nó ard ó thaobh gradaim i leith aon duine eile sa tsochaí díreach mar gheall ar do thréithe daonna nó do chúlra eitneach, ciníoch, sóisialta nó reiligiúnach.

Nuair a bhíonn dlíthe á ndéanamh ag an Stát, áfach, féadfaidh an Stát breithniú a dhéanamh ar éagsúlachtaí cumais agus feidhme sóisialta idir daoine sa tsochaí.

An ceart chun beatha

Aithníonn agus cosnaíonn an Bhunreacht do cheart chun beatha.

Ciallaíonn do cheart chun beatha an ceart chun ligean don nádúr leanúint ar aghaidh agus chun bás nádúrtha a fháil. Ní chiallaíonn sé go bhfuil an ceart agat deireadh a chur le do shaol ná brostú a dhéanamh ar do bhás. Is éard atá i gceist le do cheart chun beatha, ná go ligfí duit bás nádúrtha a fháil agus nach gcuirfí fad le do shaol ar bhealach bréige.

Cuireadh ceart beatha leanaí gan bhreith leis an mBunreacht ag leasú bunreachtúil i 1983. Ina theannta sin, cosnaítear ceart comhionann chun beatha na máthar. I 1992, cuireadh dhá leasú leis an mBunreacht; an ceart atá ag an máthair chun taisteal go dtí stát eile agus an ceart i leith saoráil faisnéise maidir le seirbhísí atá ar fáil i stát eile.

Saoirse phearsanta

Deimhníonn an Bhunreacht go bhfuil ceart agat i leith saoirse, seachas i gcomhréir leis an dlí.

Ciallaíonn seo, go ginearálta, go bhfuil tú i dteideal do shaoirse féin phearsanta a bheith agat, ach féadfaidh reachtaíocht foráil a dhéanamh do do ghabháil agus do choinneáil faoi chúinsí áirithe. Ní féidir leis an Stát do cheart chun saoirse phearsanta a shárú faoi chúinsí a chuimsítear laistigh de dhlí a fhorálann do ghabhail agus/nó do choinneáil.

Má chreideann tú go bhfuil tú á choinneáil nó á choimeád go neamhdhleathach, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an Ard-Chúirt. Murar féidir leis an duine nó an institiúid atá do do choinneáil údar a thabhairt le do choinneáil nó a chruthú gur coinneáil dhleathach atá i gceist, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go scaoilfear thú. Tugtar ordú Habeas Corpus air seo.

Saoirse tuairimíochta

Tá an ceart agat chun do dhaorbhreitheanna agus do thuairimí a nochtadh. Ach luaitear sa Bhunreacht gur cheart go ndéanfadh an Stát deimhin de nach n-úsáidtear an raidió, na nuachtáin agus an cineama chun an bonn a bhaint d'ord poiblí nó de mhoráltacht nó d'údarás an Stáit. Luaitear freisin gur cion é ábhar diamhaslach, ceannairceach nó mígheanasach a lua nó a fhoilsiú.

Tá roinnt teorainneacha ar do shaoirse nochta. Mar shampla, ceadaíonn na hAchtanna um Chinsireacht ar Scannáin cinsireacht ar fhoilseacháin ar nós leabhar, scannán agus DVDanna.

Saoirse chun teacht ar tionól

Tá an ceart agat chun teacht ar tionól nó chun teacht le chéile go síochánta agus gan airm. Déanann an reachtaíocht an ceart seo a shrianadh d’fhonn ord agus moráltacht phoiblí a chosaint. Déanann an dlí cruinnithe a chosc agus a rialú a mheastar a bheidh ina gcúis le círéib nó le sárú na síochána nó a dheartar le hamhlaidh a dhéanamh.

Tá roinnt teorainneacha eile ar do shaoirse chun teacht ar tionól. Ní féidir leat teacht le chéile ar réadmhaoin phríobháideach gan toiliú an úinéara – is ionann sin agus bradaíl. Níl paráidí agus mórshiúlta in aghaidh an dlí ach is núis phoiblí é chun bac a chur le príomhbhóthar. Níl cead agat mórshiúl nó cruinniú a chur ar bun laistigh de leathmhíle den Oireachtas nuair a chuir na Gardaí cosc air sin nó má iarradh ort scaipeadh.

Saoirse chun comhlachas a bhunú

Deimhnítear sa Bhunreacht go bhfuil an ceart agat chun comhlachais agus cumainn a bhunú. Féadfaidh tú aon saghas comhlachais a bhunú ar mhaithe le haon chuspóir is mian leat, cibé acu más comhlachas spóirt, sóisialta, carthanúil, tráchtála nó polaitiúil é.

Déanann an reachtaíocht an ceart seo a shrianadh d’fhonn ord agus moráltacht phoiblí a chosaint. Mar shampla, ní féidir le comhlachais a bunaíodh ar mhaithe le tréas nó le cuspóir ar leith frithbhunreachtúil nó mídhleathach brath ar an gceart seo chun comhlachas a bhunú.

Ceart do chothrom na féinne

Tá ar na cúirteanna agus gach comhlacht nó duine eile a dhéanann cinntí a dhéanann difear duit, caitheamh leat go cóir. Tá dhá riail ríthábhachtacha um chothrom na féinne ann.

  • Níor chóir don té a bhfuil cinneadh á dhéanamh acu a dhéanann difear duit bheith claonta nó an tuairim a thabhairt go bhfuil siad claonta.
  • Ní mór deis leordhóthanach a thabhairt duit chun do chás a chur i láthair. Ní mór duit bheith curtha ar an eolas faoin ábhar agus ní mór go dtugtar deis duit chun do thuairim a chur in iúl ar an ábhar atá á chur chun cinn ag an taobh eile.

Ceart iomláine choirp

Tá an ceart agat do chorp agus do phearsa a bheith saor ó chur isteach. Ciallaíonn seo nach féidir leis an Stát aon rud a dhéanamh chun cur isteach ar do shaol nó ar do shláinte.

Má tá tú faoi choinneáil, tá an ceart agat gan do shláinte a bheith curtha i mbaol fad atá tú sa phríosún.

An ceart chun triail le giúiré a bheith agat

Tá sé de cheart agat triail a fháil le giúiré i gcásanna áirithe coiriúla.

Má cúisíodh thú le cion nach mionchion é, déanfar thú a thriail le breitheamh a shuífidh le giúiré. Tá roinnt cionta ann a dtabharfar rogha duit ina dtaobh – cibé acu an mian leat go ndéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche cinneadh ar do chás a shuífidh leis/léi féin nó breitheamh a shuífidh le giúiré.

Ní mór nach mbeidh daoine nach aturnaetha iad bheith sa ghiúiré a roghnaíodh go randamach ó réimse fairsing giúróirí ón bpobal.

Saoirse chreidimh

Is fútsa atá sé do reiligiún agus do shaoirse choinsiasa a chleachtadh. Deimhníonn an Stát nach bhfaomhfaidh siad agus nach roghnóidh siad aon reiligiún agus nach ndéanfaidh siad idirdhealú ar bhonn reiligiúin.

Ní féidir le cúnamh Stáit do scoileanna idirdhealú a dhéanamh idir scoileanna de shainaicmí éagsúla creidimh. Tá ag gach leanbh an ceart chun freastal ar scoil sainaicme chreidimh a fhaigheann cistiú Stáit gan bheith rannpháirteach i dteagasc reiligiúnach sa scoil sin.

D’fhéadfaí do cheart chun saoirse chreidimh a shrianadh d’fhonn ord agus moráltacht phoiblí a chosaint.

An ceart chun príobháideachais

Ní luaitear go sonrach sa Bhunreacht go bhfuil ceart agat i leith príobháideachais, ach aithníonn na cúirteanna go dtugann na cearta pearsanta sa Bhunreacht an ceart i leith príobháideachais le tuiscint.

Mar shampla, ní féidir cur isteach d’aon turas, go coinsiasach agus gan údar a thabhairt, ar do chumarsáid phríobháideach scríofa agus ar do chomhráite ar an nguthán. D’fhéadfaí do cheart chun príobháideachais a theorannú nó shrianadh ag an reachtaíocht ar mhaithe le leas coiteann, ord nó moráltacht phoiblí.

An ceart chun slí bheatha a bhaint amach

Mar shaoránach, tá an ceart agat chun oibriú agus chun slí bheatha a bhaint amach, cibé acu más fear nó bean thú.

Tá dualgas ar an Stát do cheart chun oibriú agus chun slí bheatha a bhaint amach a chosaint ó ionsaí éagórach.

Saoirse chun taisteal

Tá an ceart agat chun gluaiseacht gan chosc a bheith ort laistigh den Stát. Ina theannta sin, tá ceart níos fairsinge agat chun taisteal agus chun pas a fháil ar mhaithe le taisteal a dhéanamh.

Féadtar do cheart chun pas a fháil a theorannú nó a shrianadh. Mar shampla, sula ndeonaítear banna duit, féadfaidh cúirt a iarraidh go gcomhaontaíonn tú go dtabharfaidh tú do phas suas. Sa mhullach air sin, féadfaidh an Stát do cheart chun taisteal a shrianadh ar mhaithe le slándáil náisiúnta.

Dosháraitheacht áit chónaithe saoránaigh

Dearbhaítear sa Bhunreacht go bhfuil áit chónaithe saoránaigh dosháraitheach agus níl cead ag duine dul isteach ann le fórsa, seachas i gcomhréir leis an dlí. Ciallaíonn seo nach féidir le haon duine, na Gardaí san áireamh, dul isteach san áit ina gcónaíonn tú gan bharántas nó údarás eile dlíthiúil a cheadaíonn dóibh dul isteach ann.

Má dhéantar thú a ghabháil mar thoradh ar iontráil neamhdhleathach i d’áit chónaithe, rinneadh thú a ghabháil go mídhleathach. Ní ghlacfaidh na cúirteanna le fianaise a thugtar mar thoradh ar dhul isteach neamhdhleathach i d'áit chónaithe.

Cearta maoine

Dearbhaíonn an Bhunreacht go gcosnóidh an Stát cearta maoine gach saoránaigh. Ciallaíonn seo go bhfuil an ceart agat chun bheith i d’úinéir ar mhaoin agus chun maoin a aistriú agus a fháil le hoidhreacht. Ina theannta sin, tá an ceart agat chun maoin a thiomnú nuair a fhaigheann tú bás. Deimhníonn an Stát gan aon dlí a rith chun na cearta seo a bhaint.

Aithnítear in Airteagal 43 gur cheart na cearta seo a rialú ag prionsabail an cheartais shóisialta. Ciallaíonn seo gur féidir leis an Stát dlíthe a rith a leagann teorainn ar do cheart chun maoin phríobháideach a bheith agat ar mhaithe le leas coiteann. Má ritheann an Stát dlí a leagan srian ar do chearta maoine, d’fhéadfadh go mbeadh orthu thú a chúiteamh don srianadh seo.

Is samplaí iad pleanáil baile agus réigiúnach, cosaint séadchomharthaí náisiúnta, talamh a ghnóthú go héigeantach agus cáin maoine de na srianta is féidir a chur ar an gceart atá agat chun maoin a shealbhú.

Cearta an teaghlaigh

Tá ag an teaghlach a bunaíodh ar phósadh sraith cearta bunreachtúla. Ina measc seo tá:

  • An ceart chun príobháideachas pósta. Ciallaíonn seo go bhfuil sé de cheart ag lánúin a gcuid cinntí féin a dhéanamh maidir le pleanáil clainne.
  • An ceart chun oibriú as lámh a chéile, chun taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile agus chun tuismiú a dhéanamh. Féadfar an ceart seo a theorannú nó a shrianadh nuair atá duine muinteartha sa phríosún nó nuair nach saoránach Éireannach céile amháin. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoi chearta príosúnach anseo.
  • Tá sé de cheart ag tuismitheoirí bheith ina bpríomhoidí nó oidí nádúrtha dá gcuid leanaí. Caithfidh an Stát aitheantas a thabhairt do do cheart mar thuismitheoirí chun oideachas creidimh, morálta, intleachtúil agus sóisialta a sholáthar do do leanaí. Ní féidir leis an Stát iallach a chur ort do chuid leanaí a chur ar scoil nó chuig aon chineál scoile áirithe, ach is féidir leo iallach a chur ort go gcuirtear íosmhéid áirithe oideachais ar leanaí.
  • Cearta bunoideachas saor in aisce – ciallaíonn seo go gcaithfidh an Stát íoc as bunoideachas do linbh. Ní féidir le cúnamh Stáit do scoileanna idirdhealú a dhéanamh idir scoileanna de shainaicmí éagsúla creidimh.
  • An ceart chun rogha a dhéanamh ar chreideamh do leanaí. Ní féidir leis an Stát cur isteach ar an gceart seo.

Tá prionsabal bunreachtúil i bhfeidhm go bhfuil ag tuismitheoirí pósta cearta comhionanna agus gur comhchaomhnóirí a gcuid leanaí iad. Má scarann nó má cholscarann na tuismitheoirí, féadfaidh na cúirteanna cinneadh a dhéanamh ar cé aige/aici a bheidh caomhnóireacht na leanaí. Is é an ní is tábhachtaí ar a mbreithneofar leas na leanaí.

Page edited: 26 March 2013