Tá do theidlíocht maidir le saoire bhliantúil nó saoire ó fhostaíocht in Éirinn leaghta síos sa reachtaíocht agus sa chonradh fostaíochta. Cé go bhfuil dualgas ort freastal ar an obair faoi mar atá leagtha síos sa chonradh fostaíochta, tugtar cearta saoire éagsúla sa reachtaíocht. Ina measc siúd tá saoire bhliantúil, saoire laethanta poiblí, saoire mháithreachais, saoire uchtaíoch, saoire chúramóra, saoire thuismitheoirí and saoire eile ó fhostaíocht.
Déanann an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997 foráil do bhunshaoire íoctha de cheithre seachtainí in aghaidh na bliana, ach d'fhéadfadh cearta breise a bheith i gconradh an fhostaí. Ní mór a thabhairt faoi deara nach bhforálann an reachtaíocht ach do bhunchearta amháin maidir leis na tréimhsí saoire, is féidir leat agus le d'fhostóir teacht ar shocrú le cearta breise.
I gcás oibrithe gníomhaireachta, faoin Acht seo is é an fostóir a íocann an tuarastal (gníomhaireacht fhostaíochta nó comhlacht custaiméara) agus is eisean atá freagrach as an ceart a sholáthar.
Pá saoire: íoctar pá saoire roimh ré ag an ngnáth-ráta seachtainiúil.
Is faoin bhfostóir cinneadh a dhéanamh cén uair a thógfaidh fostaí saoire bhliantúil ach tá roinnt coinníollacha ag baint leis seo. Ní mór don bhfostóir dualgas clainne an fhostaí a thógáil san áireamh chomh maith le deiseanna scíthe a ligean agus siamsaíochta atá ar fáil duit agus ní mór dó/do dul i gcomhairle leat (nó le do cheardchumann) mí amháin ar a laghad roimh thús na saoire. Ina theannta sin, ba cheart saoire bhliantúil a thógáil laistigh den bhliain saoire chuí nó, le cead uait, laistigh de 6 mhí den bhliain saoire chuí. Is féidir leat teacht ar shocrú le d'fhostóir más mian leat saoire a choinneáil chuig bliain eile (saoire a thabhairt ar aghaidh a thugtar air sin chomh maith).
Tá 3 bhealach ann le saoire bhliantúil a ríomh:
Is féidir le fostaí leas a bhaint as pé bealach a thugann an ceart is mó dó/di. Go ginearálta, tá an saoire bhliantúil d'fhostaithe páirtaimseartha ríofa tríd an 3ú bhealach, sin é, 8% de na huaireanta a d'oibrigh an fostaí.
Tá fostaí a bhfuil ar a laghad 8 mí oibrithe aige/aici i dteideal tréimhse saoire coicíse a fháil in aon aonad amháin.
Má tá tú breoite le linn saoire bliantúla, ba chóir duit teastas leighis a fháil ón dochtúir (LG) chomh luath agus is féidir chun na laethanta breoiteachta a chlúdach. Ba cheart an teastas seo a thabhairt don bhfostóir ar fhilleadh ar obair duit. Ní bheidh na laethanta breoiteachta curtha san áireamh mar sin mar shaoire bhliantúil agus beidh siad ar fáil mar shaoire duit níos déanaí.
Ní féidir le d'fhostóir iallach a chur ort saoire bhliantúil a thógáil i gcomhair tréimhse tinnis. Laghdóidh tinneas i rith na bliana saoire an méid uaireanta oibre ina n-iomlán atá déanta ag fostaí agus mar sin is féidir leis tionchar a bheith aige ar do chearta saoire bhliantúla. Má tá tú ar saoire breoiteachta ní charnóidh tú teidlíocht maidir le saoire bhliantúil.
Ní chuireann saoire reachtúil isteach ar shaoire bhliantúil. Cuirtear san áireamh aon am caite ar shaoire mháithreachais, saoire uchtaíoch, saoire thuismitheora, saoire force majeure agus an chéad 13 seachtainí de shaoire cúramóra mar am caite i bhfostaíocht agus is féidir an t-am sin a chomhaireamh le cearta saoire bliantúla a ríomh.
Faoin Acht um Eagrú Ama 1997, tá sé mídhleathach má íocann fostóir liúntas in áit cheart íosmhéid saoire reachtúil an fhostaithe a íoc ach amháin nuair a chuirtear deireadh leis an bhfostaíocht. Go ginearálta, ríomhtar do shaoire bhliantúil de réir na n-uaireanta atá oibrithe agat.
Má tá tú ag fágáil fostaíochta, tá tú i dteideal íocaíochta i dtaobh saoire bliantúla agus laethanta saoire poiblí nár tógadh roimh dheireadh na fostaíochta.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi shaoire bhliantúil sa leabhrán mínithe ar shaoire agus laethanta saoire phoiblí (pdf) nó ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
Mura bhfuil tú ag fáil do chearta saoire is féidir leat gearán a dhéanamh faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 agus an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.