An córas polaitiúil ag leibhéal náisiúnta

Réamhrá

Is Bunreacht na hÉireann í an cháipéis bunata dlí í a dhéanann cur síos ar an mbealach inar cheart Éire a rialú. Cuireann an Bunreacht brainsí an rialtais ar bun, cuireann sé na cúirteanna ar bun, agus leagann sé síos an bealach inar ceart iad a eagrú. Tá feidhm thábhachtach eile ag an mBunreacht; déanann sé cur síos ar na bunchearta atá ag gach saoránach Éireannach.

An tOireachtas (Parlaimint na hÉireann)

Tithe an Oireachtais a thugtar ar an Dáil agus ar an Seanad le chéile. Déanann an Dáil an Rialtas a roghnú agus tá sé freagrach don Dáil. Ní mór ar a laghad 7 Aire agus ar a mhéid 15 a bheith ann. Ní mór don Taoiseach, don Tánaiste agus don Aire Airgeadais a bheith ina dTeachtaí Dála. Is féidir 2 bhall den Seanad a roghnú ina nAirí ach ní tharlaíonn seo ach go fíor annamh.

Tá sé mar phríomhfheidhmeanna ag an Rialtas reachtaíocht a mholadh, an ciste poiblí a riaradh agus na ranna rialtais a riaradh.

Tá an Rialtas freagrach don Dáil. Níl sé freagrach don Seanad. Ach, tá sé de cheart ag Airí freastal ar an Seanad agus go hiondúil bíonn an tAire nó an tAire Stáit chuí i láthair sa Seanad nuair atá plé dhá dhéanamh ann ar cheisteanna a bhaineann lena c(h)uid cúraimí féin.

Coistí

Is tré choistí a dhéantar cuid mhór den obair sa Dáil agus sa Seanad anois. Is féidir leis an dá theach coistí a bhunú ar mhaithe le ceisteanna ar leith a phlé. Tá sé de chumhacht ag Coistí Roghnaithe fianaise béil agus scríofa a thógáil agus cáipéisí a éileamh. Comhchoistí iad Roghchoistí ón dá theach a shuíonn agus a chaitheann vótaí le chéile. Níl na cumhachtaí céanna ag Coistí Speisialta agus atá ag Roghchoistí.

Go ginearálta bíonn Coistí ag plé le Meastacháin Chaiteachais, Céim Choiste na mBillí a bhaineann lena dtéarmaí tagartha agus tuairiscí a bhaineann leo sin. Go minic tugann Coistí cuireadh d'eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí pobail agus/nó saineolaithe aighneachtaí a chur ós a gcomhair ar cheisteanna éagsúla agus go minic déanann na heagraíochtaí sin iarratas na haighneachtaí seo a chur faoi bhráid na gCoistí.

Smacht a choinneáil ar an gciste poiblí

Gach bliain déanann an Rialtas meastacháin ar Ioncam agus Caiteachas an Stáit. Costais mheasta reatha atá anseo a bhaineann le gach Roinn agus Oifig Stáit. Déantar na meastacháin a fhoilsiú roimh an gCáinaisnéis bhliantúil. Déanann an Dáil agus na Coistí cuí na Meastacháin a phlé go mion. Glacann an Dáil leis na Meastacháin agus tugann an tAcht Leithreasaithe stádas reachtúil dóibh. Tagann an Cháinaisnéis ina dlí láthaireach tríd na rúin airgeadais a ritheann an Dáil ar an trathnóna a dhéantar óráid na Cáinaisnéise. Ní mór an tAcht Airgeadais a rith taobh istigh de 4 mhí ón gCáinaisnéis.

Faoi láthair, déantar cáinaisnéis ar bhonn bliantúil. Tá scrúdú dhá dhéanamh faoi láthair ar mholtaí le cáinaisnéis a dhéanamh ar feadh tréimhsí níos faide blianta. Léigh téacs iomlán an Bhuiséid anseo.

Ceaptar an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoin mBunreacht le ceannasaíocht a ghlacadh thar cheann an Stáit ar chaiteachas uilig agus iniúchadh a dhéanamh ar gach chuntas airgid atá dhá riaradh ag nó faoi údarás an Oireachtais. Tá na dualgais atá ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste leagtha síos i reachtaíocht.

Reachtaíocht

Is é an Rialtas go hiondúil a mholann dlíthe nua. Cuireann Aire Bille ós comhair na Dála nó an tSeanaid le plé agus cinneadh a dhéanamh air. Bille a thugtar ar reachtaíocht mholta - nuair atá glactha leis agus é sínithe ag an Uachtarán tugtar Acht air. Anois is arís cuireann TD nó Seanadóir Bille Teachta Príobháidigh ós comhair an Tí. Ní minic go n-éiríonn le Bille mar seo dul níos faide ná an chéad chéim – ar chúinsí polaitiúla seachas dleathúla. Ach, le cúpla bliain anuas tháinig reachtaíocht tábhachtach i bhfeidhm de bharr Bille Teachta Príobháidigh - An tAcht um Scaradh Dleathúil agus Leasú Dlí Teaghlaigh 1989 mar shampla cáiliúil. Tá an modh oibre chéanna i bhfeidhm is cuma an moladh ón Rialtas nó ó Theachta eile atá i gceist.

Go hiondúil déanann Aire Bille a chur ós comhair na Dála. Anois agus arís tosaíonn an próiséas sa Seanad ach aon bhillí a bhaineann le cáin nó ceisteanna den tsórt sin ní mór tús a chur leo sa Dáil. Ní mór chuile Bhille a chur tríd céimeannaléamha faoi leith. Is féidir leis titim ag aon cheann de na céimeanna sin, má tharlaíonn sin sa Dáil, tagann deireadh leis an bpróiséas ansin. Ní féidir leis an Seanad ach bacanna a chur ós comhair Bille. Go ginearálta, ní minic go dteipeann ar Bhillí Rialtais. Tá téacs í uile reachtaíochta Éireannach ó 1922 ar fáil ar líne.

Na céimeanna

An chéad chéim nó léamh níl i gceist ach teideal an bhille a chur ós comhair na Dála (nó ós comhair an tSeanaid). Níl ansin ach deis a thabhairt an Bille a chur i gcló. Cuirtear an Bille ansin ar fáil do na Teachtaí Dála ar fad (nó Seanadóirí) agus bíonn an dara léamh ann. Céim an Choiste an chéad chéim eile. Déantar mionscrúdú ar an mBille ag an bpointe seo agus is féidir leis an Rialtas nó leis an bhFreasúra leasuithe a mholadh. An cheathrú chéim - tugtar an chéim tuairisce go minic ar seo - plé ginearálta a bhíonn ann agus arís is féidir leasuithe a mholadh agus vóta a chaitheamh orthu. Ansin sa chéad chéim eile seoltar an Bille chuig an Teach eile (an Seanad go hiondúil) áit ina bhfuil próiseas simplí le comhlíonadh.

Níl sé de chumhacht ag an Seanad Bille a bhaineann le hairgead a leasú nó a chaitheamh amach. Is féidir leis leasú a dhéanamh nó moill a chur ar Bhillí eile.

Nuair atá Bille glactha ag an Dáil agus ag an Seanad cuirtear chuig an Uachtarán é le síniú. Acht a thugtar ansin ar an mBille. Tagann sé i bhfeidhm díreach tar éis don Uachtarán síniú a chur leis ach amháin sa chás go bhfuil clásál nó clásáil faoi leith luaite ann a dheireann cén uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

Foreachtaíocht

Reachtaíocht i bhfoirm níos lú ná Acht í foreachtaíocht. Ionstraim Reachtúil a thugtar ar an bhforeachtaíocht is coitianta. Ní mór go mbeadh cumhacht faoi leith leagtha síos in Acht le go mbeadh feidhm ag Ionstraim Reachtúil. Go hiondúil tugann Acht údarás d'Aire Rialacha a bhaineann le sonraí a dhéanamh. Bíonn an dlí ginearálta leagtha síos san Acht féin. Ní féidir leis an Ionstraim Reachtúil ar aon bhealach imeacht ón rud atá leagtha síos san Acht - má dhéantar sin tugtar ultra vires air. Ciallaíonn sin taobh amuigh den chumhacht - i.e. níl sé de chumhacht ag an Aire an rud a bhí i gceist aige/aici a dhéanamh.

Ní gá go hiondúil don Oireachtas Ionstraimí Reachtúla a cheadú. Taobh amuigh de na hAirí, is féidir le húdaráis eile faoi leith, go mór mór údaráis rialaithe, foreachtaíocht a dhéanamh, mar shampla an Stiúrthóir Rialacha Teileachumarsáide agus an Cumann Dlí Corpraithe.

Feidhm na nAirí

Faoin mBunreacht, bíonn na Ranna Stáit dhá riaradh ag baill an Rialtais (Airí) agus tá an tAire i gceannas na Roinne. Tá an tAire mar sin freagrach as an Roinn ach bíonn go leor dualgais agus feidhmeanna sa Roinn fágtha faoi chúram na státseirbhíseach.

Polasaithe a dhéanamh

Páipéir Uainí, Páipéir Bhána agus cáipéisí le plé

Cáipéis le plé atá i bpáipéar uaine, scríofa go hiondúiíl ag státseirbhísigh, ina dhéantar cur síos ar cheist, roghanna éagsúla a mholadh agus na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na roghanna sin a leagann amach. Go ginearálta, iarrtar ar an bpobal tuairimí a chur ar fáil ar na roghanna atá molta. Nuair atá an próiseas sin curtha i gcrích déantar Páipéar Bán a chur le chéile – cuirtear polasaí an Rialtais maidir leis an gceist ar fáil anseo agus an modh oibre atá beartaithe ag an Rialtas. Déantar na moltaí sa Pháipéar Bán a chur i bhfeidhm ansin.

Anois agus arís titeann an próiseas amach mar sin ach ní bhaintear úsáid as na teidil Páipéir Uainí agus Bhána; tugtar cáipéisí le plé nó ainm den chineál sin orthu. Amanna foilsítear Páipéar Bán gan aon Pháipéar Uaine a bheith foilsithe roimhe. Amanna cuirtear an próiseas seo i bhfeidhm agus ní tharlaíonn tada tar éis don Pháipéar Bán a bheith foilsithe. Amanna déantar páipéir a fhoilsiú a bhfuil an éifeacht chéanna le Páipéar Bán acu ach tugtar cáipéisí stráitéise nó ainm den chinéal sin orthu. Baintear úsáid as modhanna oibre difriúla freisin anois agus arís le dul i gcomhairle leis an bpobal.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Meitheamh 2022