JobsPlus

Réamhrá

Is dreasacht airgeadais é JobsPlus chun fostóirí a spreagadh chun daoine atá dífhostaithe a fhostú. Úsáideann fostóirí JobsPlus nuair a bhíonn poist nua á líonadh acu, nó nuair a athlíontar poist a tharlaíonn ó láimhdeachas foirne.

Faigheann fostóirí incháilithe, a fhostaíonn cuardaitheoirí poist ón mbeochlár ar bhonn lánaimseartha, íocaíochtaí rialta deontais chun cabhrú le costais phá a chothromú.

Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) é seo go míosúil, i riaráistí, thar thréimhse 2 bhliain. Má tá an fostaí faoi bhun 30 bliain d'aois, déanann an Coimisiún Eorpach an íocaíocht a chómhaoiniú.

Fostóirí atá incháilithe do JobsPlus

Tá JobsPlus ar fáil d’fhostóirí san earnáil phríobháideach, agus sna hearnálacha pobail, neamhbhrabúsacha agus deonacha.

Níl sé ar fáil d’fhostóirí earnála poiblí, murach gur féidir leis an bhfostóir a chruthú nach bhfuil an post á chistiú ag an Rialtas.

Caithfidh fostóirí incháilithe na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • Bheith cláraithe mar fhostóir ÍMAT leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • Dlíthe cánach agus fostaíochta na hÉireann a chomhlíonadh. Iarrfar ar fhostóirí cead a thabhairt don RCS a stádas a sheiceáil leis na Coimisinéirí Ioncaim trí uimhir rochtana Deimhnithe Imréitigh Cánach (URIC) sholáthar, trí úsáid a bhaint as seirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim
  • fostaíocht lánaimseartha ar a laghad 30 uair sa tseachtain, i gcaitheamh 4 lá, ar a laghad, a chur ar fáil Caithfidh na fostaí incháilithe a bheith ar an bpárolla agus bheith faoi réir ÍMAT agus ÁSPC Aicme A
  • Sonraí a thabhairt faoin lucht saothair mar chuid den iarratas. Nuair nach féidir le fostóir méadú ar an lucht saothair a thaispeáint, iarrfar orthu eolas breise a sholáthar don RCS chun tacú leis an iarratas.

Is féidir teacht ar eolas breise sa liosta ceisteanna coitianta ar fhostóirí JobsPlus.

Tacaíocht eile Stáit a fháil don fhostaí céanna

Más fostóir thú a bhfuil JobsPlus á íoc leat, ní féidir leat cúnamh airgeadais a fháil ó fhoinsí Stáit eile do chostais an fhostaí chéanna.

Nuair a dhéantar iarratas ar JobsPlus, caithfidh tú insint don RCS má tá aon chistiú eile Stáit á fháil agat i dtreo chostais fostaíochta fostaí.

Má fhaomhtar thú do JobsPlus, caithfidh tú aon chomhlachtaí Stáit óna bhfuil cistiú á fháil agat (mar shampla, Fiontraíocht Éireann agus an Clár Seirbhísí Pobail) a chur ar an eolas.

Ar an gcuma chéanna, ní féidir leat JobsPlus a fháil d’aon phoist fostaíochta a chuirtear san áireamh faoi thacaíochtaí eile pá atá cistithe ag an Stát. Déantar seo le cosc a chur ar chistiú dúbailte.

Rátaí íocaíochta

Is féidir le fostóirí 2 leibhéal íocaíochta a fháil ag brath ar chúinsí an fhostaí. Is iad na leibhéil ná €7,500 nó €10,000 agus braitheann siad ar aois an fhostaí agus an fad ama a fhaigheann siad íocaíocht cháilitheach.

Íoctar rátaí íocaíochta éagsúla le fostóirí ag brath ar chúinsí an fhostaí. Íoctar na rátaí leis an bhfostóir i gcaitheamh tréimhse 2 bhliain (24 íocaíocht mhíosúil) do gach duine incháilithe a earcaíonn siad agus a leanann siad lena f(h)ostú.

Níl aon teorainn ar an líon fostaithe is féidir leat a fhostú trí JobsPlus.

Déantar íocaíocht gach mí i riaráistí trí Ríomhaistriú Airgid (EFT). Ní ghearrtar cáin ar an íocaíocht ar mhaithe le cuspóirí cáin chorparáide.

Fostaithe Incháilithe

Sonraí

Fad ama ag fáil íocaíocht cháilitheach

Méid íoctha

Faoi 30 bliain d'aois atá ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist, liúntas míchumais, Pinsean na nDall

Áirítear faighteoirí cuardaitheora poist LCP, SCP, CLCFA, LCPF, SDPP agus CLCFA. LM agus PD san áireamh ó Eanáir 2023.

4 mhí (104 lá) sna 6 mhí roimhe sin

€7,500

Idir 30 agus 50 bliain d’aois atá ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall

Áirítear faighteoirí cuardaitheora poist LCP, SCP, CLCFA, LCPF, SDPP agus CLCFA. LM agus PD san áireamh ó Eanáir 2023.

12 mhí (312 lá) sna 18 mí roimhe sin

€7,500

Duine le Stádas Dídeanaí atá ag fáil íocaíocht cháilitheach

N/B

Níl aon tréimhse cháilitheach ag baint leis seo

€7,500

Duine atá ag fáil Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist (ÍICP)

Iarfhaighteoirí na híocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora a bhfuil a leanbh is óige 7 mbliana d’aois agus faoi 14 bliana d’aois ar a laghad acu

Níl aon tréimhse cháilitheach ag baint leis seo

€7,500

Faoi 50 bliain d'aois atá ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist, liúntas míchumais, Pinsean na nDall

Áirítear faighteoirí cuardaitheora poist LCP, SCP, CLCFA, LCPF, SDPP agus CLCFA. LM agus PD san áireamh ó Eanáir 2023.

36 mí (936 lá) sna 42 mí roimhe sin

€10,000

Thar 50 bliain d'aois atá ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist, liúntas míchumais, Pinsean na nDall

Áirítear faighteoirí cuardaitheora poist LCP, SCP, CLCFA, LCPF, SDPP agus CLCFA. LM agus PD san áireamh ó Eanáir 2023.

12 mhí (312 lá) sna 18 mí roimhe sin

€10,000

Taistealaí nó duine de chuid eitneachais na Rómhánach a fhaigheann íocaíocht cháilithe

Féadfaidh RCS tuilleadh faisnéise a iarraidh chun é seo a fhíorú. Tá aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil faoi rún agus ní roinnfear aon sonraí le tríú páirtithe.

4 mhí (104 lá) sna 6 mhí roimhe sin

€10,000

Duine le taifead coiriúil le déanaístair andúile (laistigh de na 5 bliana roimhe sin) a fhaigheann íocaíocht cháilitheach

Féadfaidh RCS tuilleadh faisnéise a iarraidh chun é seo a fhíorú. Tá aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil faoi rún agus ní roinnfear aon sonraí le tríú páirtithe.

4 mhí (104 lá) sna 6 mhí roimhe sin

€10,000

Níl JobsPlus ar fáil do dhaoine atá ag tabhairt faoi phrintíseachtaí, taithí oibre, ná scéimeanna oideachais nó oiliúna. Is amhlaidh atá seo mar gheall nach meastar gur poist iad seo ‘a cruthaíodh le déanaí’.

Tréimhse cháilitheach do JobsPlus

Cuirtear an t-am a caitheadh le ÍDP a fháil san áireamh i dtreo the tréimhse cháilíochta JobsPlus, a luaithe a dhúnann an t-iarratasóir a n-éileamh ar ÍDP agus atá siad i dteideal íocaíocht cháilitheach a fháil. Ní gá don iarratasóir a ÍDP a dhúnadh ach nuair a chuirtear tús lena bhfostaíocht trí JobsPlus.

Cuirtear an t-am a caitheadh ag tabhairt faoi scéimeanna oideachais, oiliúna, socrúcháin oibre agus tacaíochta gníomhachtaithe i dtreo na tréimhse cáilithí (mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas, agus an scéim FP). Is féidir leat a sheiceáil cén íocaíochtaí a chuirtear i dtreo na tréimhse cáilithí do JobsPlus anseo.

B’fhéidir go gcuirfear am a caitheadh i bpríosún san áireamh i dtreo na tréimhse riachtanaí cáilithí.

D’fhéadfaí íocaíochtaí Cuardaitheora Poist a íocadh i rith tréimhsí d’fhostaíocht ócáideach a chur san áireamh i dtreo an tréimhse cháilitheach a shásamh, agus is amhlaidh a d’fhéadfaí sosanna d’íocaíochtaí cuardaitheora poist a fháil mar thoradh ar thréimhsí breoiteachta, a n-íoctar Sochar Breoiteachta lena linn.

B’fhéidir go mbeidh ar an bhfostaí a dteidlíocht do cheann de na híocaíochtaí cáilitheacha thuas a athbhunú sula dtosóidh siad fostaíocht.

Conas oibrithe a fhostú tríJobsPlus

Má dhéanann tú an cinneadh fostaí nua a earcú, is féidir leat clárú mar fhostóir JobsPlus trí fhoirm iarratais ar líne a líonadh. Fiafrófar díot ainm do chuideachta, an líon daoine i do lucht saothair, sonraí bainc agus earnáil gheilleagrach na cuideachta.

Nuair a sheolann tú d’iarratas ar aghaidh, déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) athbhreithniú air agus seiceálfaidh siad go bhfuil do dheimhniú imréitigh cánach in ord. Seolfar ríomhphost chugat má cheadaítear d’iarratas.

A luaithe a dheimhneoidh an RCS do cháilitheacht, is féidir leat tosú le hiarrthóirí a earcú. Chun seo a dhéanamh, déan teagmháil le d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil chun teacht ar shonraí faoi iarrthóirí do d’fholúntas a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí oiriúnacha bainte amach acu.

Is féidir leat an folúntas a chlárú le JobsIreland freisin.

Nuair a bheidh d’iarrthóirí curtha ar ghearrliosta agat

A luaithe a thug tú faoi réamhagallaimh agus a chur tú na hiarrthóirí ar ghearrliosta, ba cheart duit iarraidh ar na hiarrthóirí seo iarratas a dhéanamh ar JobsPlus lena gcáilitheacht don dreasacht a dheimhniú.

Próiseálfaidh an RCS a n-iarraidh agus, má tá siad incháilithe, seolfaidh siad foirm dhá chuid JP1 chuig an iarrthóir. Deimhneoidh Cuid d’fhoirm JP1 cáilitheacht an fhostaí agus an ráta íocaíochta don fhostóir ionchasach. Ba cheart don iarrthóir foirm dhá chuid JP1 a thabhairt leo a dheimhníonn a gcáilitheacht agus ar ar féidir leat breithniú a dhéanamh.

Má roghnaíonn tú an t-iarrthóir a fhostú, ba cheart duit Cuid B Choiste d’fhoirm JP1 a líonadh, an dearbhú a shíniú agus í a sheoladh ar ais chuig an RCS.

Próiseálfaidh an Roinn foirm JP1, agus a luaithe a shásaítear na coinníollacha go léir, cuirfear ar an eolas thú ar ríomhphost gur bronnadh an dreasacht ort i dtaobh an fhostaí a shonraítear ar fhoirm JP1.

A luaithe a fostaíodh an t-iarrthóir, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an RCS lena n-éileamh cuardaitheora poist a dhúnadh. Is féidir é seo a dhéanamh ar 2 bhealach:

  1. Ar líne trí úsáid a bhaint as mywelfare.ie
  2. Teagmháil a dhéanamh lena n-Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Ní thosaítear d’íocaíocht JobsPlus ach nuair a dheimhníonn an RCS go bhfuil éileamh cuardaitheora poist an fhostaí dúnta. Ní dhéanfaidh an RCS an dreasacht a shiardhátú.

Má dhéanann tú iarratas déanach

Ba chóir Cuid B den fhoirm JP1 a sheoladh chuig JobsPlus laistigh de 30 lá tar éis don iarrthóir tosú ag obair.

Má tá iarratas déanach á dhéanamh agat, ní mór duit fianaise ar na cúiseanna atá leis an moill a chur faoi bhráid an RCS le go ndéanfar breithniú air.

Má dhiúltaítear d’iarratas chuig JobsPlus

Má dhiúltaítear d’iarratas chuig JobsPlus, is féidir leat a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh. Tabharfaidh oifigeach éagsúil sa RCS, seachas an duine a dhiúltaigh thú, faoin athbhreithniú.

Tacaíochtaí eile d’fhostóiríatá páirteach in JobsPlus

Íocaíocht Teaghlaigh Oibre

D’fhéadfadh fostaithe nua faoi scéim JobsPlus a bheith i dteideal Íocaíocht Teaghlaigh Oibre a fháil. Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin í seo d’fhostaithe a bhfuil ísealphá agus leanaí acu.

Cárta Leighis

Is féidir le daoine a bhí dífhostaithe ar feadh ar a laghad 12 mhí a gcárta leighis a choimeád ar feadh 3 bliana nuair a ghlacann siad le fostaíocht nua.

Forlíonadh Cíosa agus Forlíonadh Ús Morgáiste

Ní féidir leat Forlíonadh Cíosa agus Forlíonadh Ús Morgáiste a fháil má tá tú (an cuardaitheoir poist) nó do chéile féinfhostaithe go lánaimseartha (30 uair a chloig sa tseachtain nó níos mó).

Má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat cheana féin, b’fhéidir go mbeidh tú in ann é a choimeád it, má shásaíonn tútástáil mhaoine, fad a bhíonn tú ag oibriú go lánaimseartha, a fhad agus atá tú incháilithe do thacaíocht tithíochta faoin Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS).

Is féidir teacht ar eolas breise do chuardaitheoirí poist sa liosta ceisteanna coitianta d’fhostaithe JobsPlus.

Eolas breise faoi JobsPlus

Is féidir leat eolas mionsonraithe faoi conas a oibríonn JobsPlus a léamh ar Gov.ie.

Is féidir le fostóirí agus cuardaitheoirí poist clárú ar líne ag jobsplus.ie.

Is féidir leat eolas breise faoi JobsPlus a fháil trí:

  • Cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin JobsPlus
  • Ríomhphost a sheoladh chuig Jobsplusinfo@welfare.ie
  • Glaoch ar 0818 927999

Is féidir leat eolas a fháil freisin ó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó d’Ionad Intreo áitiúil.

SharedAddress for Social Protection (Employment Support Services - BWA) : ID a0d7256ed18

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Tacaíochta Fostaíochta

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Foirgnimh an Rialtais
Lóiste na Sionainne
Cora Droma Rúisc
Liatrom
Éire

Teil: (071) 967 2616 or 0818 927 999
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Meán Fómhair 2023