Radón i bhfoirgnimh

Cad é radon

Gás radaighníomhach é radón a dtagtar air mórthimpeall orainn a chruthaíonn úráiniam i gcarraigeacha agus in ithir nuair a thagann meath air. Níl dath, boladh ná blas ar an ngás agus ní féidir é a thomhas ach le trealamh speisialta a úsáid.

Níl baol ar bith le radón taobh amuigh faoin spéir. Ach i spás iata, ar nós i dteach, féadfaidh sé dul i méid agus ardleibhéal nach féidir glacadh leis a bhaint amach. Iontrálann radón ón talamh foirgnimh go príomha trí scoilteanna in urláir nó bearnaí timpeall ar phíopaí nó cáblaí.

Tá an Oifig um Chosaint Raideolaíoch mar chuid den Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC). Tá sé freagrach as rialáil agus monatóireacht a dhéanamh ar cheisteanna radaíochta agus comhairle a thabhairt orthu. Déanann sé measúnú ar leibhéil radóin agus sainaithníonn sé limistéir ar dóchúil a mbeidh ardleibhéil radóin iontu.

Conas atá radón díobhálach?

Tagann meath ar radón agus cruthaíonn seo cáithníní an-bheaga radaighníomhacha, agus bíonn cuid díobh siúd ag gluaiseacht thart san aer. Nuair a ionanálaítear na cáithníní seo, tugann siad dáileog radaíochta a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do do scamhóga.

Tá sé cruthaithe go bhfuil radón ina chúis le hailse scamhóg. D’fhéadfadh nochtadh fadtéarmach do leibhéil arda radóin i limistéar iata an baol atá romhat go dtiocfaidh ailse scamhóg ort a mhéadú, go háirithe má chaitheann tú tobac. Is féidir leat teacht ar eolas breise faoi éifeacht radóin ar do shláinte.

Conas is féidir liom an leibhéal radóin a thomhas i m’áit chónaithe?

Is dóchúla go mbeidh fadhb radóin in áiteanna cónaithe i roinnt codanna den tír i gcomparáid le cinn eile. Úsáid léarscáil idirghníomhach radóin an GCC lena sheiceáil an gcónaíonn tú i gceantar ina bhfuil ardleibhéal radóin. Ní hionann seo agus tástáil a dhéanamh ar d’áit chónaithe i dtaobh radóin. Fiú má tá cónaí ort in áit ina bhfuil radón íseal ar an léarscáil, d’fhéadfadh ardleibhéil radóin a bheith i d’áit chónaithe nuair a dhéantar tástáil air.

Bíonn méideanna éagsúla radóin i ngach áit chónaithe agus molann an GCC, dá bharr, go ndéanann gach duine tástáil ar a n-áit chónaithe i dtaobh radóin. Cuireann an GCC liosta de sheirbhísí cláraithe tástála radóin ar fáil.

Is éard a bhaineann le tástáil ná dhá ghléas bheaga braite a chur sa teach ar feadh trí mhí. Is dóthanach an tréimhse seo chun athrúcháin ar leibhéil radóin mar gheall ar athruithe ar an aimsir, aerú, agus mar sin de a chur san áireamh. Ag deireadh na dtrí mhí, seolann tú na brathadóirí ar ais chuig an tsaotharlann tástála. Ríomhtar sa tsaotharlann an leibhéal radóin i mbeicireilí in aghaidh an mhéadair chiúbaigh, a léirítear mar Bq/m3. Is féidir níos mó a léamh faoi radón a thástáil i d’áit chónaithe.

Conas is féidir liom ardleibhéil radóin i m’áit chónaithe a réiteach?

Má bhíonn an leibhéal radóin i d’áit chónaithe os cionn an leibhéil náisiúnta tagartha 200 Bq/m3, molann an GCC gur cheart duit dul i mbun gnímh chun an leibhéal radóin i d’áit chónaithe a laghdú. Tugtar ‘radón a réiteach’ air seo.

Is iad an dá phríomh-mhodh ina ndéantar radón a réiteach:

  • Cosc a chur ar radón d’áit chónaithe a iontráil ón talamh faoi d’áit chónaithe
  • An radón a bhaint i ndiaidh gur iontráil sé d’áit chónaithe

I gceachtar cás, ba cheart atástáil a dhéanamh ar do theach i ndiaidh gur críochnaíodh an obair lena chinntiú gur tháinig titim ar an leibhéal radóin anuas go dtí faoi bhun 200 Bq/m3.

D’fhéadfadh oibreacha réitigh radóin cáiliú do scéim na Dreasachta Athchóirithe Tí.

Tástáil radóin i d’ionad oibre agus scoil

Má tá d’ionad oibre lonnaithe i limistéar ardradóin ar léarscáil idirghníomhach radóin san ionad oibre de chuid an GCC, caithfidh d’fhostóir tástáil a dhéanamh ar an ionad oibre i leith radóin. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi thástáil radóin san ionad oibre ar láithreán gréasáin an GCC.

Socraíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna tástálacha radóin do scoileanna. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi thástáil radóin i scoileanna agus a dheimhniú conas na leibhéil radóin i do scoil a sheiceáil ar láithreán gréasáin an GCC.

Eolas breise

  • Chun teacht ar eolas faoi radón agus conas is féidir leat do nochtadh do leibhéil radóin sa bhaile a laghdú, féach an leabhrán Radón a Réiteach do Shealbhóirí Tí (pdf) a d’fhoilsigh an GCC.
  • Is féidir níos mó a léamh faoi radón i mbileog eolais na hEagraíochta Domhanda Sláinte.
  • Is féidir leat eolas a aimsiú ar an Straitéis Náisiúnta Rialaithe Radóin

Sonraí Teagmhála

Oifig um Chosaint Raideolaíoch

Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

3 Cearnóg Chluain Sceach
Bóthar Chluain Sceach
Baile Átha Cliath 14
Éire

Teil: +353 (0) 1 268 0100
Facs: +353 (0) 1 268 0199
Láithreán Gréasáin: http://www.epa.ie/
R-phost: info@epa.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Meitheamh 2022