Tugann An tAcht um Shaoire Cúramóra 2001 cead d'fhostaithe in Éirinn saoire a ghlacadh óna bhfostaíocht ar bhonn sealadach ionas go mbeidh ar a gcumas cúram lánaimseartha a thabhairt do dhuine a bhfuil cúram agus aire lánaimseartha ag teastáil uaidh/uaithi. Ón 24 Márta 2006 i leith is é 13 seachtaine an íostréimhse saoire agus is é 104 seachtaine an uastréimhse (65 seachtaine a bhíodh i gceist).
Ní fhaightear aon íocaíocht ar Shaoire Cúramóra ó fhostaíocht ach
cinntíonn an tAcht um Shaoire Cúramóra go mbeidh daoine a bhfuil sé i
gceist acu leas a bhaint as saoire cúramóra in ann filleadh ar a bpoist le
linn thréimhse na saoire. Má tá do dhóthain ranníocaíochtaí ASPC déanta
agat d'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar
Cúramóra. Mura mbíonn tú i dteideal Sochar Cúramóra, d'fhéadfá a
bheith incháilithe do Liúntas
Cúramóra, íocaíocht tástáilte ó thaobh acmhainne. Mura mbíonn tú i
dteideal ceachtar den íocaíochtaí, is féidir leat saoire cúramóra a
glacadh.
Is gá duit a bheith ag obair do d'fhostaí ar feadh tréimhse leanúnaí de 12 mhí le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar shaoire cúramóra.
Is gá go mbeadh gá ag an duine a bhfuil sé i gceist agat aire a thabhairt dó/di le cúram agus aire lánaimseartha i dtuairim oifigigh chinnidh de chuid na Roinne Coimirce Sóísialaí. (Tagann an Roinn ar an cinneadh ag úsáid faisnéise a sholáthraíonn dochtúir clainne (GP) an té a mbeidh tú ag tabhairt cúraim dó/di). Ní mór don té a bhfuil sé i gceist agat cúram a thabhairt dó /di a bheith chomh mór sin faoi mhíchumas agus go bhfuil an cúram seo a leanas de dhíth orthu:
Ní gá gur ball clainne nó céile a bheadh sa duine a bhfuil sé i gceist agat cúram a thabhairt dó/di, d'fhéadfadh gur cara nó comhghleacaí a bheadh ann.
D'fhéadfá iarratas a dhéanamh le saoire cúramóra a ghlacadh in aon tréimhse leanúnach amháin de 104 seachtaine nó eile i dtréimhsí éagsúla nach mó ná 104 seachtaine ar an iomlán. Mura dtógann tú saoire cúramóra in aon tréimhse leanúnach amháin, is gá go mbeidh bearna de 6 seachtaine ar an laghad idir na tréimhsí de shaoire cúramóra. Ní mór duit a chur in iúl do d’fhostóir i scríbhinn 6 seachtaine ar a laghad roimh ré, gur mhaith leat saoire mháithreachais a thógáil - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Is féidir le d'fhostaí diúltú cead a thabhairt duit (agus cúis réasúnach aige) chun tréimhse saoire cúramóra níos lú ná 13 seachtaine ar fhad a ghlacadh. Má dhiúltaíonn d'fhostaí an tsaoire seo a thabhairt duit, ní mór dó nó di na cúiseanna a bhí aige/aici leis an tsaoire seo a dhiúltiú a léiriú duit i scríbhinn.
Is féidir le d'fhostóir agus leat tearmái níos fearr maidir le saoire cúramóra a chomhaontú.
Ní féidir ach glacadh le saoire cúramóra i leith aon duine amháin a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth air/uirthi ag aon am amháin. Is eisceacht atá ann i gcás go bhfuil beirt ina gcónaí le chéile agus cúram agus aire lánaimseartha de dhíth ar an mbeirt acu. Sa chás seo is é 208 seachtaine an méid iomlán de shaoire cúramóra (104 le haghaidh gach aon duine atá ag fáil cúraim).
I gcás go bhfuil deireadh tagtha le do shaoire cúramóra chun cúram a thabhairt do dhuine, ní féidir leat tús a chur le tréimhse eile saoire cúramóra chun cúram a thabhairt do dhuine éigin difriúil go dtí go mbíonn tréimhse de 6 mhí imithe ón uair gur chríochnaigh an tréimhse dheireanach de shaoire cúramóra.
Ní féidir tú a dhífhostú de bharr go bhfuil tú ag baint leasa as do chearta i leith saoire cúramóra.
Da mba rud é gur éirigh le d'iarratas ar shaoire cúramóra ó fhostaíocht, nach lú ná 2 sheachtain sula bhfuil sé i gceist agat tús a chur le saoire cúramóra, ní mór duitse agus do d'fhostóir doiciméad a réiteach agus a shíniú a shonraíonn nó a dhearbhaíonn an socrú seo. Is gá go mbeadh faisnéis thábhachtach áirithe sa doiciméad, mar shampla, an dáta ar a bhfuil súil agat tús a chur le do shaoire cúramóra, fad ama do shaoire cúramóra, agus an chaoi ina roinnfear an tsaoire ina tréimhsí. Is féidir leat foirm shampla a fháil inár ndoiciméad, Doiciméad dearbhaithe do shaoire cúramóra. Síníonn d'fhostaí an doiciméad seo agus coimeádann sé/ sí é. Ní mór don fhostóir cóip den doiciméad a thabhairt duit ionas go mbeidh taifead agat den socrú.
Is féidir leat suas le 15 uair a chloig sa tseachtain a oibriú agus tú ar saoire cúramóra chomh fada agus go bhfuil d'ioncam ó fhostaíocht nó ó fhéin-fhostaíocht níos ísle ná teorainn ioncaim sheachtainiúil a shocraíonn an Roinn Coimirce Sóísialaí (RCS). Nó d'fhéadfá freastal ar chúrsa oideachasúil nó oiliúna nó obair dheonach a dhéanamh ar feadh 15 uair a chloig sa tseachtain ar a mhéid.
Ní mór duit an Roinn Coimirce Sóísialaí a chur ar an eolas sula dtosaíonn tú ag obair nó ag traenáil.
Bronnfar ranníocaíochtaí ÁSPC creidiúnaithe ('creidiúintí') ort go huathoibríoch don tréimhse ina bhfaigheann tú Sochar Cúramóra. Má bhaineann tú leas as saoire cúramóra amháin, beidh tú fós i dteideal creidiúintí a fháil. Caithfidh tú iarr ar d'fhostóir an fhoirm iarratais do chreidiúintí do shaoire cúramóra (pdf) a chomhlánú. Cinnteoidh sé seo go gcoinneofar an clúdach reatha atá agat do leas sóisialach.
Tá an doiciméad atá aontaithe agus sínithe le d'fhostóir, agus a dhearbhaíonn go mbedih tú ag glacadh saoire cúramóra, solúbtha. Ciallaíonn sé seo gur féidir leasú a dhéanamh ar do shocrú i leith saoire cúramóra a ghlacadh. Féadfar do shaoire cúramóra (nó cuid di) a chuir siar, a laghdú nó an chaoi ina bhfuil sí á glacadh a athrú, má shocraíonn tusa agus d'fhostóir é seo a dhéanamh nuair is gá (fiú má tá tús curtha le do shaoire ó fhostaíocht) Ansin féadfar leasú a dhéanamh ar do dhearbhú i dtaobh shocrú saoire cúramóra, agus féadfaidh an bheirt agaibh é a shíniú arís. Ba chóir do d'fhostóir an bhunchóip den socrú leasaithe a choimeád agus ní mór dó/di cóip den leasú seo a thabhairt duitse le haghaidh do thaifead féin.
Tá sonraí faoi na himthosca inar féidir deireadh a chur le saoire cúramóra ar fáil i 'Tuilleadh eolais' thíos.
Má tá tú ar shaoire cúramóra, ní mór duit fógra a thabhairt do d'fhostóir i scríbhinn 4 seachtaine roimh an dáta ar a rachaidh tú ar ais ag obair, ag tabhairt le fios go bhfuil sé i gceist agat dul ar ais ag obair. Maidir le do choinníollacha fostaíochta, go ginearálta ba chóir go gcaithfí leat faoi mar a chaithfí leat dá mbeifeá ag obair le linn do thréimhse saoire cúramóra, ach nach bhfuil tú i dteideal pá a fháil. Tá tú i dteideal saoire bhliaintúil agus laethanta saoire poiblí i leith na chéad 13 seachtaine de shaoire cúramóra amháin.
Tá cosaint agat ó íospairt má thógann tú saoire cúramóra nó má tá sé ar intinn agat í a bheith agat.
Más mian leat leas a bhaint as saoire ó fhostaíocht gan íocaíocht le
haghaidh tréimhse níos giorra ná an íostréimhse de 13 seachtaine atá
leagtha síos ag an Acht um Shaoire Cúramóra., is féidir é seo a shocrú le
d'fhostóir. Ní mór duitse agus do d'fhostóir aontú leis seo i scríbhinn,
ag sonrú an dáta ar a thosóidh tú do shaoire go soiléir, mar aon leis an
uair a fhillfidh tú ar ais ó do shaoire. Beidh ort dul i dteagmháil le
rannóg taifead ASPC sa Roinn Coimirce Sóísialaí chun cinntiú go
gcaomhnaítear do thaifead árachais shóisialta le linn na saoire seo. (Féach
'Cá háit le hiarratas a dhéanamh thíos'.)
Beidh ar an dochtúir clainne an té a bhfuil sé i gceist agat cúram a thabhairt dó/di cuid den fhoirm iarratais do Shochar Cúramóra (pdf) a chomhlánú seachas té faoi 16 bliana d'aois agus íocfar Liúntas Cúram Baile. Beidh ar do fhostóir cuid den fhoirm seo a líonadh isteach chomh maith chun dearbhú gur fostaí tú, agus chun sonraí a thabhairt cosúil le cén uair a thosaigh do chuid fostaíochta.
Ba chóir an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar aghaidh chuig Rannóg an tSochair Cúramóra sa Roinn Coimirce Sóísialaí ansin. Déanfaidh an Roinn cinneadh le comhairle ón dochtúir clainne a shocróidh an bhfuil cúram agus aire lánaimseartha de dhíth ar an duine indibhidiúil seo. Déanfaidh an Roinn aon teidlíocht a d'fhéadfadh a bheith agat i leith saoire cúramóra a mheas freisin.
Ní mór duit iarratas foirmiúil a dhéanamh le d'fhostóir ag lorg saoire cúramóra ar an laghad 6 seachtaine sula bhfuil sé i gceist agat an tsaoire seo a ghlacadh. Mura bhfuil sé indéanta fógra 6 seachtaine a thabhairt i gcásanna eisceachtúla nó éigeandála, ba chóir duit fógra a thabhairt do d'fhostóir chomh luath agus gur féidir leat. Ní mór duit d'iarratas ar shaoire cúramóra a dhéanamh le d'fhostóir i scríbhinn ag sonrú:
Is féidir leat foirm shampla a fháil inár ndoiciméad, Fógra intinne saoire cúramóra a ghlacadh.
Nach lú ná 2 sheachtain sula bhfuil sé i gceist agat tús a chur le saoire cúramóra, ní mór duitse agus do d'fhostóir doiciméad a réiteach agus a shíniú a shonraíonn nó a dhearbhaíonn an socrú seo.
Ba chóir díospóidí le d'fhostóir i leith saoire cúramóra a chur agus an fhoirm gearáin shingil nua (pdf) agus na nótaí treorach (pdf) a úsáid. D'fhéadfaí an teorainn ama seo a leathnú go 12 mí i gcásanna nuair a chuir cúinsí eisceachtúla cosc ar an éileamh a bheith déanta laistigh de 6 mhí. Ba chóir díospóidí i leith dífhostú fostaí a bhaineann le saoire cúramóra chun plé le reachtaíocht dífhostú.
Tá faisnéis ar do chearta fostaíochta agus ar an Acht um Shaoire Cúramóra 2001 sa leabhrán mínithe i dtaobh an Achta um Shaoire Cúramóra 2001 (pdf). Is féidir tuilleadh faisnéise ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre a fháil – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
Déan teagmháil le d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó le Rannóg an tSochair Cúramóra sa Roinn Coimirce Sóisialaí chun tuilleadh faisnéise a fháil ar Shochar Cúramóra.
Má tá tú míshásta le cinneadh a rinne oifigeach cinnidh i leith
d'iarratais ar shaoire cúramóra, is féidir leat achomharc
a dhéanamh ar an gcinneadh seo.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Rannóg an tSochair Cúramóra
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha an Lao
An Longfort
Éire
Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Is iondúil go dtagann deireadh leis an saoire ar an dáta atá leagtha síos sa doiciméad deimhnithe. Is féidir deireadh a chur le saoire cúramóra sna himthosca seo a leanas freisin:
Tar éis deireadh a bheith curtha leis an saoire cúramóra, ní mór don
fhostóir fógra faoin méid sin (lena n-áirítear an dáta fillte) a
thabhairt i scríbhinn don Roinn Coimirce Sóisialaí.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.