Ag Caitheamh Vóta i Reifreann

Réamhrá

Ionas vótáil i reifreann, ní mór duit a bheith:

  • I do Shaoránach d'Éirinn
  • 18 bliain d'aois ar a laghad
  • Cláraithe le haghaidh vótála

De ghnáth, caitheann tú do vótá ag an stáisiún vótála in aice le do sheoladh baile, ach tá roinnt eisceachtaí ann – m.sh. d’fhéadfá cáiliú le bheith ar Liosta na Vótálaithe Poist nó ar Liosta na Vótálaithe ar leith.

Na Rialacha

De ghnáth, baintear úsáid as na toghcheantair chéanna a úsáidtear le haghaidh thoghchán Dála le haghaidh reifrinn. Caithfidh tréimhse vótaíochta ar a laghad 12 uair an chloig idir 7.00rn agus 10.30in a bheith i bhfeidhm ar lá na vótála.

Caithfidh tú hdo vótá a chaitheam i do stáisiún áitiúil vótála. Má tá míchumas ort a chiallaíonn nach féidir leat do stáisiún áitiúil vótála a úsáid, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar vótáil i stáisiún vótála eile a bhfuil rochtain agat air. (Tá socruithe speisialta ann do dhaoine atá ar Liosta na Vótálaithe Poist nó ar Liosta na Vótálaithe ar Leith – féach thíos.)

Gheobhaidh tú cárta vótála roimh lá an reifrinn. Áiríonn an cárta seo d’uimhir toghthóra agus ainm an stáisiúin vótála ina bhfuil tú le vótáil. Áireoidh sé freisin ráiteas foirmiúil a mhíneoidh cad atá i gceist sa reifreann.

Ag vótáil ag stáisiúnvótála

Ar lá an reifrinn, ba chóir duit dul go dtí an stáisiún vótála atá ainmnithe ar do chárta vótála. Beidh ort foirm bhailí aitheantais phearsanta a thaispeáint. Glactar le do phas, do cheadúnas tiomána, cárta mic léinn le grianghraf srl. mar fhoirm bhailí aitheantais Ní cineál aitheantais bailí é do chárta vótála.

Déantar an vótáil le ballóid rúnda. Tá treoracha gearra ar an bpáipéar ballóide maidir le conas is féidir leat vóta a chaitheamh agus le sonraí faoi thogra an reifrinn. Fiafraítear díot an an aontaíonn tú leis an togra. Ba chóir duit "X" a mharcáil sa bhosca "Tá" nó sa bhosca "Níl" ar an bpáipéar, ansin á fhilleadh agus á chur sa bhosca ballóide séalaithe.

Cosc ar ghníomhaíocht pholaitiúil ag stáisiúin vótála

Tá cosc dian ar ghníomhaíocht pholaitiúil ag stáisiúin vótála ar lá na vótála. Ní féidir leat ábhair feachtais a thaispeáint ná a dháileadh, ná canbhasáil a dhéanamh ar chaoi ar bith.

Tá feidhm ag an gcosc freisin ar fhearann stáisiún na vótála agus laistigh de 50 méadar ón mbealach isteach. Tá sé i bhfeidhm ón am a osclaíonn an stáisiún vótála agus sa leathuair roimh agus ina dhiaidh an ama sin..

Vótálaithe faoi mhíchumas

Má tá tú ag caitheamh do vótá ag stáisiún vótála, is féidir go gcabhrófar leat an vótáil a dhéanamh ar cheann den 3 bhealach seo:

  • Trí vótáil chompánach
  • Le cúnamh ón oifigeach ceannais
  • Trí úsáid a bhaint as teimpléad páipéar tadhlach na ballóide – atá ar fáil chun ligean dóibh siúd ar lagú amhairc a bpáipéir bhallóide a mharcáil ag reifreann

Mar mhalairt air sin, is féidir leat cáiliú le vótáil tríd an bpost nó mar vótálaí ar leith – féach thíos.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag áiseanna do vótálaithe faoi mhíchumas.

Ag vótáil san ospidéil agus i dteach altranais

Má tá tú cláraithe mar Vótálaí Poist, seolfar na doiciméid seo a leanas chugat roimh lá an vóta:

•Páipéar na ballóide

•Admháil do pháipéar na ballóide

•Clúdach do pháipéar marcáilte na ballóide agus clúdach litreach níos mó dírithe chuig an gceann comhairimh.

Ní mór páipéar na ballóide a chur sa phost – ní féidir á thabhairt ar láimh don cheann comhairimh.

Ní mór duit socrú a dhéanamh chun do dhearbhú aitheantais a bheith fianaithe ag Garda sula marcálann tú páipéar na ballóide.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais faoi reifrinn ar fáil ag electoralcommission.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Márta 2024