Má bhíonn ceisteanna agat faoi do chearta mar shaoránach de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), soláthraíonn Europe Direct seirbhís ghutháin agus ríomhphoist shaor in aisce a fheidhmíonn mar an chéad phointe teagmhála. Tairgeann sí eolas ar go leor ábhar faoin AE, agus féadann sí úsáideoirí a tharchur chuig an bhfoinse comhairle is fearr ag leibhéil an AE, go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil.
Má cheapann duine go bhfuil a c(h)earta faoi dlí na hEorpa dhá shárú, is féidir gearán foirmiúil a chur chuig Coimisiún na hEorpa. Déanfaidh an Coimisiún an gearán a fhiosrú agus má sheasann an gearán, is féidir leis an duine a rinne an gearán iarradh ar an Rialtas cinntiú go bhfaigheann sé/sí a c(h)uid cearta nó is féidir an Rialtas a thabhairt ós comhair Cúirt na hEorpa. Tá Seirbhís Chearta na Saoránach ag an oifig i mBaile Átha Cliath agus is féidir scríobh chuig an tseirbhís le gearán.
Tá cód dea-chleachtaidh ag an gCoimisiún maidir leis an mbealach a chaitheann sé leis an bpobal. Tá dualgas dleathúil ar an gCoimisiún mar institiúid agus ar an bhfoireann oibre mar dhaoine aonair faoin gcód seo.
Más mian le duine gearán a dhéanamh gur sháraigh an Coimisiún an cód seo tá foirm gur féidir a fháil ar an idirlíne ag an suíomh.
Déanann Fear an Phobail Eorpaigh gearáin maidir le drochriarachán in institiúidí de chuid an AE a fhiosrú.
Tá Coiste Achainí ag Parlaimint na hEorpa a éistíonn le gearáin ó shaoránaigh maidir le ceisteanna a bhaineann leis an AE. Níl sé de chumhacht aige a chinnithe a chur i bhfeidhm ach tá tionchar aige. Is féidir scríobh chuig Feisire Parlaiminte nó díreach chuig an bParlaimint féin.
Is Cúirt Chothromaíocht na hEorpa seo cúirt an AE. Tá cearta teoranta ag an duine teacht ar an gcúirt seo go díreach.
Is í seo an Chúirt gur ceart gearáin maidir le sárú ar Choinbhinsean na hEorpa ar Chearta Daonna a chuir ós a comhair. Ní hionann í agus Cúirt Chothromaíocht na hEorpa, gur institiúid den AE í agus a éistíonn le ceisteanna a bhaineann le dlí an AE.
Tá gréasán ar fud na hEorpa a bhíonn ag plé le gearáin maidir le seirbhísí airgeadais taobh amuigh de na cúirteanna. Tugtar FIN-NET ar an ngréasán seo agus bunaíodh é ar mhaithe le conspóidí a réiteach taobh amuigh de na cúirteanna nuair atá soláthraí na seirbhíse lonnaithe i gceann de bhaill stáit an AE agus úsáideoir na seirbhíse lonnaithe i mball stáit eile. Tá breis agus 35 scéimeanna náisiúnta difriúla sa ghréasán a bhaineann le seirbhísí airgeadais go háirid (mar shampla, scéimeanna fear an phobail a bhaineann le bainc agus árachas) nó conspóidí úsáideoirí go ginearálta (mar shampla, boird ghéaráin úsáideoirí). Breathnaítear i ndiaidh seirbhísí a chuirtear ar fáil ar an gnáthbhealach agus ar an idirlíne.
Is baill den ghréasán seo iad Fear an Phobail don tSeirbhís Árachais agus Fear an Phobail d'Institiúidí Creidmheasa in Éirinn.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an ngréasán seo, na baill agus an módh oibre atá aige anseo.
Cuidíonn an Gréasán de Lárionaid Tomhaltóirí na hEorpa le tomhaltóirí le nósanna imeachtaí chun cúiseanna a réiteach lasmuigh den chúirt ar fud na hEorpa. Tá Lárionad Tomhaltóirí na hEorpa in Éirinn.
Tá gréasán de phointí teagmhála aonmhargaidh i ngach ballstáit den AE ar mhaithe le cúnamh a thabhairt do shaoránaigh a bhfuil deacrachtaí acu a gcearta aonmhargaidh a chur i bhfeidhm, san áireamh tá cearta saor thaistil ag daoine agus earraí agus cearta gnó a bhunú. In Éirinn is é an pointe teagmhála
Comhairle na hEorpa
F-67075 Strasbourg-Cedex
France
Teil:+33 (0)388 412018
Facs:+33 (0)388 412730
Láithreán Gréasáin: http://www.echr.coe.int/
R-phost: webmaster@echr.coe.int
R-phoist: foirm teagmhála ar líne
Teil:+800 678 91011
Láithreán Gréasáin: http://ec.europa.eu/europedirect/index_en.htm
Boulevard Konrad Adenauer
2925 Luxembourg
Teil:+352 43031
Facs:+352 4303 2600
Láithreán Gréasáin: http://curia.europa.eu/
R-phost: info@curia.europa.eu
1 Avenue de Président Robert Schuman
BP 403
F-67001 Strasbourg Cedex
France
Teil:+33 (0)3 88172313
Facs:+33 (0)3 88179062
Láithreán Gréasáin: http://www.ombudsman.europa.eu
R-phost: euro-ombudsman@europarl.eu.int
Uachtarán Phairlaimint na hEorpa
Rue Wiertz
B-1047 Brussels
Belgium
Teil:+352 43 00 27 072
Facs:+352 43 00 27 072
Láithreán Gréasáin: http://www.europarl.europa.eu/committees/peti_home_en.htm
18 Sráid Dawson
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 634 1111
Facs:+353 (0)1 634 1112
Láithreán Gréasáin: http://ec.europa.eu/ireland/press_office/index_en.htm
R-phost: eu-ie-info-request@ec.europa.eu
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Seomra 307
Sráid Cill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 631 3878
Facs:+353 (0)1 631 3853
Láithreán Gréasáin: http://www.djei.ie/trade/marketaccess/singlemarket/role.htm
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.