Gradam an Uachtaráin – Gaisce

Cad é gradam Gaisce?

Is é Gradam an Uachtaráin – ar a dtugtar Gaisce – clár féinfhorbartha do dhaoine óga in Éirinn atá idir 15 agus 25 bliain d’aois. Ciallaíonn an focal Gaisce éacht mór. Má bhuann tú dámhachtain, bronntar bonn i mbosca taispeána, teastas atá sínithe ag an Uachtarán agus biorán liopa ort. Má bhuann tú an gradam Óir, bronnfaidh an tUachtarán é ort ag searmanas speisialta ag Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Tá eolas mionsonraithe ann faoi Gaisce ar gaisce.ie.

Conas is féidir liom gradam Gaisce a fháil?

Le gradam Gaisce a bhaint amach, cuireann tú dúshlán dian romhat in 4 limistéar éagsúla gníomhaíochta:

•Rannpháirtíocht an phobail - mar shampla, cabhrú le daoine breacaosta nó scileanna garchabhrach nó tarrthála a fhoghlaim

•Scil phearsanta - mar shampla, gléas ceoil, scileanna ríomhaireachta nó tiomáint a fhoghlaim

•Caitheamh aimsire fisiciúil - mar shampla, snámh, peil nó leadóg

•Aistear eachtraíochta - mar shampla, turas rothaíochta, curachóireachta nó grúpa siúlóireachta

Leis an leibhéal is airde de ghradam a bhaint amach (Ór), caithfidh tú páirt a ghlacadh i dtionscadal cónaithe, cosúil le cúrsa Gaeilge cónaithe, cúrsa spórt cónaithe nó socrúchán oibre i dteach cúraim.

Nuair atá do dhúshláin phearsanta sáraithe agat, tuillfidh tú do ghradam.

Ceannairí Ghradam an Uachtaráin (CGUanna)

Teastóidh Ceannaire Ghradam an Uachtaráin (CGU) - maoirseoir fásta, a sholáthróidh tacaíocht agus meantóireacht duit an bealach go léir a fhaide le do ghradam Gaisce.

Duine atá in CGU a oibríonn le heagraíocht atá dírithe ar an óige agus a chuir isteach ar an gclár agus ar glacadh leo. Anuas ar oiliúint a sholáthar do CGUanna agus a moltóirí a fhíorú, cinntíonn Gaisce go ndéantar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána orthu.

Leibhéil de ghradam Gaisce

Tá 3 leibhéal de ghradam ann: cré-umha, airgead agus ór. Teastaíonn leibhéal éagsúil ama agus tiomantais ó gach gradam. Tá aoiseanna íosta éagsúla ann freisin do gach gradam:

•Cré-Umha - is í an aois íosta 15 bliana

•Airgead - is í an aois íosta 16 bliana

•Ór - is í an aois íosta 17 mbliana

Is í an aois uasta do gach gradam 25 bliain - is féidir leat páirt a ghlacadh a fhaide leis an lá roimh do bhreithlá 26 bliain.

Ní gá duit an Gradam Cré-umha a bhaint amach sula ndéanann tú iarracht an gradam Airgid a bhaint amach, agus ní gá duit an Gradam Airgid a bhaint amach sula ndéanann tú iarracht ar Ghradam Óir a bhaint amach.

An Gradam Cré-umha

Chun an Gradam Cré-umha a bhaint amach, ní mór duit:

•Bheith rannpháirteach ar feadh 1 uair sa tseachtain, ar a laghad, ar feadh 13 seachtaine i ngach ceann de na trí limistéar a leanas: rannpháirtíocht sa phobal, scileanna pearsanta, áineas fhisiciúil

•Bheith rannpháirteach ar feadh 1 uair sa tseachtain, ar a laghad, ar feadh 13 seachtaine breise i limistéar amháin de na trí limistéar thuas

•Tabhairt faoi aistear 2 lá, 1 oíche i ngrúpa a chuimsíonn íosfhad iomlán:

o25km (siúl) nó

o100km (rothaíocht) or

o6 huaire an chloig i mbun aistir ar chapall nó ar uisce

Beidh ort do ghníomhaíochtaí Gaisce a chur i dtaifead ar chárta taifid (pdf) oifigiúil agus tá ar an duine a dhéanann maoirseacht ar gach gníomhaíocht é a shíniú.

Is féidir níos mó a léamh faoin nGradam Cré-umha ar gaisce.ie.

An Gradam Airgid

Chun an Gradam Airgid a bhaint amach, ní mór duit:

•Bheith rannpháirteach ar feadh 1 uair sa tseachtain, ar a laghad, ar feadh 26 seachtain i ngach ceann de na trí limistéar a leanas: rannpháirtíocht sa phobal, scileanna pearsanta, áineas fhisiciúil

•Bheith rannpháirteach ar feadh 1 uair sa tseachtain, ar a laghad, ar feadh 26 seachtain bhreise i limistéar amháin de na trí limistéar thuas (ní gá do shealbhóirí Gradam Cré-umha seo a dhéanamh)

•Tabhairt faoi aistear eachtraíochta 3 lá, 2 oíche i ngrúpa a chuimsíonn íosfhad iomlán:

o50km (siúl) nó

o190km (rothaíocht) or

o7 n-uaire an chloig i mbun aistir ar chapall nó ar uisce

Beidh ort do ghníomhaíochtaí Gaisce a chur i dtaifead ar chárta taifid (pdf) oifigiúil agus tá ar an duine a dhéanann maoirseacht ar gach gníomhaíocht é a shíniú.

Is féidir níos mó a léamh faoin nGradam Airgid ar gaisce.ie.

An Gradam Óir

Chun an Gradam Óir a bhaint amach, ní mór duit:

•Bheith rannpháirteach ar feadh 1 uair sa tseachtain, ar a laghad, ar feadh 52 seachtain i ngach ceann de na trí limistéar a leanas: rannpháirtíocht sa phobal, scileanna pearsanta, áineas fhisiciúil

•Bheith rannpháirteach ar feadh 1 uair sa tseachtain, ar a laghad, ar feadh 26 seachtain bhreise i limistéar amháin de na trí limistéar thuas (ní gá do shealbhóirí Gradam Airgid seo a dhéanamh)

•Tabhairt faoi aistear eachtraíochta 4 lá, 3 oíche i ngrúpa a chuimsíonn íosfhad iomlán:

o80km (siúl) nó

o300km (rothaíocht) or

o8 n-uaire an chloig i mbun aistir ar chapall nó ar uisce

•Páirt a ghlacadh i dtionscadal cónaithe ar feadh 5 lá agus 4 oíche

Cosúil leis an ngradam Cré-umha agus Airgid, beidh ort do ghníomhaíochtaí Gaisce a chur i dtaifead ar an gcárta taifid (pdf) oifigiúil agus tá ar an duine a dhéanann maoirseacht ar gach gníomhaíocht é a shíniú. Maidir leis an nGradam Óir, beidh ort portfóilió mionsonraithe a ullmhú, tú féin a chur in aithne, cur síos a dhéanamh ar an taithí a bhí agat de Ghaisce, an fáth gur thug tú faoi agus an méid a d’fhoghlaim tú ó Gaisce. Is féidir le do CGU cabhrú leat an portfóilió seo a ullmhú.

Is féidir níos mó a léamh faoin nGradam Óir, treoirlínte mionsonraithe san áireamh chun do phortfóilió a ullmhú, ar gaisce.ie.

Rátaí

Cosnaíonn sé €15 le cur isteach ar Ghradam Cré-umha, €20 ar Ghradam Airgid agus €25 ar Ghradam Óir.

Conas iarratas a dhéanamh

D’iarratasóirí ar Gaisce

Tá ort Ceannaire Ghradam an Uachtaráin (CGU) a aimsiú sula ndéanann tú iarratas. Is féidir leat CGU a aimsiú trí do scoil, coláiste, grúpa óige nó trí eagraíocht phobail. Mura féidir leat CGU a aimsiú, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hoifig Gaisce.

Nuair a bhíonn cinneadh déanta agat faoi cén gníomhaíochtaí ba mhaith leat tabhairt fúthu i ngach cuid den Ghradam, is féidir leat comhaontú a dhéanamh ar an dúshlán le do CGU.

Nuair a bheidh comhaontú déanta ar an dúshlán, ba cheart cheart duit iarratas a dhéanamh agus an táille a íoc ar líne. Déanfaidh an CGU d’iarratas a ghníomhachtú ansin, chun gur féidir leat tús a chur leis na gníomhaíochtaí lena gcomhaontaítear.

Má tá tú faoi 18 mbliana d’aois, beidh foirm thoilithe shínithe ag teastáil ó do thuismitheoir nó do chaomhnóir.

Déanfaidh do CGU monatóireacht ort i rith do dhúshláin Gaisce agus cuirfidh siad a n-ainm leis ag an deireadh, má thug tú faoi na dúshláin ar chomhaontaigh tú tabhairt fúthu agus má shásaigh tú caighdeán an ghradaim.

Eolas do GGUanna

Go ndéanfar CGU Gaisce díot, caithfidh tú freastal ar cheardlann oiliúna a mhaireann lá amháin. Caithfear grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh ort agus caithfear do mholtóirí a fhíorú. Chun teacht ar eolas breise faoi iarratas a dhéanamh go ndéanfar CGU díot, féach gaisce.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Deireadh Fómhair 2021