Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID

Réamhrá

D’fhógair an Rialtas Scéim Tacaíochta Shrianta COVID (an STSC) i mBuiséad 2021 chun cabhrú le tacú le gnólachtaí. Bíonn feidhm ag an scéim seo, de ghnáth, nuair a bhíonn srian mór ar ghnólachtaí ó oibriú mar gheall ar shrianta sláinte poiblí.

Is féidir le gnólachtaí cáilitheacha iarratas a dhéanamh ar na Coimisinéirí Ioncaim ar íocaíocht airgid thirim a mhéid le €5,000 sa tseachtain.

Beidh an scéim ar siúl ón 13 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 31 Eanáir 2022.

Tugtar achoimre ar an leathanach seo ar rialacha agus oibriú an STSC. Is féidir leat treoir níos mionsonraithe a fháil ar oibriú na scéime i dTreoirlínte na gCoimisinéirí Ioncaim maidir leis an STSC (pdf).

Athruithe an STSC ó Nollaig 2021

Cuireadh síneadh breise leis an STSC go dtí an 31 Eanáir 2022 chun tacú le gnólachtaí a n-imríonn srianta sláinte poiblí tionchar orthu go fóill.

Ón 20 Nollaig 2021, osclófar an STSC do ghnólachtaí san earnáil fáilteachais agus siamsaíochta taobh istigh ar cuireadh srian suntasach orthu ó thrádáil a dhéanamh, gnólachtaí san áireamh nach mór dúnadh faoi 8pm. Bhí ar ghnólacht dúnadh nó srian a chur ar an teacht a bhí ag custaiméirí ar an áitreabh chun cáiliú roimhe seo.

Tá méadú tagtha freisin ar na critéir cháilitheachta maidir le laghdú ar láimhdeachas aníos go dtí 40%, ar a mhéid, de láimhdeachas 2019 (bhíodh 25% de láimhdeachas 2019, ar a mhéid, i gceist roimhe seo).

Is féidir le gnólachtaí nua a bunaíodh idir an 13 Deireadh Fómhair 2020 agus an 26 Iúil 2021 iarratas a dhéanamh ar an scéim anois. Is féidir leat treoirlínte nuashonraithe maidir leis an STSC (pdf) de chuig na gCoimisinéirí Ioncaim a léamh.

Is féidir le gnólachtaí íocaíocht bhreisithe atosaithe a éileamh ar feadh 3 seachtaine (a mhéid le €10,000 sa tseachtain) chun cabhrú le híoc as costais a bhíonn ar athoscailt fad a fhágann tú an scéim – féach ‘Rátaí’ thíos.

Rialacha do CRSS

Cé ata in ann iarratas a dhéanamh?

Féadfaidh cuideachtaí, daoine aonair féinfhostaithe agus comhpháirtíochtaí a dhéanann trádáil inchánach iarratas a dhéanamh ar an CRSS.

Conas a cháilím?

Caithfidh d’áitreabh gnó a bheith dúnta do chustaiméirí nó a bheith srianta go mór ó thaobh oibriú de mar gheall ar shrianta COVID-19. Caithfidh sé a bheith i gceist agat an gnó athoscailt a luaithe is a bheidh srianta COVID-19 bainte.

Má oibríonn tú níos mó ná áitreabh gnó amháin a bhfuil tionchar orthu, féadfaidh tú éileamh a dhéanamh i leith gach áitribh.

Ní mór duit féin a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil cur isteach 75% ar láimhdeachas na tréimhse srianta i gcomparáid le láimhdeachas 2019 mar gheall ar shrianta COVID-19.

Má bunaíodh do ghnó idir 26 Nollaig 2019 agus 12 Deireadh Fómhair 2020, beidh an t-éileamh bunaithe ar do mheán-láimhdeachas seachtainiúil iarbhír sa tréimhse idir an dáta tosaithe agus an 12 Deireadh Fómhair 2020.

Má bunaíodh do ghnólacht idir an 13 Deireadh Fómhair 2020 agus an 26 Iúil 2021, is féidir leat iarratas a dhéanamh anois ar an STSC. Ríomhfar an íocaíocht sheachtainiúil bunaithe ar láimhdeachas idir an dáta a tosaíodh do ghnólacht, agus an 26 Iúil 2021. Is féidir leat treoirlínte na gCoimisinéirí Ioncaim a léamh maidir le hiarratas a dhéanamh ar an STSC (pdf), agus féach ‘Rátaí’ thíos.

Imréiteach cánach

Chun íocaíocht CRSS a fháil, ní mór duit:

  • Deimhniú bailí imréitigh cánach a bheith agat
  • Do chuid oibleagáidí CBL a bheith comhlíonta agat

Féadfaidh tú do stádas imréitigh cánach reatha a sheiceáil ar líne trí ROS. Tá tuilleadh eolaise maidir le himréiteach cánach ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Nuair a bheidh srianta COVID-19 bainte, cuirfear deireadh le híocaíochtaí CRSS. Má chuirtear síneadh ama le tréimhse na srianta níos faide ná an dáta a raibh sé le dul in éag, beidh ort éileamh nua a dhéanamh ar gach tréimhse sínte.

Más féidir le do ghnó athoscailt gan bac na mórshrian a chur ar rochtain ar a na háitreabh, ní cháilíonn tú do CRSS a thuilleadh. Níl tú incháilithe le haghaidh CRSS ar feadh tréimhsí ina roghnaíonn tú gan oscailt.

B’fhéidir go mbeidh tú in ann íocaíocht seachtaine atosaithe a éileamh - féach thíos.

Rátaí

Beidh tú in ann éileamh ar íocaíocht airgid ar a dtugtar Réamhchreidmheas le haghaidh Costais Trádála (ACTE) a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin CRSS.

Beidh an íocaíocht seo cothrom le 10% de do mheánláimhdeachas seachtainiúil in 2019 suas go dtí €20,000 agus 5% ina dhiaidh sin, faoi réir uasíocaíocht sheachtainiúil de €5,000. Féach an tábla thíos.

 
Íocaíochtaí CRSS
Láimhdeachas seachtainiúil Ráta Méid
An Chéad €20,000 10% €2,000
An Chéad eile €60,000 5% €3,000
Uasaíocaíocht   €5,000

Má bunaíodh do ghnólacht idir an 13 Deireadh Fómhair 2020 agus an 26 Iúil 2021, bunófar an t-éileamh ar 10% de do mheánláimhdeachas seachtainiúil i gcaitheamh na tréimhse ón dáta tosaigh agus an 26 Iúil 2021 (a mhéid le €20,000).

Is féidir leat 5% de do mheánláimhdeachas seachtainiúil a éileamh don tréimhse thagartha ar mó é ná €20,000.

Is féidir leat an Réamhíocaíocht Chreidmheasa do Chostais Trádála (ACTE) a fháil freisin. Áireofar leis seo do shuim sheachtainiúil, iolraithe faoin líon seachtainí ina bhfuil na srianta i bhfeidhm (a mhéid le €5,000 sa tseachtain).

Íocaíocht bhreisithe sheachtainiúil atosaithe

Is féidir le gnólachtaí éileamh a dhéanamh ar íocaíocht bhreise 3 seachtaine chun cabhrú leat íoc as na costais a bhíonn ar athoscailt de réir mar a laghdaítear srianta agus mar a fhágann tú an scéim.

Eolas faoin íocaíocht:

•Is féidir é a éileamh ag deireadh na tréimhse srianta

•Íocfar é le gnólachtaí an tseachtain i ndiaidh go mbaintear na srianta

•Cuirfear caidhp uasta €10,000, ar a mhéid, sa tseachtain ar an íocaíocht (méadaíodh é aníos ó €5,000 faoi Phlean Téarnaimh Gheilleagraigh an Rialtais)

Conas iarratas a dhéanamh

Tá próiseas 2 chéim ann chun éileamh a dhéanamh faoin CRSS.

  1. Caithfidh tú clárú don CRSS trí Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ní mór duit sonraí a thabhairt mar shampla suíomh an ghnó agus an meán-láimhdeachas seachtainiúil do 2019, nó 2020 má thosaigh tú ag trádáil an 26 Nollaig 2019 nó dá éis. Caithfidh tú cáipéisíocht tacaíochta ag léiriú go gcomhlíonann tú coinníollacha an CRSS a choinneáil. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo a lorg níos déanaí.
  2. Caithfidh tú éileamh CRSS a chomhlánú ar feadh tréimhse éilimh nó tréimhsí éilimh. Is í an tréimhse éilimh an tréimhse a bhfuil na srianta cáilitheacha COVID-19 i bhfeidhm. Ón 17 Samhain 2020, is féidir leat d’éileamh a dhéanamh tríd an tairseach éileamh do CRSS, atá ar fáil tríd an gcóras r-Íocaíochtaí ar ROS. Caithfidh tú d’éileamh a dhéanamh laistigh de 8 seachtaine ón dáta a thosaíonn an tréimhse éilimh (is é sin an dáta ar a dtosaíonn na srianta).

Ba é an 13 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 1 Nollaig 2020 an chéad tréimhse éilimh. Is féidir leat sonraí f dhátaí tosaigh agus deiridh na dtréimhsí éilimh a fháil i gcuid 5.5 de Threoirlínte CRSS na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

Is féidir leat faisnéis mionsonraithe a fháil freisin ar conas iarratas a dhéanamh i dTreoirlínte CRSS na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).

Tuilleadh eolais

D'óstáil na Coimisinéirí Ioncaim seimineár gréasáin an 17 Nollaig 2020, a thug eolas agus a d’fhreagair ceisteanna faoin CRSS. Taifeadadh an webinar agus is féidir leat féachaint air arís anois. Tá an taifeadadh thart ar uair an chloig ar fhad. Má tá ceisteanna faoi leith agat fós ar an CRSS is féidir leat iad a sheoladh chuig crsssupport@revenue.ie.

Is féidir leat tuilleadh cabhrach a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim tríd an gcóras MyEnquiries nó trí ghlaoch ar líne chabhrach CRSS Teil: 01 738 3663 (Luan go hAoine, ó 9.00rn go 13.30in).

Má bhíonn ceist agat faoi do chás le linn na tréimhse éigeandála COVID-19, féadfaidh tú glaoch ar ais a iarraidh ar an tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaigh

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Feabhra 2022