Páirtí polaitiúil a chlárú in Eirinn.

Réamhrá

Is féidir le hiarrthóirí ag toghcháin ar baill iad de pháirtí cláraithe ainm a bpáirtí a chur lena n-ainm féin ar an bpáipéar ballóide. Mura bhfuil an páirtí lena mbaineann tú ar an gClár, deirtear gurb iarrthóir neamhpháirtí thú ar an bpáipéar ballóide.

Is é an Coimisiún Toghcháin atá freagrach as Clár na bPáirtithe Polaitíochta. Is é an Cláraitheoir atá ina Phríomhfheidhmeannach ar an gCoimisiún Toghcháin.

Faoi Alt 43 den Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022, is féidir iarratas a dhéanamh chuig Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta chun do pháirtí polaitíochta féin a chlárú in aon cheann de na toghcháin seo a leanas in Éirinn:

  • Toghcháin na Dála
  • Toghcháin na hEorpa
  • Toghcháin áitiúla

Critéir le haghaidh clárú

Le clárú, caithfidh do pháirtí a shásamh don Chláraitheoir go n-eagraítear é chun dul san iomaíocht i dtoghcháin. Is féidir leat ainm páirtí agus suaitheantas a chlárú. Bíonn páirtithe neamhchláraithe i dteideal toghcháin a throid ach ní bheidh ainm an pháirtí le sonrú ar an bpáipéar ballóide.

Is féidir le duine ar bith an clár páirtithe polaitíochta in Éirinn a iniúchadh trí theagmháil a dhéanamh le hoifig an Chláraitheora agus coinne a dhéanamh.

Is féidir leat an páirtí a chlárú chun dul san iomaíocht i ngach toghchán nó gan ach dul san iomaíocht i dtoghcháin áitiúla. Bíonn rialacha éagsúla i gceist más mian leat clárú chun dul san iomaíocht i dtoghcháin áitiúla amháin.

 
  Cibé
Gach toghchán Ar a laghad 300 ball curtha i dtaifead* TD nó Feisire Pharlaimint na hEorpa amháin ag tráth an chláraithe
Toghcháin áitiúla amháin Ar a laghad 100 ball curtha i dtaifead* 3 chomhairleoir ag tráth an chláraithe

*Caithfidh baill a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine agus caithfidh ar a laghad leath díobh a bheith ar chlár na dtoghthóirí.

Is féidir leat páirtí a chlárú chun dul san iomaíocht i dtoghchán i réigiún ar leith in Éirinn (mar shampla, páirtí a bhfuil feachtas á dhéanamh aige go mbeidh níos mó seirbhísí áitiúla ann). Sa chás seo, teastaíonn ar a laghad 100 ball uait.

Bunreacht agus riarachán

Anuas air sin, caithfidh an páirtí bunreacht, meabhrán nó cáipéis nó sraith rialacha eile a bheith aige ar ghlac an páirtí leo agus a dhéanann soláthar don mhéid seo a leanas:

•Cruinniú nó comhdháil bhliantúil nó thréimhsiúil eile an pháirtí

•Coiste feidhmiúcháin nó a mhacasamhail eile de chomhlacht a rinne an páirtí a thoghadh, a riarann gnó an pháirtí.

Rialacha eile le haghaidh clárú

Ní bheidh páirtí cláraithe sna cásanna seo a leanas:

•Tá an t-ainm díreach mar an gcéanna le hainm, giorrúchán nó acrainm aon pháirtí chláraithe nó átá chomh cosúil le hainm, giorrúchán nó acrainm páirtí gur dóchúil go gcuirfidh sé mearbhall ar an bpobal

•Tá breis agus 6 fhocal san ainm

•I gcás páirtí a oibrítear maidir le cuid ar leith den Stát, ní áirítear tagairt dhóthanach leis don chuid sin lena chur in iúl go soiléir nach n-oibríonn an páirtí ach maidir leis an gcuid sin.

Suaitheantais pháirtí

Ní dheonófar iarratas chun suaitheantas páirtí polaitíochta a chlárú sna cásanna seo a leanas:

•Is dóchúil go gceapfaidh vótálaithe gur suaitheantas cláraithe eile a úsáideann páirtí eile é

•Tá an suaitheantas graosta nó maslach

•Tá an suaitheantas den charachtar sin gur dhóchúil go ndéanfá cion dá bhfoilseofaí é

•Tá focal nó nath ann, a chuirfeadh cosc ar an bpáirtí a chlárú dá mbeadh sé mar chuid d’ainm an pháirtí nó dá mba ainm an pháirtí é.

Sonraí cláraithe

Iontráiltear na sonraí seo a leanas i gClár na bPáirtithe Polaitíochta:

•Ainm an pháirtí, aon ghiorrúchán nó acrainm

•An suaitheantas, má deonaíodh an t-iarratas ar a chlárú

•Seoladh cheanncheathrú an fhostóra

•Ainm nó ainmneacha an oifigigh nó na n-oifigeach atá údaraithe le deimhnithe a shíniú a fhíordheimhníonn iarrthóirí an pháirtí ag toghcháin

•An saghas nó na saghsanna toghcháin ar cláraíodh an páirtí go n-eagrófar iad chun dul san iomaíocht

•Nuair a cláraíodh an páirtí amhail bheith eagraithe chun dul san iomaíocht i dtoghcháin i gcuid shonraithe den Stát, tagairt dó sin agus don chuid den Stát atá i gceist

•Ainm aon ghrúpa pholaitiúil lena bhfuil an páirtí cleamhnaithe

•Ainm agus seoladh gach aonad cuntasaíochta (mar shampla, brainse) an pháirtí polaitíochta agus ainm agus seoladh an duine (mar shampla, cisteoir) an aonaid chuntasaíochta atá freagrach as déileáil le tabhartais

Diúltú agus achomhaircchláraithe

Nuair a rinne an Cláraitheoir breithniú ar d’iarratas ar chlárú, cuirfear ar an eolas thú ar an gcinneadh. Má dhiúltaítear don iarratas, cuirfidh an Cláraitheoir ar an eolas thú ar na cúiseanna a bhí leis an diúltú agus ar shonraí faoi conas achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh.

Foilsítear fógraí faoi chinntí in Iris Oifigiúil (iris oifigiúil Rialtas na hÉireann).

Ní mór achomhairc a thaisceadh le Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin laistigh de 21 lá ó fhoilsiú an chinnidh san Iris Oifigiúil. Ní mór éarlais €500 a chur isteach freisin.

Íoctar an éarlais ar ais leis an duine a bhfuil an t-achomharc á dhéanamh acu, murach go ndéanann an bord achomhairc an cinneadh go raibh an t-achomharc éadrom (ní raibh sé tromchúiseach) nó cráiteach (beartaíodh go mbeadh sé ina chúis le míshásamh).

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil leis an gCoimisiún Toghcháin trí ríomhphost a sheoladh chuig info@electoralcommission.ie.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Oifig Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitiúla

Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (0)1 618 3314 / 3438
Facs: +353 (0)1 618 4102
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Iúil 2023