Deontais traenála le bheith ar an eolas maidir le míchumas
- Cad í an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas?
- Cad is oiliúint feasachta ar mhíchumas ann?
- An bhfuil mórán tacaíochta ar fáil?
- Conas iarratas a dhéanamh
Cad í an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas?
Más fostóir san earnáil phríobháideach tú agus má chuireann tú nó má tá sé beartaithe agat oiliúint atá bainteach le míchumas a chur ar fáil do d’fhoireann, is féidir iarratas a dhéanamh ar dheontas suas le €20,000 mar chuid den Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas. Maoinítear an scéim faoi Chiste um Fhreastal Réasúnta na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Is féidir le hoiliúint um fheasacht ar mhíchumas cabhrú sna bealaí seo a leanas:
- Feabhas a chur ar an mbealach a thacaíonn fostóirí agus fostaithe lena gcomhghleacaithe faoi mhíchumas
- Cur chun cinn a dhéanamh ar infhostaitheacht agus cur chun cinn daoine faoi mhíchumas
- Timpeallacht oibre oscailte agus fháilteach a chruthú
- Aghaidh a thabhairt ar ar mhíthuiscint ar bith atá ann faoi mhíchumas san ionad oibre
- Seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú do thomhaltóirí nó do chliaint faoi mhíchumas
- Tacú le comhionannas san ionad oibre agus deireadh a chur le leatrom
Spreagtar fostóirí an oiliúint seo a thairiscint, mar atá leagtha amach sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015 agus sna hAchtanna um Stádas Comhionann 2000-2015.
Cad is oiliúint feasachta ar mhíchumas ann?
Ba cheart go gcabhródh oiliúint feasachta um míchumas le fostaithe tuiscint níos fearr a fháil ar na príomhcheisteanna a bhaineann le míchumas san ionad oibre. Mar chuid den oiliúint, ba cheart go soláthrófaí eolas sonrach maidir leis na hábhair seo a leanas:
- Reachtaíocht i gcoinne an idirdhealaithe agus reachtaíocht maidir le comhdheiseanna
- Míchumas agus cumas éagsúla, lena n-áirítear saincheisteanna soghluaisteachta agus saincheisteanna céadfacha, amhail daille nó bodhaire
- Teanga agus iompar iomchuí
- Conas déileáil le saincheisteanna meabhairshláinte san ionad oibre
An bhfuil mórán tacaíochta ar fáil?
Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas níos mó ná uair amháin agus gheobhaidh tú méideanna éagsúla, ag brath ar cibé an ndearna tú iarratas cheana féin.
An chéad bhliain a dhéanann tú iarratas | 90% de na costais oiliúna, uasmhéid €20,000 in aghaidh na bliana |
An dara bliain a dhéanann tú iarratas | 80% de na costais oiliúna, uasmhéid €20,000 in aghaidh na |
Cumhdaíonn an deontas:
- Táillí le haghaidh cláir nó cúrsaí seachtracha oiliúna um fheasacht ar mhíchumas
- Táillí le haghaidh oiliúint intí um fheasacht ar mhíchumas arna cur ar fáil ag oiliúnóirí seachtracha
- Táillí le haghaidh cláir oiliúna um fhoghlaim oscailte, ar an ríomhaire nó gréasánbhunaithe
Is féidir leat freisin suas le €650 a fháil le haghaidh ábhar foghlama a bhaineann leis an gclár oiliúna, lena n-áirítear
- DVDanna
- Leabhair
- Lámhleabhair
Conas iarratas a dhéanamh
Déan teagmháil le d’ionad Intreo áitiúil chun eolas a fháil maidir le conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Oiliúna um Fheasacht ar Mhíchumas.