Táillí uisce do ghrúpscéimeanna

Réamhrá

Oibrítear grúpscéimeanna uisce i gceantair thuaithe, lasmuigh de scóip chórais phríomhlíonra uirbigh phoiblí. Is féidir leo a bheith poiblí nó príobháideach, ag brath ar cé acu an dtagann an t-uisce ón bpríomhlíonra poiblí nó foinse phríobháideach, ar nós locha, abhann, tobair nó fuaráin.

Déantar méadar uisce a fheistiú le méadar uisce chun gur féidir leis an údarás áitiúil monatóireacht a dhéanamh ar an méid uisce a úsáideann siad. Tugtar liúntas tís do gach teaghlach sa scéim a leagann an t-údarás áitiúil amach. Má úsáideann siad níos mó ná seo, gearrtar muirear ar an ngrúpscéim ina hiomláine, mar gheall go ndéanann an méadar monatóireacht ar úsáid uisce na scéime iomláine. Seiceáiltear an méadar ar bhonn ráithiúil agus asbhaintear na liúntais d’úsáideoirí baile. Gearrtar ráta seasta in aghaidh an mhéadair chiúbaigh ar an bhfuílleach. Is éagsúil a bhíonn an ráta seo i measc údaráis áitiúla.

Tá baill de ghrúpscéim i dteideal fóirdheontas a fháil ón údarás áitiúil. Caithfidh baill ón scéim íoc as aon chostais bhreise, ar nós córais scagacháin agus díghalrú.

Úsáideoirí tráchtála ingrúpscéimeanna uisce

Ní chaitear le háitribh thráchtála (ar nós feirmeacha nó gnólachtaí eile tuaithe), atá mar bhaill de ghrúpscéimeanna, mar an gcéanna leis an mbealach a chaitear le tithe príobháideacha. Má úsáideann siad uisce ar chuspóirí tráchtála agus baile araon, tugtar liúntas dóibh chun íoc as a n-úsáid uisce baile. Ciallaíonn seo nach n-íocann siad as an uisce a úsáideann siad dá ngnólacht.

I bhformhór na gcásanna, beidh méadar suiteáilte sa ghnólacht chun monatóireacht a dhéanamh ar a n-úsáid uisce. Dealaítear an liúntas caighdeánach tís ansin ón méid iomlán uisce a úsáideadh lena dheimhniú cé mhéid is gá don ghnólacht a íoc.

Mar mhalairt air sin, d’fhéadfaí comhaontú a dhéanamh ar ráta seasta agus íocann úinéir an ghnólachta an méid seo, gan aird ar cé mhéid uisce a úsáideann siad.

Táillí ar ghrúpscéimeanna uisce poiblí

Mar bhall de ghrúpscéim poiblí, gheobhaidh tú d’uisce ó chóras an phríomhlíonra. Más úsáideoir baile thú, ní gá duit táillí uisce a íoc.

Tá ar úsáideoirí tráchtála, ar nós feirmeacha nó gnólachtaí, íoc as an uisce a úsáideann siad chun a ngnólachtaí a reáchtáil. Déantar monatóireacht ar a n-úsáid uisce agus gearrann an t-údarás áitiúil ráta seasta tráchtála orthu.

Táillí ar ghrúpscéimeanna uisce príobháideacha

Caithfidh úsáideoirí baile íoc as uisce má tá siad i ngrúpscéim príobháideach, nuair a thagann an t-uisce ó fhoinse phríobháideach, ar nós tobair nó locha. Cuireann údaráis áitiúla fóirdheontas ar fáil do gach teach i ngrúpscéim phríobháideach faoi mar a chuireann siad ar fáil do bhaill de scéim phoiblí. Tá an fóirdheontas do ghrúpscéim phríobháideach níos airde, áfach, chun freastal ar na costais mhéadaithe a bhaineann le soláthar uisce príobháideach, ar nós costais scagacháin agus díghalraithe.

Is féidir méadar a fheistiú in áitreabh úsáideoirí uisce tráchtála ar baill iad de scéim phríobháideach chun monatóireacht a dhéanamh ar a n-úsáid uisce nó is féidir leo comhaontú ar ráta seasta le baill eile den ghrúpa

Táillí uisce a íoc

Tá grúpscéimeanna uisce freagrach as monatóireacht a dhéanamh orthu féin. Caithfidh an grúpa agus a iontaobhaithe déileáil le baill tráchtála de ghrúpscéimeanna nach n-íocann a sciar de na costais chothabhála. Ní féidir leis an údarás áitiúil bheith bainteach mar gheall nach mbíonn aon údarás aige maidir leis an scéim. Is faoi bhaill agus iontaobhaithe grúpscéimeanna cinneadh a dhéanamh faoi mhéid na híocaíochta ar cheart do gach duine a íoc agus ar na cásanna inar féidir táillí a tharscaoileadh nó a laghdú.

Má tá tú i ngrúpscéim phríobháideach, caithfidh tú plé a dhéanamh ar aon deacrachtaí maidir le híocaíocht le hiontaobhaithe an ghrúpa.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Chun teacht ar fhaisnéis faoi na táillí reatha uisce i do cheantar, déan teagmháil le do údarás áitiúil nó grúpscéim uisce go díreach.

Cónaidhm Náisiúnta na nGrúipscéimeanna Uisce

24 Seanchearnóg na Croise
Muineacháin
Éire

Teil: +353 (0)47 72766
Facs: +353 (0)47 72788
Láithreán Gréasáin: http://www.nfgws.ie

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0
Éire

Teil: (01) 888 2000
Lóghlao: 1890 202 021
Láithreán Gréasáin: http://www.housing.gov.ie/

Uisce na hÉireann - Foireann Cúraim Custaiméirí

Bosca Poist 860
Oifig Seachadta na Cathrach Theas
Cathair Chorcaí

Uaireanta Oscailte: Osclaítear línte 24 uair 7 lá sa tseachtain
Teil: (01) 707 2828
Lóghlao: 1850 278 278
Láithreán Gréasáin: http://www.water.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Samhain 2018